Níor sháraigh rogha amhráin bhuaiteoir Chorn Uí Riada aon riail – moltóir

Tá cosaint láidir déanta ag saineolaithe sean-nóis ar cheart iomaitheoirí amhrán sean-nóis le fonn nua a chasadh

Níor sháraigh rogha amhráin bhuaiteoir Chorn Uí Riada aon riail – moltóir

Tá ráite ag Lillis Ó Laoire, duine de na moltóirí ar Chomórtas Chorn Uí Riada i mbliana, nár sáraíodh aon riail maidir le ceann de na hamhráin a dúirt an buaiteoir Máire Ní Choilm sa chomórtas náisiúnta sean-nóis.

Chan an t-amhránaí as Mín an Iolair i nGaoth Dobhair ‘A Óganaigh Óig’, amhrán as Oirialla ar chuir an t-amhránaí Ultach aitheanta agus cumadóir Pádraigín Ní Uallacháin fonn nua leis.

Nuair a ardaíodh ceist ar an leathanach Facebook ‘Gaeilge Amháin’ faoi amhrán dá leithéid a bheith á chasadh sa chomórtas, dúirt Lillis Ó Laoire go raibh “fasach” ann chuige. Dúirt an t-amhránaí agus scoláire gur casadh cheana i  bpríomhchomórtas an tsean-nóis seanamhrán a raibh fonn nua curtha leis.

Tharla sin ag Corn Uí Riada ag Oireachtas 1993 nuair a thug Nóra Ghriallais as Muiceannach Idir Dhá Sháile léi an corn agus amhrán nuachumtha, idir fhonn is fhocail, ráite aici.

“‘Dhá amhrán dhúchasacha’ an riail atá leagtha síos agus is cinnte nár sáraíodh an riail sin i ’93 ná i mbliana,” a dúirt Ó Laoire.

Mar fhreagra air sin, dúirt an t-iarchraoltóir Máirín Mhic Lochlainn, an té a d’ardaigh an cheist ar dtús faoi rogha amhráin bhuaiteoir na bliana seo go rabhthas ann a bhí míshásta chomh maith le rogha amhráin Nóra Ghriallais i 1993.

Dúirt Máirín Mhic Lochlainn freisin gur cheap sí “gur cheart an t-amhrán is an ceol a bhí leis an amhrán ó thús ama a leanacht.”

Dúirt sí go raibh gá le díospóireacht faoin sean-nós.

Lillis Ó Laoire

“Ach an cheist atá agam, ar cheart an ceol a bhí le hamhráin cheana féin a athrú? Sílim gur chóir díospóireacht a bheith ann faoi céard is amhrán ar an sean-nós ann? An sean-nós é an t-amhrán suantraí, mar shampla? Ar cheart an ceol a athrú? An sean-nós é amhrán nuachumtha ar stíl an tsean-nóis? Dá gcuirfí fonn snagcheoil le ‘Caisleán Uí Néill’ an amhrán sean-nóis i gcónaí é?” a dúirt sí.

Dúirt Pádraigín Ní Uallacháin, ceoltóir, craoltóir agus údar an leabhair aitheanta A Hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, go raibh “dúrud liricí amhrán a bailíodh le breis is céad bliain ina luí i gcartlanna – i bhfad níos mó ná mar atá sa traidisiún beo” agus go gcaillfí na liricí sin mura gcuirtear ceol nua leo.

“Mura mbeadh spreagadh agus saothrú na cumadóireachta ar an stíl thraidisiúnta ann, leis na hamhráin seo a chur ar ais i mbéal an phobail, bheadh an tobar amhrán iontach tirim ar fad, do na glúnta atá le theacht.

“Chítear domsa, fosta, nach chun tairbhe an traidisiúin é an oiread sin amhrán a bheith canta leis an fhonn chéanna, mar shampla ‘The Rocks of Bawn/Skibereen’,” arsa Pádraigín Ní Uallacháin.

Dúirt Ní Uallacháin go mbaineann an sean-nós “níos mó le stíl amhránaíochta agus ceird an ealaíontóra mar amhránaí agus le canóin na n-amhrán”.

Dúirt sí gur cinnte nach sean-nós a bheadh i gCaisleán Uí Néill dá ndéarfaí le fonn snagcheoil é.

“Is féidir an cheist chéanna a chur faoin cheol uirlise nuachumtha – an ceol traidisiúnta é sin? Is ea gan amhras mar go bhfuil na foinn damhsa cumtha i stíl thraidisiúnta acu siúd a thuigeann struchtúr an cheoil go smior.

“Maireann i gcónaí an stuif is fearr agus is éifeachtaí. Is comhartha folláin é an chumadóireacht leanúnach. Tá ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ anois i gcroílár an traidisiúin dhúchasaigh ach is ceol ‘nuachumtha’ é agus is cinnte nach é an bunleagan a chum Peadar Ó Doirnín,” a dúirt Ní Uallacháin.

Fág freagra ar 'Níor sháraigh rogha amhráin bhuaiteoir Chorn Uí Riada aon riail – moltóir'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Tá an léann agus an dúchas ag Pádraigín agus ag Lillis. Is iomaí amhrán a bheadh caillte murach iad. Ní chun leas ár ndúchais é dul chun spairne le ceachtar acu.

  • Seán Ó hAodha

    Peadar Ó Dubhda (1881–1971) as Dún Dealgain a chum an fonn álainn a ghabann leis an dán ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ a chum an file Ultach Peadar Ó Doirnín (c. 1700 – 1769). Tá an t-amhrán sin á casadh i nGaeltacht Tír Chonaill ó na 1920daí ar aghaidh leis an fonn nua a chuir Peadar Ó Dubhda leis.

  • Séamus

    Spéisiúil go maith mar cheist, measaim. Rith sé sin liom cúpla uair thar na blianta, an féidir amhrán ‘nua’ a cheol le linn comórtais den saghas seo nó leagan éasgúil d’amhrán nó an mbeidís dian air sin. Is maith liom a chloisteáil nach bhfuil sna rialacha ach ‘amhráin dúchasacha’. Is dóigh liom gurb é sin an chur chuige is fear agus is ciallmhaire. An duais tuillte ag Máire Ní Choilm at aon nós.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Sílim féin nach bhfuilear ag tabhairt aire don amhránaí anseo – nach é an stíl amhránaíochta atá i gceist agus nach mar sin a chas Máire a hamhrán, beag beann ar an bhfonn?

  • Máire Dermody

    Sílim féin gur cheart éisteacht leis an sean-nós Is seoid luachmhar ón ár sinsear atá ann agus ní gá a dhul ag spochadh leis.