‘Níor tugadh aon gheallúint d’Aisling Ghéar faoi mhaoiniú breise a bheith ar fáil i mbliana’ — Foras na Gaeilge

Mhaígh Aisling Ghéar níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil na healaíona Gaeilge faoi bhagairt ag Foras na Gaeilge mar gheall ar na ciorruithe atá déanta ar a mbuiséad le deich mbliana anuas.

‘Níor tugadh aon gheallúint d’Aisling Ghéar faoi mhaoiniú breise a bheith ar fáil i mbliana’ — Foras na Gaeilge

Níor thug Foras na Gaeilge aon gheallúint don chompántas drámaíochta Aisling Ghéar maidir le maoiniú breise ag cruinniú a bhí ag lucht stiúrtha an chompántais leis an bhForas mí na Nollag seo caite.

Mhaígh Aisling Ghéar  an tseachtain seo caite go bhfuil na healaíona Gaeilge “faoi bhagairt ag Foras na Gaeilge” mar gheall ar na ciorruithe atá déanta ar a mbuiséad le deich mbliana anuas.

I ráiteas a d’eisigh Aisling Ghéar le deireanas, maíodh gur thug ball d’Fhoras na Gaeilge le fios go mbeadh airgead breise ar fáil don chompántas in 2017, agus 20 bliain a bhunaithe á gceiliúradh ag an gcomhlacht drámaíochta.

“Ag cruinniú le Foras na Gaeilge i mí na Samhna, rinne muid cur i láthair maidir leis na pleananna seo, ag míniú dóibh nach dtiocfadh linn seo uilig a bhaint amach leis an maoiniú a bhí á chur ar fáil dúinn le dornán blianta anuas.

“Dúirt baill den eagraíocht linn ag an gcruinniú gur chinnte go mbeadh ‘rud éigin’ sa bhreis d’Aisling Ghéar, ach seachas sin gearradh ár ndeontas arís eile,” a dúradh i ráiteas a eisíodh le deireanas.

Tá an méid sin séanta ag Foras na Gaeilge, áfach, a dúirt nach dtugtar aon gheallúint maidir le maoiniú riamh.

“Bhuail feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge le hionadaí ó Aisling Ghéar ar an Máirt, an 6 Nollaig 2016 ach níor tugadh aon ghealltanas maidir le cúrsaí maoinithe. Ní féidir le Foras na Gaeilge aon ghealltanas a thabhairt riamh maidir lenár scéimeanna iomaíocha oscailte a fhógraítear ar bhonn uile-oileáin,” a dúirt urlabhraí de chuid an Fhorais le Tuairisc.ie.

Thug Foras na Gaeilge le fios gurb iad Aisling Ghéar a fuair an deontas is mó i mbliana as na 18 complacht a chuir isteach ar Scéim na gComplachtaí Drámaíochta. Fuair 17 complacht acu sin suimeanna éagsúla ón bhForas, idir €1,000 agus €26,000. Is chuig Aisling Ghéar, áfach, a tugadh an maoiniú is mó — €29,000.

“Cé gur ábhar dóchais é líon na gcomplachtaí drámaíochta a chuir isteach ar Scéim na gComplachtaí Drámaíochta le cúpla bliain anuas, grúpaí nua, ach go háirithe, is oth linn gur laghdaíodh an buiséad don scéim seo i measc roinnt mhaith scéimeanna eile,” a dúirt urlabhraí an Fhorais.

Dúradh go bhfuil “éacht” déanta le 20 bliain anuas ag an gcompántas, atá ar cheann de na complachtaí drámaíochta is mó atá ag saothrú i réimse na drámaíochta Gaeilge.

“Aithníonn Foras na Gaeilge an obair mhór atá déanta ag Aisling Ghéar i réimse na drámaíochta Gaeilge agus tá aitheantas tugtha ag Bord Fhoras na Gaeilge don mhéid atá bainte amach acu thar na blianta. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge le tacú lena gclár oibre le breis agus 10 mbliana,” a dúradh.

Mhaígh Aisling Ghéar an tseachtain seo caite gur gearradh a mbuiséad 70% ó bhí 2007 ann, nach féidir leo clár comórtha na bliana seo a chur i gcrích agus nach mbeidh an compántas in ann leanúint ar aghaidh mar atá i ndiaidh mhí Feabhra 2018.

Fág freagra ar '‘Níor tugadh aon gheallúint d’Aisling Ghéar faoi mhaoiniú breise a bheith ar fáil i mbliana’ — Foras na Gaeilge'

  • Concubhar

    Ar ndóigh is dócha ná a mhalairt gur dúirt feidhmeannach an Fhorais go mbeadh airgead breise ann do Aisling Ghéar mar gheall ar an bplean uaillmhianach a chuir siad ós a gcomhair agus gur thug le tuiscint doibh go mbeadh rud éigean sa bhreis ann. B’fhéidir nach ‘geallúint’ a bheadh ann ach is é an saghas rud a thabharfadh dóchas duit go mbeadh cúpla Euro/púnt sa bhreis ann – agus, cinnte, nach mbeadh ciorrú.
    Bhíos i láthair ag féile Aisling Ghéar agus scoth fhéile a raibh ann. Seachas an chéad oíche nuair a labhair ionadaí ón Fhorais ag an seoladh, ní fhaca mé feidhmeannach nó comhalta ag aon cheann de na drámaí. Léiríonn seo go leor mar gheall ar suim an eagrais sa dramaíocht agus sa Ghaeilge.