‘Níor vótáil mé do mhuintir Healy Rae ach níl aon ghlacadh agam leis an magadh fúthu’

Níl muintir Healy Rae gan locht ná baol air ach ná bí ag caitheamh anuas orthu mar gheall ar a gcanúint ná an chuma atá orthu

Healy Rae Michael Danny

Gligíní gan fód iad polaiteoirí ar uairibh, go háirithe nuair a chuireann duine nó rud éigin nua isteach ar ghnáis a gcumann agus a gclub. Léirigh Príomh-Aire na Breataine é seo i Westminster le déanaí nuair a chuir sé na cosa beaga uaidh agus é ag fógairt ar cheannaire an fhreasúra Jeremy Corbyn crot agus cuma a chur ar a charbhat agus culaith éadaigh le dealramh a cheannach dó féin. Inár nDáilín bheag féin bhí an Ceann Comhairle Séan Barrett oiriúnach le ceangal nuair a tháinig leithéidí Ming Flanagan, Richard Boyd Barrett agus Mick Wallace chun na Dála agus – go bhfóire Dia orainn agus an Dia céanna idir sinn agus gach olc – péirí jeans acu á gcaitheamh. Go deimhin thriail sé cód éadaigh a thabhairt isteach chun smacht agus slacht a choimeád ar na Teachtaí Dála.

Le 90 bliain anuas ní raibh de dhifríocht idir fhormhór mór na bpolaiteoirí ach an ‘FF’ nó an ‘FG’ a bhí ar a suaitheantais um thoghchán. Bhíodar ar fad, a bheag nó a mhór, mar a chéile maidir le stíl éadaigh, stíl chainte agus fealsúnacht. Ba dhóbair gur thit an t-anam as cuid de na seanphortáin nuair a toghadh Tony Gregory chun na Dála i 1982 gan aon charbhat air agus blas breá Bhleá Cliath ar a chuid cainte. Ní maith le ‘club na seanbhuachaillí’ sa Dáil, ná a lucht tacaíochta agus a gcairde sna meáin, an rud atá éagsúil nó difriúil.

Rith sé seo liom agus cuid den dtráchtaireacht fé thoghadh na ndeartháireacha Healy-Rae á léamh agam. Dúradh go mba cheart náire a bheith ar phobal Chiarraí as 30,000 vóta céadrogha a thabhairt dóibh, ná rabhadar oiriúnach don Dáil agus go ndéanfaidís ceap magaidh dár bparlaimint uasal mhaorga. Náireofar os comhair an tsaoil mhóir sinn nuair a chloisfear a gcanúint. Abair, in ainm Chroim, bíonn caipíní orthu. Nach bhfuil a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil an ball éadaigh úd róchomónta do pholaiteoirí uaisle.

Anois, ar eagla go gceapfadh éinne gur ‘gárthóir molta’ de chuid mhuintir Healy-Rae mise, níor mhiste dom a rá nach raibh mo vóta i measc an 30,000 vóta úd. Tá fadhbanna agam leo ar scata cúiseanna. Ach ní hé sin le rá go bhfuil aon ghlacadh agam leis an gcleithmhagadh atá ag teacht ina dtreo le tamall.

Má táid le cáineadh agat, déan iad a cháineadh toisc gur léir gur polaiteoirí iad a thugann tús áite dá gceantar féin agus atá ar nós cuma liom fé cheisteanna náisiúnta a bhaineann linn ar fad mar Éireannaigh (chaitheas gáirí nuair a chuala urlabhraí dá gcuid ar RnaG inné a d’fhreagair “seachbhóthar Mhaigh Chromtha” nuair a ceistíodh é maidir le polasaithe ‘náisiúnta’ mhuintir Healy-Rae).

Bí á gcáineadh toisc go dtugaid le fios gur gnáthbhochtáin gan tráithnín d’fhortún iad cé gur thuill Healy-Rae Plant Hire Ltd. geall le €300,000 sa bhliain le blianta maithe anuas ó Chomhairle Contae Chiarraí. Bí á gcáineadh toisc go raibh ceap magaidh á dhéanamh acu de na córais liúntas áitiúla agus náisiúnta. Ach ná bí á gcáineadh nó ná bí ag magadh fúthu mar gheall ar a gcanúint nó toisc an chuma atá orthu.

