Níor dúnadh an Lyric le linn na dTrioblóidí ach tá sí dúnta ag an bpaindéim

Tá na healaíona ar an bhfaraor géar de dheasca an choróinvíris agus caithfear teacht i gcabhair orthu

Níor dúnadh an Lyric le linn na dTrioblóidí ach tá sí dúnta ag an bpaindéim

B’údar bróid é nár dhún amharclann an Lyric i mBéal Feirste a doirse in am ar bith le linn na dTrioblóidí.

Nuair nach raibh ar chumas ionaid eile drámaí a chur ar siúl de bharr na contúirte ó fheachtais foréigin, d’fhan an Lyric i mbun seirbhíse fiú nuair a bhí braon anuas san seanfhoirgneamh ón díon bearnach. Osclaíodh amharclann ghalánta nua ar an suíomh naoi mbliana ó shin ach b’éigean í a dhúnadh i mbliana den chéad uair i ngeall ar an bpaindéim Covid-19.

Meastar anois nach mbeifear in ann aon saothar a chur ar stáitse go dtí 2021.

Tá foireann lánaimseartha ag an Lyric ach bíonn na céadta saor-ealaíontóirí eile ag brath uirthi, idir aisteoirí , léiritheoirí agus an fhoireann theicniúil. ’Sé an scéal céanna é ag amharclanna eile Thuaisceart Éireann, chomh maith le ceoltóirí, ródaithe, teicneoirí agus lucht feistis, gan ach cuid de na gairmacha a lua. Tá 8,000 oibrí ar a laghad i gceist.

Coicís ó shin sheol an réalta scannán Liam Neeson teachtaireacht oscailte chuig an bhFeidhmeannas ag cur ar a súile dóibh go raibh géarghá ag earnáil na n-ealaíon leis an tacaíocht airgid a bhí geallta le trí mhí. Ní bheadh an earnáil inmharthana gan an lámh tharrthála sin, a dúirt Neeson, a d’fhoghlaim a cheird mar aisteoir san Lyric sna seachtóidí.

Tá sé ríthábhachtach, arsa Neeson leis na polaiteoirí, go dtabharfaí tacaíocht airgid do phobal na n-ealaíon agus do na healaíona féin, don óige agus don eacnamaíocht. Chuir sé fainic orthu go mbeadh an tsochaí easnamhach agus ar éidreoir gan chompás d’uireasa na n-ealaíon agus na cruthaitheachta.

Más é éileamh Neeson ba chúis leis nó achainí na hearnála féin, seachtain ó shin cheadaigh an Feidhmeannas in Stormont ciste £29 milliún le haghaidh amharclanna, ionaid cheolchoirmeacha agus músaeim. Cheadaigh Whitehall £33 milliún i mí an Mheithimh. Íocadh £4 milliún de amach ó shin ach b’údar mór imní é an mhoill a bhí ar an gcinneadh an chuid is mó den mhaoiniú a scaoileadh. Ní léir céard ba chúis leis an moill chéanna agus Sinn Féin agus DUP ag cur an mhilleáin ar a chéile. Ach is léir go bhfuil sé práinneach go gcuirfí íocaíochtaí ar fáil gan a thuilleadh siléige.

Tá ionadaithe na hearnála ag iarraidh cruinnithe leis an Aire san Roinn Pobal Carál Ní Chuilín chun plé a dhéanamh faoi conas a dháilfear an t-airgead. Teastaíonn uathu go mbeadh tacaíocht le fáil ag daoine aonair chomh maith le comhlachtaí.

Chomh maith le lucht amharclainne agus iarsmalainne, tá an-drochbhail ar an gcuid den earnáil a chuireann coirmeacha ceoil agus imeachtaí móra poiblí ar stáitse. Tá ceoltóirí ar a ndícheall ón Mhárta ag iarraidh taispeántais nó seisiúin aonair a choinneáil sa tsiúl- cé gur beag teacht isteach atá astu. Ach den chéad uair níl obair ar bith ag na rigeálaithe, na teicneoirí fuaime, na ródaithe agus an scata mór daoine a dhéanann stáitsiú ar ócáidí móra. Tá postanna caillte ag cuid acu, tá a thuilleadh i mbaol. Tá céatadán ard de na hoibrithe, nach raibh acu ach corrfhostaíocht roimhe seo, ar an bhfaraor géar cheana féin.

Bhíodh féilte ceoil, coirmeacha san Ulster Hall, bannaí ar nós The Undertones agus Stiff Little Fingers ag seinm agus drámaí sa Lyric an uair ba mheasa a bhí an foréigean anseo. Thug siad ardú meanman don bpobal nuair a bhí géarghá leis. Admhaím nach ionann na coinníollacha le linn na paindéime agus nach féidir cealú imeachtaí a sheachaint ach is mó fós dá bharr sin an riachtanas atá le tacaíocht a thabhairt don earnáil. Caithfear é a dhéanamh chun spiorad na cruthaitheachta sa tsochaí a chaomhnú. Agus le tógáil croí agus spreagadh intleachta a thabhairt dúinn nuair a thiocfaimid slán.

Fág freagra ar 'Níor dúnadh an Lyric le linn na dTrioblóidí ach tá sí dúnta ag an bpaindéim'