Níor fhéach mé riamh ar Shasana mar thír a mbeinn dílis di; is amhlaidh an scéal ag Moslamaigh óga sa Bhruiséil

An é an ciníochas is cúis le Moslamaigh óga a bheith gearrtha amach ó na tíortha inar rugadh iad? B’fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist sin ná a bheith ag trácht i gcónaí ar ‘fhreagra slándála’

Muslamaig islami

Tá an Bhruiséil níos cóngaraí dúinn ná baile ar bith sa Mheánoirthear, ó thaobh na sibhialtachta, na sochaí agus na tíreolaíochta  de.  Ní nach ionadh mar sin gur mhó a chuaigh an t-uafás a tharla sa Bhruiséil i bhfeidhm orainn ná na huafáis a ghoilleann an oiread sin ar Mhoslamaigh an domhain de bharr scrios stát na hIaráice, stát na Libia, nó de bharr na hiarrachta atá fós ar siúl le stát na Siria a scriosadh freisin.

Ach cé go bhfuil sé intuigthe go gcuirfeadh eachtra an Bhruiséil isteach orainn go mór, ní cabhair ar bith í an chaint  bhaoth sna meáin agus iad ag iarraidh a chéile a shárú maidir leis an uafás a dhamnú. Agus ní cabhair ar chor ar bith é an claonadh biogóideach in aghaidh na Moslamach atá le tabhairt faoi deara in áiteanna áirithe.

Arís eile caithfidh muid éisteacht le caint gan bhrí faoi ‘fhreagra slándála is faisnéise’ níos fearr a sholáthar agus le saineolaithe aineolacha ag cáineadh na  n-údarás Beilgeach nó ag iarraidh orainn a bheith rannpháirteach i NATO.

Ach ní chloistear aon chaint faoi céard a thug go dtí an pointe seo muid.

Ní hé nach ndéanfadh sé aon mhaith slándáil is faisnéis a fheabhsú. Dhéanfadh dá bhféadfaí fiú eachtra eile amháin den chineál seo a sheachaint.  Ach b’fhearr i  bhfad ceachtanna fírinneacha a fhoghlaim as ar tharla agus iarrachtaí dáiríre a dhéanamh gan na botúin chéanna a dhéanamh arís.                                                                                                                                                                                                                                                               

Nuair a bhí na Stáit Aontaithe is a gcuid comhghuaillithe i NATO ag beartú ionradh a dhéanamh ar an Iaráic ar mhaithe le Saddam Hussein a chur as cumhacht, chreid siad go bhféadfaidís dul isteach in aon áit ar domhan gan aon bhaol pionóis nó díoltais.

Tá a fhios againn go léir na bréaga a insíodh dúinn faoi airm ollscriosta, faoi 9/11 is eile, ach bhí na bréaga céanna bunaithe ar an gcreideamh go bhféadfadh an tIarthar buamaí a chaitheamh le tíortha eile, daoine a mharú agus réimis a scriosadh agus nach mbeadh pobail na dtíortha sin in ann aon rud a dhéanamh faoi.

Is léir anois gur creideamh amaideach an creideamh sin agus praghas ard á íoc inniu ag gnáthdhaoine sa Bhruiséil, i bPáras agus i Londain, agus sin gan trácht ar na mílte teifeach atá ag sileadh isteach san Eoraip is iad ag iarraidh éalú ó uafás chogadh na Siria.

Is é an t-aon tuar dóchais atá againn ná go bhfuil arm na Siria ar tí Palmyra a bhaint ó Isis i dtuaisceart na Siria le cabhair ón Rúis –beart cabhrach a cháin rialtas na Fraince is rialtas na Beilge go láidir. Ba chuma cé chomh naimhdeach dóibh is atá Isis, tá siad fós dílis don iarracht ar rialtais sa Mheánoirthear nach bhfuil faoina smacht a scriosadh.

Agus tá ceist mhór eile ann.  Fiú más mionlach iad, cén fáth go mbraitheann an oiread sin daoine óga a rugadh is a tógadh sa Bheilg nó sa Fhrainc chomh scartha ó na tíortha sin go bhfuil siad sásta uafás a dhéanamh mar a rinneadh i sa Bhruiséil agus i bPáras.

