Níor chóir dúinn aon aird a thabhairt ar naimhde NPHET

Tá NPHET ann le sláinte an phobail a chosaint agus is fiú éisteacht leo in ainneoin a ndeir lucht a gcáinte

Níor chóir dúinn aon aird a thabhairt ar naimhde NPHET

Tá NPHET, an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, á hionsaí go rialta arís. Bíonn polaiteoirí, iriseoirí, lucht gnó, lucht eaglaise agus anois lucht acadúil as Coláiste na Tríonóide ag caitheamh anuas ar an gcoiste.

Ó bunaíodh NPHET ag tús na bliana seo caite, bhíothas ann nár aontaigh leis an gcomhairle a thug siad, toisc go minic gur chuir sé isteach ar a leas féin ó thaobh gnó de.

Ó thús bhíodh ailt sna meáin ag rá go raibh an iomad cumhachta acu, go raibh an rialtas róghéilliúil dóibh, is go mba chóir gan aird as cuimse a thabhairt ar a dtuairimí.

In Aibreán 2020, dúirt an t-iriseoir Philip Nolan san Irish Independent gurb iad NPHET lucht rialaithe na tíre.  Sa bhfómhar 2020, san Irish Times, d’iarr Michael McDowell ar an rialtas gan glacadh le comhairle NPHET: “Toghadh sibh le bheith i gceannas, níor toghadh sibh le bheith faoi cheannas.”

Agus ar ndóigh, bhí lucht óstán agus lucht na dtithe tábhairne agus na bialainne go láidir ag clamhsán faoin drochthionchar ar a gcuid gnólachtaí ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm faoi chomhairle NPHET.

Táthar ag leanúint leis na hionsaithe seo, agus tá grúpa dlíodóirí as Coláiste na Tríonóide ag tuairisciú go sollúnta anois gur cosúil gurb iad NPHET a bhí freagrach as na cinntí faoin bpaindéim, agus tá siad ag lorg soiléiriú faoin gcaidreamh idir NPHET agus an rialtas.

Caint mheata atá ansin, dar liom, mar tá a fhios go maith ag na dlíodóirí seo go dtugann NPHET comhairle is go dtógann an rialtas cinneadh, bunaithe – tá súil againn – ar an gcomhairle sin.

Más leor nod don eolach, thuigfeadh aon duine go gcreideann na dlíodóirí seo gur chóir don rialtas gan aird a thabhairt ar chomhairle nach n-oireann do dhaoine áirithe.

Is é an tionchar atá ag na hionsaithe leanúnacha seo go lagaítear údarás NPHET agus údarás na comhairle leighis a thugann siad. Ní chabhraíonn sé ar ndóigh nuair a dhéanann an rialtas féin ceap magaidh dá gcuid rialacha, mar atá déanta acu sa mbreithiúnas ar na srianta a foilsíodh i ndiaidh na cóisire conspóidí a reáchtáil Katherine Zappone sular ceapadh mar thoscaire um shaoirse cainte chuig na Náisiúin Aontaithe í.

Mura dtugann an rialtas aird ar na rialacha, beidh daoine eile ann nach dtabharfaidh ach an oiread.

Agus feicimid anois ardeaspaig Chaitliceacha ag fógairt gur chóir neamhaird a dhéanamh de rialacha áirithe toisc nach gceapann siadsan go bhfuil siad riachtanach.

Ní saineolaí sláinte é an t-ardeaspag, ach ní luaitear riachtanais sláinte sa chuid is mó den cháineadh a dhéantar ar NPHET.

Ní bhíonn NPHET ceart i gcónaí, a mhaígh Peadar Tóibín ó Aontú agus é ag iarraidh go n-osclófaí an stát a thuilleadh. Ach, mar a tharla, níor thug an rialtas mórán aird ar chomhairle NPHET roimh Nollaig 2020, agus ba é an toradh a bhí air sin ná borradh mór faoi líon na ndaoine a fuair an galar.

An bhfuil deireadh leis an bpaindéim anois agus an bhfuil sé slán gach rud a oscailt agus deireadh a chur leis na srianta?

Bhuel, níl.

Tá dul chun cinn maith déanta maidir le líon na ndaoine atá ag fáil na vacsaíne, cé gur cuireadh tús ciotach leis an gclár agus fadhbanna soláthair ann.

In ainneoin rath an chláir vacsaínithe faoi láthair, tá leibhéal ard cásanna againn arís. Tá líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu atá sna hospidéil fós íseal ach tá sé ag dul i méad. Tá an baol ann i gcónaí go bhfaighidh daoine bás de dheasca an ghalair, nó go bhfulaingeoidh daoine leis an Covid fada. Daoine óga den chuid is mó gan dabht.

Cosúil le gach duine eile, ba mhaith liomsa a bheith in ann dul amach agus béile a fháil sa bhialann gan stró.  Ba mhaith liom a bheith in ann freastal ar shochraid mo ghaolta is mo chairde.  Ba mhaith liom freastal ar bhainis, ar an amharclann, nó ar choirm cheoil.

Ach caithfimid tús áite a thabhairt do shláinte an phobail.

Sin é an fáth go bhfuil na rialacha ann.  Sin é an fáth go bhfuil saineolaithe ceaptha againn le breathnú ar an eolaíocht agus comhairle a chur ar an rialtas faoi céard is ceart a dhéanamh le sláinte an phobail a chosaint.

B’fhéidir go mbeadh comhairle i gcás amháin ag teacht salach ar chomhairle i gcás eile, ach sin mar a bhíonn. Ní hé go bhfuil NPHET ag iarraidh cur isteach ar ár saol nó ag iarraidh pionós a ghearradh orainn, nó gnólachtaí a chur go tóin poill. Tá siad ag iarraidh cabhrú linn sinn féin a chosaint ó ghalar a mharaigh na mílte in Éirinn is na milliúin ar fud an domhain.

Sa chomhthéacs sin, ceapaim nár chóir dúinn aon aird a thabhairt ar naimhde NPHET.

Fág freagra ar 'Níor chóir dúinn aon aird a thabhairt ar naimhde NPHET'