Níor tháinig oiread is breac ná turasóir breise amháin go hÁrainn de bharr an €50 milliún a chaith Éamon Ó Cuív ar chéibh Chill Rónáin

Mheallfaí línéir a bheadh lán le turasóirí go Ros an Mhíl ach an calafort domhainmhara a bheith forbartha

Níor tháinig oiread is breac ná turasóir breise amháin go hÁrainn de bharr an €50 milliún a chaith Éamon Ó Cuív ar chéibh Chill Rónáin

Rinne Kevin O’Hara beart maith nuair a d’éirigh leis tuarascáil faoi chalafort Ros an Mhíl a chartadh amach as an oifig ina raibh sí coinnithe le fada. Is cosúil go raibh na húdaráis ag iarraidh an tuarascáil a phlúchadh mar thóg sé tamall maith air a chur ina luí orthu í a chur ar fáil dó.

Sheas Kevin O’Hara do Shinn Féin i gConamara Theas sa toghchán áitiúil. Níor éirigh leis suíochán a bhaint amach ach má leanann sé air ag obair mar atá sé a dhéanamh faoi láthair déanfaidh sé an beart an chéad gheábh eile.

Ba é bunbhrí na tuarascála faoi chalafort Ros an Mhíl gur mhaith ab fhiú forbairt mhór a dhéanamh ar an gcalafort sin.

Dá mbeadh comhoibriú idir Éamon Ó Cuív agus Frank Fahy nuair a bhí cumhacht agus airgead acu bheadh calafort breá domhainmhara i Ros an Mhíl cheana féin.

Chaith Éamon Ó Cuív os cionn 50 milliún euro ar chéibh Chill Rónáin. Dúirt innealtóir a bhí ag plé leis an obair ansin nach ndearnadh anailís costais agus tairbhe ar bith ar fhorbairt chalafort Chill Rónáin.

“Dá ndéanfaí ní ligfí an obair chun cinn mar a rinneadh,” a dúirt sé. Bhí aoibh an gháire air agus é á rá.

Tá rud amháin cinnte agus is é sin nár tháinig oiread is breac amháin ná turasóir breise amháin go hÁrainn de bharr na hoibre. Dúirt duine eile a bhí ar an eolas é féin go gcuirfeadh leath an airgid a caitheadh caoi mhaith ar an gcéibh chéanna.

Dá ndéanfaí calafort domhainmhara i Ros an Mhíl rachadh sé chun tairbhe d’Árainn chomh maith le leas a dhéanamh ar an mórthír.

Thiocfadh tionscail chun cinn in aice an chalafoirt athchóirithe. Tá réimse talún ansin ag Údarás na Gaeltachta.

Is gearr a thógfadh sé ar dhaoine as Árainn taisteal chun oibre i Ros an Mhíl dá mbeadh an fonn sin orthu. Tá báid farantóireachta ann a bheadh in ann freastal orthu.

“Ní fhéadfá mórán calafort a fháil is feiliúnaí le forbairt ná Ros an Mhil,” a dúirt Máistir Cuain chalafort Ros an Mhíl liom lá. “Calafort foscúil atá ann,” a dúirt sé, “agus dá ndoimhneofaí é bheadh longa móra in ann a theacht isteach ann.”

Tá monarcha éisc Ros an Mhíl dúnta cheal báid mhóra iascaireachta a bheith ag teacht sa gcalafort. Taobh amuigh d’Éirinn a chuirtear 80% d’iasc na hÉireann i dtír. Cuimhnigh go raibh na céadta ag obair sa monarcha éisc i Ros an Mhíl san am a caitheadh.

Ach ní iasc amháin a d’fhéadfaí a mhealladh go Ros an Mhíl ach turasóirí freisin – línéir a bheadh lán le turasóirí. Tá imní ar údaráis chalafort na Gaillimhe go dtiocfadh na turasóirí go Ros an Mhíl. Sin é an fáth a bhfuil siad ar a míle dícheall ag iarraidh éileamh Ros an Mhíl a dhamnú agus a chur faoi ráta.

Is mó an imní atá forbairt chalafort na cathrach ná calafort an chontae a chur ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is é a fhearacht sin ag Údaráis phoiblí eile é.

Cá hionadh go ndearnadh iarracht cos a bhualadh chomh fada agus ab fhéidir ar an tuarascáil a d’éirigh le Kevin O’Hara a thabhairt os comhair an phobail.

Fág freagra ar 'Níor tháinig oiread is breac ná turasóir breise amháin go hÁrainn de bharr an €50 milliún a chaith Éamon Ó Cuív ar chéibh Chill Rónáin'