An é an ciníochas is cúis leo a bheith gearrtha amach ó na tíortha inar rugadh iad?

Rugadh is tógadh mé féin i Sasana agus is ann a mhair mé go dtí go raibh mé 19 bliain d’aois.  Ó tháinig mé in aois tuisceana, ag dul ar scoil, chuala mé maslaí ciníocha frith-Éireannacha gach lá de mo shaol.  Níor bhreathnaigh mise riamh ar Shasana mar thír a mbeinn dílis di. Is dóigh liom go bhfuil an scéal amhlaidh maidir le daoine óga Moslamacha i bPáras nó sa Bhruiséil.

Sea, mealladh a dtuismitheoirí siúd go dtí an Fhrainc nó an Bheilg nuair a bhí oibrithe ag teastáil go géar, ach anois níl siad ag teastáil a thuilleadh is tá ráta dífhostaíochta as cuimse ann i measc daoine óga Moslamacha.

Cén leigheas air seo ar fad? An ceacht a fhoghlaim nach bhfuil an ceart ag  lucht an Iarthair a bheith ina bpóilíní domhanda, gur féidir athruithe nó ‘luachanna’ áirithe a mholadh ach nach féidir an lámh láidir a úsáid i dtíortha eachtrannacha.

Agus, thar aon rud eile, caithfear troid in aghaidh an chiníochais agus a chinntiú go dtugtar deiseanna do dhaoine óga a bhraitheann gur i stáit naimhdeacha a mhaireann siad. Caithfear a léiriú go bhfuil meas ar na daoine óga seo.

Ní haon réiteach thar oíche iad na ceachtanna seo, ach tabharfaidh siad deis dúinn uafáis cosúil lenar tharla i bPáras, sa Bhruiséil, sa Damaisc, i dTripoli, i mBaghdad, nó i gKabul a chur taobh thiar dúinn.

Ach má dhiúltaíonn muid na ceachtanna seo a fhoghlaim, is mura mbímid ach ag caint go timthriallach ar fhreagraí ‘slándála is faisnéise’ tá sé ionann is cinnte go bhfuil tuilleadh uafáis i ndán dúinn.

Fág freagra ar 'Níor fhéach mé riamh ar Shasana mar thír a mbeinn dílis di; is amhlaidh an scéal ag Moslamaigh óga sa Bhruiséil'

  • alan

    Ni fheictear dom go bhfuil ciniochas thar mean anseo sa Bhruiseil, is cathair ilchulturtha i agus is iontach mar a ghlacann daoine le cheile. Nil a macasamhail in aon ait eile go bhfios dom. Ni reiteofar fadhb na jihaddi anseo (an lion per capita is mo san Eoraip) no go mbeidh siochain i reim sna tiortha sin a luaigh tu. Ach feach muintir na Congo anseo agus is dream nach bhfuil saibhir iad freisin ach nil futhu sleacht a dheanamh ar ghnathdhaoine in eiric ar na hiospairti a rinne an Bheilg ina dtir siud. Is cladhaireacht agus duil sa bhairbreacht is mo is bun leis na hionsaithe seo is deanai, faic eile. Bhiodh fiseain den di-cheannadh a rinne ISIS a ‘speaint ag Abdulselam ina chaife mar shiamsaiocht. Drugadoir saibhir ab ea e sin. Is cuid den sceal e an ‘creideamh’ gan dabht ach is leir go dtaitnionn an leirscrios a dheanann na jihaddi leo, sin cuid mhor den mbuzz a thugann orthu tabhairt faoi na heachtrai uafais seo.

  • Eoin

    Seafóid. Níl an locht ar mhuintir na hEorpa as an Ioslam radacach – tá fáilte is fichid curtha againn roimh Mhoslamaigh agus tá eagla ar gach duine Ioslam a cháineadh ar eagla foiréigean a spreagadh uathu. Anuas air sin, má fheiceann tú ar chúlra lear mór sceimhlitheoirí, tá éirithe leo ‘comhshamhlú’ a dhéanamh – post maith acu, cairde Eorpacha acu, srl. Is é an rud a chúisíonn an sceimhlitheoireacht ná an idé-eolaíocht Ioslámach radacach a mholann do Mhoslamaigh diúltú don tsochaí Eorpach mar go bhfuil sé mí-mhorálta. Tá coimhlint stairiúil idir Ioslam agus Eoraip – tá Moslamaigh radacacha ag iarraidh é sin a athbheochan chun cogadh a fhearadh orainn (agus éirithe leo i gcásanna áirithe).

