Níos daingne fós atá greim Bhaile Átha Cliath ar Chraobh Laighean

Naoi bpointe an meán-fharasbarr a bhí ag Baile Átha Cliath sna 29 cluiche cúige a bhuaigh siad idir 2005 agus 2014

Imreoirí Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh tar éis Chraobh Laighean a bhuachan anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Imreoirí Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh tar éis Chraobh Laighean a bhuachan anuraidh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Beidh na chéad chluichí i gCraobh Peile Laighean na bliana seo á n-imirt an deireadh seachtaine seo deich mbliana i ndiaidh do Bhaile Átha Cliath ceannas iomlán a ghlacadh ar an gcomórtas.

Níor bhuaigh foireann na príomhchathrach ach aon cheann amháin den deich gcraobh idir 1996 agus 2005. Sa tréimhse sin, tháinig foirne ar nós chontae na Mí agus Cill Dara chun tosaigh. Bhuaigh an Mhí dhá Chraobh Uile-Éireann i 1996 agus 1999 agus shroich Cill Dara an cluiche ceannais i 1998. Chomh maith leis sin, bhuaigh Uíbh Fhailí agus Laois craobh an chúige don chéad uair le blianta fada agus, i 2004, bhuaigh an Iarmhí é den chéad uair riamh.

Sa deich gcraobh atá feicthe againn ó bhua na hIarmhí, níl ach bliain amháin nár bhuaigh Baile Átha Cliath an comórtas nuair a bhí deireadh ráite. B’shin an bhliain, 2010, ar thug cúl conspóideach Joe Sheridan an bua don Mhí ar an Lú.

Bhí tréimhsí eile ann nuair a bhreathnaigh sé nárbh fhéidir Baile Átha Cliath a shárú sa chúige, go háirithe nuair a bhí ‘Heffo’s Heroes’ i mbarr a réime sna seachtóidí ach níor mhair fiú ré na foirne sin chomh fada le tréimhse ceannasaíochta na ‘Dubs’ faoi láthair. Is é an chúis imní is mó faoin smacht iomlán seo atá ag Baile Átha Cliath ar Chorn Uí Dhubhshláine ná nach mbreathnaíonn sé go bhfuil aon fhoireann i gCúige Laighean in ann iad a stopadh ná baol air.

I gcraobhacha 2013 agus 2014, d’imir Baile Átha Cliath sé chluiche i gcoinne na hIarmhí, Chill Dara, Laois, Loch Garman agus na Mí (faoi dhó). Is iad seo na cúig fhoireann is mó sa chúige a mbeadh daoine ag súil go mbeadh siad in ann scrúdú de shaghas éigin a chur ar na seaimpíní ach, faraor, ní shin mar a tharla.

Sa sé chluiche sin, is é 14 phointe an meán-fharasbarr a bhí ag Baile Átha Cliath ar an bhfreasúra, agus bhuaigh siad cluichí ceannais Laighean i gcoinne na Mí le seacht bpointe i 2013 agus le 16 pointe anuraidh. Nuair a scrúdaítear na staitisticí go mion, is naoi bpointe é an mheán-fharasbarr a bhí ag Baile Átha Cliath sna 29 cluiche cúige a bhuaigh siad idir 2005 agus 2014.

Deirtear go bhfuil an cead atá acu a gcuid cluichí uile a imirt i bPáirc an Chrócaigh ar cheann de na cúiseanna go bhfuil an oiread fórlamhais acu ach fiú n-imreodh siad as baile anois agus arís, is in olcas atá na foirne eile sa chúige ag dul ó thaobh na hiomaíochta, go háirithe nuair a bhreathnaítear ar thorthaí na sraithe chomh maith.

Is iad foireann Jim Gavin an t-aon fhoireann ó Chúige Laighean a d’imir i Roinn 1 den tsraith i mbliana agus ní bheidh ach dhá fhoireann, an Mhí agus Laois, ag imirt sa dara roinn an bhliain seo chugainn. Chun é seo a chur i gcomparáid le foirne Chúige Uladh, ní bheidh ach ceann acu sin, Aontroim, a bheidh ag imirt taobh amuigh den chéad dá roinn den tsraith i 2016.

Nuair a mholtar leasuithe leis an ngreim daingean atá ag Baile Átha Cliath ar chraobh an chúige a bhogadh, is minic a bhítear ag iarraidh pionós a ghearradh ar fhoireann na príomhchathrach. Is iad, ‘gearr an chontae ina leath’, ‘bog amach as Páirc an Chrócaigh iad’, nó ‘cuir uasteorainn ar an méid airgid a chaitheann siad’, cuid de na moltaí atá curtha chun cinn le blianta beaga anuas.

go bhfuil buntáistí suntasacha ag foireann Jim Gavin, b’fhéidir gur cheart níos mó machnaimh a dhéanamh ar an méid is féidir leis na foirne eile a dhéanamh ar dtús chun an bhearna atá idir iad féin agus Baile Átha Cliath a laghdú. Ní hamháin go bhfuil na foirne eile i gCúige Laighean ag dul ar gcúl i gcomparáid le Baile Átha Cliath, ach tá siad ag dul ar gcúl i gcomparáid leis an gcuid eile den tír freisin.

Tá ‘galar fadtéarmach’ ar Chraobh Laighean faoi láthair agus ní dhealraíonn sé go dtiocfaidh biseach air go luath.

Fág freagra ar 'Níos daingne fós atá greim Bhaile Átha Cliath ar Chraobh Laighean'