Ba cheart dúinne go háirithe mar Ghaeil an pointe deiridh seo a thuiscint; nuair a deireann Michael abairt ar nós “above in Dublin inside in the Dáil” tabhair fé ndeara gur Gaelainn atá á labhairt aige ach gur focail Bhéarla atá ann (“thuas i mBleá Cliath istigh sa Dáil”). Ní lochtódh canúint mar sin éinne agus tá mórán daoine a labhrann mar sin i gCiarraí agus i gcontaetha tuaithe eile.

Ní haon ionadh go bhfuaireadar vóta chomh hard, mar tá an chuma ar an scéal gur ghéill pobal Chiarraí don insint ar an scéal a bhí á spalpadh ag tráchtairí agus polaiteoirí le roinnt mhaith blianta anois. Tá an tuairim go mór i dtreis fós gurb iad Fianna Fáil a chreach an tír, agus níl a bpeaca maite dóibh ag gach éinne. Creidtear gur fhág rialtas Fhine Gael/An Lucht Oibre pobail na tuaithe in áit na leathphingine agus gur ar chathracha Bhleá Cliath agus Chorcaí a bhí aird an rialtais dírithe i dtaobh feabhas a chur ar chúrsaí eacnamaíocha. Ní gá duit ach féachaint timpeall an chontae chun a fhianaise sin a fheiscint; gabh tríd bailte Thrá Lí, Chill Airne agus Chill Orglan agus cífir  monarchana móra tréigthe, tá óige Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh ag tógaint clainne in Perth na hAstráile agus Montréal Cheanada, tá an áit breac le hoifigí poist, siopaí agus pubanna dúnta. Tá bóithre i gcomharsanacht an Daingin agus an chuma orthu gur istigh i lár Aleppo atáid.

Rud amháin atá siúráilte glan deimhnitheach; tá sainúdarás daonlathach fachta ag na Healy-Raes ó mhuintir Chiarraí. Tabhair fé ndeara go bhfuair Michael níos mó vótaí céadrogha ná mar a fuair an Taoiseach agus an Tánaiste le chéile. Is léir gur chreid na daoine caint na Healy-Raes, is é sin go raibh smart-alecs Bhleá Cliath beag beann ar riachtanais na Ríochta, pé acu an fíor nó bréagach é sin.

Dála fhormhór na bpolaiteoirí eile, táid tar éis na hoirc is na hairc a gheallúint do mhuintir Chiarraí. Neosfaidh an aimsir an mbeidh faic dá bharra againn.

Fág freagra ar '‘Níor vótáil mé do mhuintir Healy Rae ach níl aon ghlacadh agam leis an magadh fúthu’'

  • máire

    léargas níos fearr níor tugadh ó thús an fheachtais

  • Tracey

    Ana-phíosa, a Dháithí.

  • Darragh Ua Caoimh

    Anailís géarchúiseach. Ní aontóinn leat fé cheist an chóid éadaigh, áfach. Dar liom go léiríonn daoine ar nós Mick Wallace droch-mheas don Oireachtas don Dáil agus do mhuintir na tíre go ginearálta nuair a chaitheann siad jeans agus a leithéid sa Dáil. Bíonn culaith agus carbhat á gcaitheamh ag Michael Healy-Rae agus Jeremy Corbyn ar a laghad.

  • Feardorcha

    Cén ar a laghad atá agat? Níl sa charbhat ach coiléar an sclábhaí, faic eile. Cén meas a léiríonn sé ach gur cime thú, ar nós an gcuid eile de na priompalláin.
    Tá drochmheas i bhfad níos measa léirithe ag na daoine sna cultacha galánta ormsa, ortsa agus ar mhuintir na tíre seo ná a léirigh aon duine i bpéire jeans riamh.