Níor éirigh liom ceantair i nGaillimh a chur amach as toghchán Údarás na Gaeltachta, ach déanaimis anois é – Ó Cuív

Tá iar-aire Gaeltachta ag iarraidh ar an Aire Stáit Jack Chambers athrú a dhéanamh ar theorainneacha na gceantar a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta

Níor éirigh liom ceantair i nGaillimh a chur amach as toghchán Údarás na Gaeltachta, ach déanaimis anois é – Ó Cuív

Tá ráite ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go ndearna sé iarracht nuair a bhí sé i gcumhacht ceantair i gcathair na Gaillimhe a dhíbirt as na ceantair a thagann faoi scáth Údarás na Gaeltachta.

Tá Ó Cuív ag iarraidh anois ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers athrú a dhéanamh ar theorainneacha cheantar feidhme an Údaráis agus ceantair Ghaeltachta na cathrach a chaitheamh amach.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil do Ghaillimh Thiar “nach mbíonn an tÚdarás ag feidhmiú taobh istigh den chathair mar údarás forbartha tionscal” agus nár chóir go mbeadh vóta i dtoghchán an Údaráis ag an líon mór daoine atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta sa chathair.

Tá obair ar bun ag an Rialtas chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais agus tá molta Ó Cuív don Aire Stáit Chambers tabhairt faoi fhadhb chathair na Gaillimhe mar chuid den obair sin.

“Tá rud eile ann a gcaithfidh an tAire Stáit breathnú air, is é sin, ceantar feidhme an Údaráis. Tá stráice mór de chathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht,” a dúirt Ó Cuív sa Dáil le déanaí.

Tá ráite, mar shampla, ag an ngníomhaí pobail agus teanga Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh níos mó vótaí i dtoghchán an Údaráis ag daoine i gceantair oifigiúla Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe ná mar a bheadh i nGaeltacht na Mumhan trí chéile.

Údar magaidh é go bhfuil ceantair áirithe i gcathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht i gcónaí, a dúirt Ó Cuív.

“Aon duine a théann ó theach go teach i gcuid den Ghaeltacht sin ag canbhasáil, bíonn siad ag gáire nuair a thagtar chucu agus deirtear go bhfuil duine ón nGaeltacht ina chónaí síos an bóthar agus is é an rud atá i gceist acu ná duine a bhfuil Gaeilge aige,” a dúirt sé sa Dáil.

“Ní aithníonn siad féin go bhfuil an chuid is mó díobh sa Ghaeltacht. Tá ceist mhór ann, ó tharla nach bhfeidhmíonn an tÚdarás ansin, is é sin ar cheart é a bhaint as?”

Deir an Teachta Dála, a bhí ina aire sinsearach ina dhiaidh sin agus an chumhacht aige ordú a dhéanamh i dtaobh theorainneacha na Gaeltachta a leasú, go bhféadfadh Chambers an beart a dhéanamh i dtaca le ceantair feidhme an Údaráis.

Mhaígh Roinn na Gaeltachta anuraidh nach gá leasú a dhéanamh ar theorainneacha na Gaeltachta chun toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais, ach dúirt Ó Cuív gur chóir don Aire Stáit an deis a thapú teorainneacha cheantar an Údaráis a atarraingt nuair atá leasuithe reachtaíochta á n-ullmhú chun athstruchtúrú a dhéanamh ar bhord na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Dúirt Ó Cuív gur ina aire stáit don Ghaeltacht a bhí sé nuair a rinne sé iarracht na teorainneacha a atarraingt ach gur dhiúltaigh a chomhghleacaithe sa Rialtas dá phlean.

“Bhí sé sin ann sa chéad Bhille a thug mé ar aghaidh maidir leis an Údarás agus baineadh amach ag bord an Rialtais é. Aire Stáit a bhí ionam ag an am ach ní raibh mé ar nós an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus ní raibh mé ag suí ag bord an Rialtais.”

Chomh maith lena bheith ina Aire Stáit, is é Jack Chambers Príomh-Aoire an Rialtais.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc de cén fáth nach ndearna sé iarracht eile ceantar feidhme an Údaráis nó teorainneacha na Gaeltachta a athrú nuair a bhí sé féin ina aire sinsearach, dúirt Ó Cuív go raibh “gach rud a bhí le déanamh” leagtha amach ag an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus ag taighde eile.

Dúirt Ó Cuív freisin gur “áiféis” a bhí ann go raibh comhairleoirí contae gan aon Ghaeilge acu á roghnú le suí ar bhord an Údaráis.

Deir Ó Cuív gur chóir riachtanas a bheith ann go mbeadh gá ag duine le caighdeán Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha chun suí ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Níor éirigh liom ceantair i nGaillimh a chur amach as toghchán Údarás na Gaeltachta, ach déanaimis anois é – Ó Cuív'