Níor mhór plé níos doimhne a dhéanamh faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt

Agus Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt á phlé is gá aghaidh a thabhairt ar thrí bhuncheist

Níor mhór plé níos doimhne a dhéanamh faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt

Shílfeá ag breathnú dhuit ar an gclár sin faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt an oíche faoi dheireadh , The Long March gur do lucht féachana i Meiriceá a rinneadh é. Ar ndóigh b’fhéidir gurbh ea cuid mhaith: is cosúil nach féidir clár faisnéise teilifíse ar bith a dhéanamh sa tír seo anois gan leathshúil a bheith ag lucht a dhéanta ar mhargadh Mheiriceá.

Cinnte is maith an rud é go ndéanfaí ceangal áirid idir na gluaiseachtaí cearta sibhialta a bhí ar fud an domhain i 1968 ach teastaíonn clár níos doimhne ná sin le cás an Tuaiscirt a léiriú.

Níor mhór trí cheist a fhreagairt:

1. Cén dream a chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt ar bun?

2. Cé na haidhmeanna a bhí acu?

3. Cén fáth ar tháinig deireadh leis an nGluaiseacht agus gur tháinig lucht an ghunna chun cinn?

Maidir leis an gcéad cheist ní dhearnadh tagairt dá laghad don chruinniú cinniúnach úd a bhí i Machaire Rátha i gContae Dhoire mí Lúnasa 1966.

Ar bhealach amháin bhí an ceart ag na hAontachtóirí nuair a dúirt siad gur Poblachtaigh agus Cumannaigh a bhí taobh thiar den Ghluaiseacht.

Poblachtaigh a bhí iontu sular tharla an scoilt nuair a bhí meon nua ag teacht chun cinn ina measc, tionchar na ‘Stickies’, mar a tugadh orthu ina dhiaidh sin.

Níor chuimhnigh aon duine is cosúil ceist a chur ar Eoghan Harris. Creid é nó ná creid, bhí baint mhór aigesean leis an gcruinniú.

Níor tráchtadh beag ná mór ar an gCumannach tréan, Betty Sinclair.

Níor míníodh tionchar Roy Johnston ná Anthony Coughlan.

Níor labhraíodh ar Chathal Goulding.

Mar is gnách ní raibh an clár dhá nóiméad ar bun nuair a taispeánadh John Hume.

Tá a fhios ag an saol gur fear maith a bhí i John Hume i gcónaí ach níorbh é a bhunaigh Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt.

Is cuimhin liom gur dhúirt mé é sin suas lena bhéal oíche a raibh sé féin agus scata againn ag ól i dteach tábhairne i Strasbourg. Ba theannach leis a rá gurbh eisean a bhí i mbun agus i mbarr na Gluaiseachta ó thús.

Dúirt mise leis go dtug sé a éitheach agus tharraing mé anuas cruinniú Mhachaire Rátha chuige. Tháinig iriseoir as an Irish Times anall chugam tar éis tamaill agus rinne sé comhghairdeas liom.

Bíonn sé anseo go minic, a dúirt sé, ag aithris an scéil ar an gcaoi sin agus ní raibh sé de mhisneach ag aon duine é a cheistiú go dtí anocht.

Thaithnigh sé liom go raibh Ivan Cooper le feiceáil sa gclár cé nár tarraingíodh aird ar bith ar a chabhair siúd.

Cuimhnigh gur Protastúnach é agus go raibh sé báúil go leor leis na hAontachtóirí ina óige.

Chaith mé cúpla bliain in aon teach lóistín leis i gCathair na Mart agus is muid a d’fhaigheadh an sásamh as a bheith ag breathnú ar a pháirt sna léirsithe i nDoire ar an teilifís agus ag séideadh faoi nuair a thagadh sé anuas aríst chugainn Dé Luain.

Maidir leis na haidhmeanna a bhí ag na daoine sin a tháinig le chéile i Machaire Rátha, bhí siad soiléir go leor: cearta sibhialta a bhaint amach ó thaobh tithíochta, cead vótála, srl.

Níor bhac siad le bheith ag pápaireacht faoi athaontú na tíre. Ba é a gcreideamh dá mbainfí na cearta amach go gcuirfeadh sé athrú ó bhun ar an saol ó thuaidh: nach mairfeadh an stáitín, ós ar shéanadh cearta a bhí an stáitín bunaithe.

Ba mhinic a deiridís go raibh na hAontachtóirí in ann déileáil le foréigean, ach gur troid ar son cearta a bhainfeadh an bonn uathu.

Níor shásaigh sin lucht an fhoréigin.

Rinne mé cur síos anseo cheana ar a bheith i nDoire i 1969 agus ar an gcaoi a ndeachaigh Deasún Fennell agus mé féin ag triall ar dhuine de cheannairí na Sealadach, mar a bhí iontu ina dhiaidh sin, Sean Keenan. D’fhiafraigh Fennell de céard a cheap siad faoi fheachtas na gCearta Sibhialta.

‘We think it’s o.k. as far as it goes,’ a dúirt sé ‘but we are afraid they’ll forget the border’.

Níorbh fhada go raibh ráitis eile ansin acu, ‘forget the reform of Stormont, we want our country back’ agus ‘Brits out’.

Inniu tar éis 3,500 duine a bheith marbh, tá Sinn Féin ag iarraidh Stormont a leasú tuilleadh, tá siad ag tabhairt aitheantais do na póilíní agus is go síochánta atá uathu an tír a athaontú.

Bhíodh na mílte móra ag máirseáil an t-am a bhí i gceist sa gclár teilifíse sin. Ach nuair a thosaigh na gunnaí ag loscadh agus na buamaí ag pléascadh d’fhan siad sa mbaile.

Nár dheacair milleán a chur orthu?

Fág freagra ar 'Níor mhór plé níos doimhne a dhéanamh faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Alt fíorthábhachtach. Tá ábhar leabhair agat!

  • Eoin Ó Murchú

    Alt den scoth e seo, agus lán na fírinne ag Ó Cuaig. Scaip an scéal mar ní bheidh aon mheán Bhéarla sásta a leithéid a fhoilsiú sa teanga sin.