    Nuair a chuaigh Éireannaigh go MEiriceá sa 19ú/ 20ú haois bhíomar dearóil bocht agus b’fhéidir gur mhothaigh siad nach raibh cothrom na Féinne á thabhairt dóibh. Ach níor thosaigh siad ag buamáil agus ag déanamh sceimhlitheoireachta ar phobal Mheiriceá – bhí orthu iarracht a dhéanamh dul chunn cinn a dhéanamh sa tsochaí trí obair chrua a dhéanamh. Rinenadh géarleanúint ar na Giúdaigh san Eoraip ar feadh i bhfad agus bhí orthu fanacht sa bhochtanas – níorbh é an freagra a bhí acu ná ionsuithe a dhéanamh ar mhuintir na hEorpa.

    Tá tusa ag cumadh leithscéalta do Mhoslamaigh agus ag maithiú dóibh na hionsuithe foiréigneacha a dhéanann siad, rud atá mí-fhreagrach agus náireach.

    • Eoin Ó Murchú

      Nílim ag cumadh leithscéalata, ach ag iarraidh an rud a mhíniú ionas go dtuigfeadh muid é. Má cheapann tú i ndáiríre nach bhfuil aon bhaint ag ciníochás nó ag na hionsaithe atá déanta ag an Iarthar ar na tíortha Moslamacha leis na huafais seo, níl aon tuiscint ar bith agat ar a bhfuil ar siúl; agus, amr sin, níl aon leigheas agat ach an oiread.

      ps. Chaith muide roinnt mhaith buamaí i Londain sa naoú aois déag, i gClerkenwell mar shampla, agus ina dhiaidh.

  • Eoin

    An leigheas atá ar an scéal ná idé-eolaíocht Ioslámach radacach a chloí agus seasamh le prionsabail an Iarthair i gcoinne na barbarthachta! Is cogadh intleachtúil gur gá dúinn a fhearadh i gcoinne Moslamach radacacha atá ag iarraidh an t-Iarthar a scrios.

    Arís, tá fáilte curtha againn roimh na milliúin Mhoslamacha san Eoraip agus gach seans tugtha againn dóibh saol nua a chruthú dóibh féin – sin an fáth a bhfuil na milliúin fós ar a seacht ndícheall ag iarraidh teacht chun na hEorpa! Agus tá tusa ag rá gur ciníochas i gcoinne Moslamach is cúis leis an sceimhlitheoireacht? Agus iad fós ag impi orainn iad a thabhairt isteach, iad ag teacht i dtír ar an bhflaithiúlacht a léirímid dóibh? Tá sé deacair do gach inimirceach a bhealach a réiteach i sochaí nua ach sin an saol! Caithfear déileáil leis! Rinne na hÉireannaigh ionsuithe ar Bhriotanaigh chun saoirse pholaitiúil a bhaint amach, ní chun agóid a dhéanamh as droch-chúinsí sóisialta.

    Déan staidéar ar an gCoráin agus feicfidh tú gur reiligiún atá san Ioslam a chomhairlíonn do Mhoslamaigh neamh-Mhoslamaigh a chur faoi chois. Nuair a scaip Ioslam ar fud Thuaisceart na hAfraice, an Áis, an Meán Oirthear breis is míle bliain ó shin, an é an ciníochas i gcoinnne Moslamach a spreag na concais sin? Nuair a chuireadar Críostaithe faoi chois, caithfidh gurb é ciníochas na gCríostaithe ba chúis leis! Nuair a chuireann ISIS muintir Yazidi chun báis, caighfidh go bhfuil sé tuillte ag an bpobal Yazidi as bheith chomh ciníoch sin i leith ISIS!