Níor sheachain Brian McEniff na deacrachtaí a bhí le sárú aige

Bhuaigh Dún na nGall craobh na hÉireann in 1992, ach is iomaí duine a bheadh den tuairim go raibh ar tharla in imeacht cúpla mí i 1972 ina ghaisce chomh mór céanna

Níor sheachain Brian McEniff na deacrachtaí a bhí le sárú aige

Níl sé ach cúpla seachtain ó shin ó mheabhraigh mé daoibh go mba chothrom an ama seo 50 bliain ó shin a ceapadh Brian McEniff ina bhainisteoir ar fhoireann shinsearach peile Dhún na nGall. 

Bhí misneach ag an 84 teachta a vótáil dó ag an gcruinniú bliantúil. Níor bhain sé le stair Chumann Lúthchleas Gael go gceapfaí fear a bhí fós i mbun imeartha i gceannas foirne. 17 vóta a bhí le spáráil ag Mac Con Duibh ar an iarrthóir eile, Aibhistín Ó Cochláin as na Frosa. 

Seans go gcuireann a laghad de bhearna agus a bhí eatarthu iontas ort. Ní mór a chur san áireamh nach raibh cáil Mhic Con Duibh amuigh an uair sin i gcomparáid leis an lá inniu nuair atá aithne leitheadach air. Ag an tráth sin ba in iarthuaisceart na tíre amháin a bhí eolas ar a chumas imeartha. Le theacht fós bhí an chaoi a bhfágfadh sé lorg a láimhe ar a chontae dúchais.

Contae a bhí ann a raibh sé ag dul dian le húdaráis CLG ansiúd na ceantair éagsúla a thabhairt le chéile. Ní acusan amháin a bhí a leithéid de dheacracht. Fós féin cloistear daoine ar fud na tíre ag éagaoin go bhfaigheann limistéir áirithe tús áite ar a gceann féin.

Comórtas mór a bhuachan an rud is scafánta a chuireann an ruaig ar éad agus easaontas den chineál sin, ach ba léir do McEniff nach gan stró a thiocfadh a leithéid sin an bealach ach an oiread.

Sa tsraithchomórtas a raibh leath di imeartha nuair a tháinig sé i gceannas, bhí an bua faighte ag Lú agus ag Liatroim orthu roimh Nollaig. Agus é tagtha i réim san athbhliain, rinne An Iarmhí, Liatroim agus an Cabhán an cleas céanna leo.

Bhí lorg den ísle brí le tabhairt faoi deara go láidir ag an gcoinbhinsiún ag ar ceapadh é. Dúirt teachta amháin nach ndéanfaí aon mhaith go dtabharfaí isteach duine ón taobh amuigh.

Tuairim a bhí ansin ar aontaigh na himreoirí freisin leis de réir an Donegal Democrat, ‘to take the local element out of selection’.

Agus é ceaptha, níor sheachain Brian McEniff na deacrachtaí a bhí le sárú aige ach an oiread. ‘Easpa aclaíochta agus easpa muiníne atá ag milleadh na foirne seo agus ní mór dóibhsean freisin freagracht a ghlacadh,’ a dúirt sé.

Agus trí chluiche sraithe imithe faoina chúram déarfá gur bheag d’amharc a bhí ar dhul chun cinn – comhscór in aghaidh Mhuineacháin. B’in eile. 

Dream cloíte ab ea lucht leanta Dhún na nGall, ar shiúil amach díobh as Páirc an Athar Uí Thiarnaigh i mBéal Átha Seanaidh ar an Domhnach deireanach de mhí Feabhra 1972 – an bua faighte ag an gCabhán orthu sa gcluiche deiridh sraithe. É le rá fúthu gur thug an tábla le fios go mba iad Liatroim an t-aon fhoireann in Éirinn ba mheasa ná iad.

Dá ndéarfá leo go mbeidís suite i bPáirc an Chrócaigh sé mhí dár gcionn ag breathnú ar Chluiche Leathcheannais na hÉireann, chuirfidís de chic isteach san Éirne tú. 

Agus ní thógfá orthu é.

Bhí Craobh Uladh os cionn ceithre scór bliain ar an saol, gan é buaite riamh acu féin (ná ag Fear Manach) agus fanacht beagnach chomh fada céanna orthu gur ndeachaigh na Conallaigh chomh fada leis an mbabhta ceannais. Nuair a tharla sin féin i 1963 bhuaigh an Dún orthu, mar a rinne siad arís 3 bliana dár gcionn.

Ní hé go bhfuair foireann Brian McEniff mórán deis mhachnaimh lena gcás a scrúdú agus Sraithchomórtas 1972 críochnaithe. Chuaigh sé féin agus a fhoireann chun páirce arís an Domhnach dár gcionn i gCorn Mhic Cionnaith, áit ar bhuaigh siad ar Mhuineachán. Faoi dheireadh an Aibreáin bhí seaimpíní reatha an chúige, an Dún, imeartha faoi dhó acu sa gcomórtas céanna.

An Dún a bhuaigh an athimirt, ach fuarthas an chéad léargas ceart ar ghliceas an bhainisteora. Bhí siad féin agus an Dún lena chéile ag imirt arís i gCraobh Uladh cúpla seachtain dár gcionn. Faoin am a dtáinig sin bhí athrú mór ar an bhfoireann a chuir McEniff chun páirce sa gcraobh seachas an ceann a chlis in athimirt Mhic Cionnaith.

Ag imirt anois bhí Pádraig Mac Sé, an captaen Frankie, Declan O’Carroll agus Séamus Granaghan as Bun Dobhráin a fuair an cúl cinniúnach sa mbua, 1-8, 0-8 – curaidh Uladh na bliana roimhe sin curtha de dhroim seoil ag na Conallaigh.

Joe Winston a thuill athimirt do Dhún na nGall sa mbabhta leathcheannais in aghaidh an Chabháin (0-12, 2-6). Faoi seo, bhí cuma níos aclaí orthu chuile uair a ndeachaigh siad chun páirce – Antóin Ó Cearbhaill as Gaoth Dobhair istigh don athimirt a bhuaigh foireann Mhic Con Duibh (2-11, 0-9).

I gCluiche Ceannais Chúige Uladh bhuaigh siad ar Thír Eoghain 2-13, 0-11 – Michael Sweeney agus Séamus Bonner a fuair na cúil agus fuair an bainisteoir é féin cúilín as an imirt.

Bhí fanacht scór bliain eile ar Dhún na nGall sular éirigh leo corn Mhig Uidhir a bhuachan. McEniff a bhí ina bhainisteoir freisin an uair sin, cé go raibh an cúram fágtha ina dhiaidh agus glactha ar ais aige cúpla geábh idir an dá linn. 

Sin go cinnte an lá is mó i stair na peile sa chontae ach is iomaí duine a bheadh den tuairim go raibh ar tharla in imeacht cúpla mí i 1972 ina ghaisce chomh mór céanna.

Fág freagra ar 'Níor sheachain Brian McEniff na deacrachtaí a bhí le sárú aige'