Níorbh iontas ag an strainséir a cheapadh go mba buaite a bhí an Euro 88 againn

Ní fearacht Bainis Chána é, ba den fhíon ab fhearr ba thúisce a blaiseadh ag EURO 88 – cúl Ray Houghton in aghaidh na Sasanach in Stuttgart

Níorbh iontas ag an strainséir a cheapadh go mba buaite a bhí an Euro 88 againn

Cothrom an ama seo trí bliana déag agus fiche ó shin bhuail daol spórt nár facthas a leithéid riamh cheana an tír seo. Ba bheag geata, áras ná polla ó Chionn Mhálainne go Carn Uí Néid ná ó Cheann Bhinn Éadair go Ceann Léime nach raibh an bhratach thrídhathach crochta as.

Den chéad uair riamh bhí áit bainte amach ag foireann sacair na hÉireann i mórchomórtas idirnáisiúnta agus í ar cheann de na hocht dtír a bhí in adharca a chéile i gCraobhchomórtas na hEorpa a bhí ar siúl san Iar-Ghearmáin idir an 10 agus an 25 Meitheamh 1988.

Coicís a bhí inti a dhírigh súile an phobail ar chineál ócáide nár chleachtaíodar go dtí sin – cluichí chuile chúpla lá in aghaidh phlúr na bpeileadóirí as tíortha cáiliúla an tsacair. An pinsinéir agus an páiste chomh sáite céanna ann, ba chuma fireann nó baineann iad. Saoire phoiblí coicíse ar bhealaí go leor.

Ní fearacht Bainis Chána é, ba den fhíon ab fhearr ba thúisce a blaiseadh – cúl Ray Houghton in aghaidh na Sasanach in Stuttgart. Trí lá dár gcionn in Hanover, d’fhág cúl de chuid Ronnie Whelan chun cinn ar an Aontas Sóivéadach muid nó gur chothromaigh siadsan agus gan fanta ach ceathrú huaire.

Chiallaigh sin ar fad go dtabharfadh comhscór in aghaidh na hÍsiltíre áit i mbabhta leathcheannais dúinn. Agus

82 nóiméad imeartha déanta in Gelsenkirchen, bhí leathchos dá gcuid ansiúd go láidir nó gur chuir an bacach de Wim Kieft an liathróid san eangach.

Bhí an lá ann go mba thórramh a d’fhógródh a leithéid, áit a gcaoinfí deoir, a n-ólfaí braon agus a dtabharfaí suáilcí an chorpáin chun cuimhne don uair dheireanach…

‘Is é an trua nach bhfuair sé/sí tuilleadh saoil. Beidh sé deacair na bróga sin a líonadh.’

Ba ghaire d’ócáid Chána ná de thórramh a raibh ar siúl anseo agus deireadh imeartha sroichte ag Éirinn ag Euro 88. Níorbh iontas ag an strainséir a cheapadh go mba buaite a bhí an comórtas againn – níos airde fós a crochadh na bratacha idir na ceithre cheann tíre is sia óna chéile.

Nár fhiafraigh Jack Charlton féin an cheist céard a tharlódh sa gcás sin nuair a chuir 300,000 fáilte roimhe féin agus roimh a chuid laochra ar shráideanna na príomhchathrach ar fhilleadh dóibh – an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar dhuine acu. An oíche roimhe sin sa nGearmáin fuair Jack glaoch teileafóin ón Uachtarán, Pádraig Ó hIrghile.

Bhí tús curtha le seó bóthair glórmhar Jack Charlton agus a arm, fáinne fí ar baineadh 10 mbliana as.

Tuigeann aon duine a mhair lena linn go mba rud faoi leith a bhí ann, ach bhí dul amú mór orthu siúd a mheas go mba chomhartha é go raibh deireadh ag teacht leis an bhforlámhas a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael ar chúrsaí spóirt le 100 bliain roimhe sin.

An spleodar a bhí faoin bpléascadh nua seo a d’fhág roinnt daoine den tuairim sin. Bhí siad freisin ann ar bheag é a meas as ar an bpeil Ghaelach, ar an iománaíocht, ar an gcultúr agus ar an meon a bhain leo. Bhí gearrcach nua sa nead, a measadar sin go fonóideach.

Bhí dul amú orthu ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos níor thuig siad cé chomh préamhaithe sa bpobal agus a bhí CLG. Níor chuireadar san áireamh ach an oiread gur iondúil lena dtromlach siúd ar suim leo spórt a bheith geanúil ar chuile chineál iomaíochta. “Beagán den mhórán a mhéadaíonn do dhúil,” a deir an seanfhocal.

Fós féin, tá mé cinnte go raibh imní laistigh de Chumann Lúthchleas Gael féin faoin scéal. Tuige nach mbeadh?

Ach lean an saol ar aghaidh. Níos deireanaí an lá céanna ar fhill Charlton agus a bhuíon, bhí George O’Connor thar barr mar chosantóir ag Loch Garman nuair a bhuaigh siad ar Chill Chainnigh (4-12,2-16) i gCraobh Iomána Laighean, ba iad Declan Fogarty agus Joe Dooley a scóráil na cúil d’Uíbh Fhailí ina mbua ar Áth Cliath (2-13,2-10) sa mbabhta leathcheannais eile agus fuair Michael Mullins agus Tony O’Sullivan as na Piarsaigh 1-13 eatarthu i mbua Chorcaí ar an gClár (3-22, 2-9) i nDurlas Éile.

Faoi dheireadh an tséasúir chroch Conor Hayes Corn Mhic Cárthaigh ag céimeanna Ardán Uí Ógáin don dara bliain as a chéile. Choinnigh contae na Mí seilbh ar a gcoróin freisin, cé go raibh athimirt le seasamh in aghaidh Chorcaí acu sula bhfuair Joe Cassells greim ar Chorn Mhig Uidhir.

Agus tús curtha leis an eagrán is deireanaí de Chraobh Sacair na hEorpa an deireadh seachtaine seo tá creimeadh go leor faraor ar an mbonn a leag foireann ’88. Fós, ní móide go bhfuil duine sa tír nach bhfuil ag caitheamh ina dhiaidh nach bhfuil ionadaíocht againn ann. Níor theastaigh an t-ardú meanman riamh chomh géar.

Seachas Joxer, b’fhéidir!

Fágann amhrán Christy Moore faoina chuid eachtraí siúd sa nGearmáin in ’88 go mbeidh cuimhne ‘Joxer’ buanaithe go deo in intinn an Éireannaigh. Tá glúin iomlán tógtha anois nach raibh fiú ar an saol an uair sin – fós nuair a chanann an Mórdhach an t-amhrán faigheann siadsan boladh na stocaí lofa sa veain a thiomáin fear Inse Chór timpeall na Gearmáine. Tuigeann siad a chuid póite agus creideann gurb é a leigheas ná tosú arís.

Ach is mór idir an dá chraobh. Tá Euro 2020 agus á imirt i ndeich dtír faoi leith. Tharlódh go n-éireodh le Joxer dul ó Hampden Park go Wembley, go Amsterdam agus fiú go Cóbanhávan. Ach tá aistear 3,581km (2,225 míle) as Sevilla go Cathair Pheadair agus é 500km níos faide ná sin a dhul as Glaschú go Baku.

Ní móide go seasfadh an t-árthach ná an tiománaí an turas – ní áirím an póca.

Fág freagra ar 'Níorbh iontas ag an strainséir a cheapadh go mba buaite a bhí an Euro 88 againn'