‘Níorbh leosan an náire, ba linne í’ – leithscéal stáit gafa ag an Taoiseach le máithreacha agus leanaí na n-áras

‘Níorbh leosan an náire, ba linne í’ - leithscéal stáit gafa le máithreacha agus leanaí na n-áras

‘Níorbh leosan an náire, ba linne í’ – leithscéal stáit gafa ag an Taoiseach le máithreacha agus leanaí na n-áras

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur dualgas ar phoblacht é a bheith toilteanach glacadh leis an bhfírinne shearbh agus faoi ghnéithe dár stair a dhéanann míshuaimhneach sinn

Tá leithscéal thar ceann an stáit gafa ag an Taoiseach Micheál Martin as an “éagóir mhillteanach” a rinneadh ar dhaoine sna hárais máithreacha agus leanaí.

“Theip an Stát oraibh, máithreacha agus leanaí na n-áras,” arsa an Taoiseach.

“Thar ceann an Rialtais, an Stáit agus a shaoránaigh, gabhaim leithscéal as an éagóir mhillteanach a rinneadh ar feadh na nglúnta ar mháithreacha agus leanaí a cuireadh in áras Máithreacha agus Leanaí nó áras contae.

“Mar a deir an Coimisiún go neamhbhalbh, ‘níor chóir go mbeidís ann’.”

Foilsíodh inné tuarascáil nach mór 3,000 leathanach ina léirítear an ráta báis scanrúil a bhí in Árais Máithreacha is Leanaí na tíre seo agus an drochíde a bhí coitianta iontu. 

Dúirt an Taoiseach go raibh léargas sa tuarascáil ar Éirinn a bhí “doicheallach agus crua” agus gurbh iad na mná agus a leanaí sna hárais a bhí thíos leis an “bhfírinne ghruama náireach”.

“Ba mhaith liom béim a leagan air seo, bhí gach duine agaibh in institiúid mar gheall ar chionta daoine eile…ní dhearna aon duine agaibhse aon rud a bhí mícheart agus tá i bhfad níos fearr ná sin tuillte agaibh…”

Dúirt Martin gur deis a bhí i bhfoilsiú na tuarascála don tsochaí “teip mhór ó thaobh na comhbhá, na tuisceana agus na daonnachta bunúsaí” a aithint.

Thugamar ómós don chráifeacht ach theip orainn an cineáltas is lú a thaispeáint dóibh siúd is mó a bhí ina ghátar… Bhí dearcadh saofa amach is amach againn i leith na gnéasachta agus cúrsaí caidrimh agus b’éigean do mháithreacha óga agus a mic agus a n-iníonacha íoc go daor as.”

Dúirt an Taoiseach gur dualgas ar phoblacht é a bheith toilteanach glacadh leis an bhfírinne shearbh agus faoi ghnéithe dár stair a dhéanann míshuaimhneach sinn.

“Níorbh leosan an náire, ba linne an náire a bheith orainn nár léiríomar dóibh mar thír an meas agus bá a bhí ag dul dóibh, agus is linne an náire a bheith orainn i gcónaí,” a dúirt sé.

Gheall sé go dtabharfaidh an Rialtas aghaidh ar na moltaí  i dtuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí d’fhonn tús a chur le “cneasú na gcneácha” atá fós ar dhaoine.

Dúirt sé go gcaithfí foghlaim ó na botúin a rinneadh san am a caitheadh agus gur gá i gcónaí “iarracht a dhéanamh sochaí níos córa a chruthú” ina mbíonn meas ag daoine ar a chéile, ar an éagsúlacht agus ar an gcomhionannas.

Deirtear i dtuarascáil Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Leanaí nach raibh “aon fhoireann ghairmiúil” ag obair sna hárais ach “nárbh aon chabhair don ráta uafásach báis a fhuarchúisí agus a bhíothas coitianta faoin mbail a bhí ar na páistí a rugadh in árais máithreacha agus leanaí”.

Meastar sa tuarascáil go bhfuair 9,000 páiste bás san 18 institiúid sa 76 bliain idir 1922 agus 1998, nuair a dúnadh an t-áras deireanach.

Deirtear nár chuir aon duine aon cheist faoin ráta báis páistí a bheith chomh hard sin sna hárais ina gcoinnítí mná agus cailíní a bhí ag súil le páiste agus nach raibh pósta.

Deirtear sa tuarascáil gurbh iad aithreacha na bpáistí agus muintir na máithreacha ba mhó a bhí freagrach as an drochbhail a cuireadh ar mhná agus leanaí sna hárais.

“Ghlac institiúidí an stáit agus na n-eaglaisí leis an drochbhail sin, bhíodar páirteach inti agus thugadar tacaíocht di. Mar sin féin, caithfear a admháil gur chuir na hinstitiúidí seo tearmann ar fáil, dá chruálaí é, nuair nach raibh aon tearmann le fáil sa mbaile.”

Ní in Éirinn amháin a bhí na hionaid seo do mháithreacha agus do pháistí ach tá an-seans ann gur in Éirinn a cuireadh an líon is mó sa domhan máithreacha isteach sna hionaid sin sa bhfichiú haois.

Fág freagra ar '‘Níorbh leosan an náire, ba linne í’ – leithscéal stáit gafa ag an Taoiseach le máithreacha agus leanaí na n-áras'