Níor cheart go mbeadh fadhb ar bith ag Éirinn Fidsí a chur de dhroim seoil

Ní haon ábhar iontais dá bhrí sin go bhfuil Andy Farrell ag tabhairt scíth do go leor dá chuid imreoirí

Níor cheart go mbeadh fadhb ar bith ag Éirinn Fidsí a chur de dhroim seoil

Seans nach róchompordach a bhí foireann idirnáisiúnta rugbaí Fhidsí i rith na seachtaine agus iad ag réiteach dá gcuairt ar an Staid Aviva inniu. Ní hamháin gur cúis lagmhisnigh an bhearna deich n-áit atá idir Fidsí, foireann atá sa naoú háit déag ar thábla fhoirne rugbaí an domhain, agus Éire, foireann atá ar a bharr, ach ní raibh aon splanc dhóchais le fáil acu ó chluiche an deireadh seachtaine seo caite. Ní hamháin gur chuir na Gaeil curaidh rugbaí an domhain ó dhoras 19-16 ach theip ar Fhidsí ina gcluiche féin i gcoinne na hAlban, 28-12.

Ní haon ábhar iontais dá bhrí sin go bhfuil Andy Farrell ag tabhairt scíth do go leor dá chuid imreoirí chéad rogha inniu tar éis na sár-iarrachta sin i gcoinne na Springboks. Tugann an choimhlint i gcoinne foirne atá réasúnta lag, ar phár ar aon chaoi, deis dó imreoirí imeallacha a chur chun páirce i gcluiche a bheas fisiciúil óna thús. Tá an fhisiciúlacht mar chuid lárnach de stíl imeartha fhoireann Fhidsí agus caithfidh na hÉireannaigh a bheith cúramach agus gortuithe a sheachaint agus cluiche mór acu i gcoinne na hAstráile faoi cheann seachtaine. Tá tús chomórtais na Sé Náisiún ag drannadh linn san athbhliain chomh maith.

Seans gur chuir foireann bainistíochta Fhidsí go leor béime ar smacht i measc a cuid imreoirí ina gcuid réamhullmhuchán do chluiche an lae inniu. Trí chárta buí a ghéill Fidsí i gcoinne na hAlban seachtain ó shin, ceann acu sin sa gcéad nóiméad den chluiche. Má tharlaíonn an rud céanna inniu is cinnte go ndéanfaidh na hÉireannaigh slad orthu, fiú más imreoirí dara rogha a bheas ar an bpáirc againn.

Maidir le cluiche na hÉireann, bí ag súil le tuilleadh den fhisiciúlacht agus den imirt chrua i measc na dtosaithe agus iad ag soláthar neart liathróide go glan agus go tapa do chúlaithe atá in ann leas a bhaint as an luas agus as an gcoisíocht atá go nádúrtha acu. Seans gur léargas maith ar an gcineál fisiciúlachta atá Andy Farrell ag súil leis sa gcluiche seo gur chuir sé cúram na captaenachta ar an bhfrapa Tadhg Furlong.

Dála an scéil, ceithre bhabhta a chas Éire agus Fidsí ar a chéile i gcluichí idirnáisiúnta rugbaí ó 1995 i leith. In Éirinn a imríodh na cluichí sin ar fad agus na hÉireannaigh a thug an lá leo sa gceithre chluiche. Ní raibh ach trí phointe 23-20 idir na foirne ag deireadh an chinn ba dheireanaí díobh sin, mí na Samhna 2017.

Údar iontais a bheas ann mura dtugann foireann na hÉireann an lá leo arís inniu.

Fág freagra ar 'Níor cheart go mbeadh fadhb ar bith ag Éirinn Fidsí a chur de dhroim seoil'