Níor cheart go gclisfeadh ar fhir Bhaile Átha Cliath arís

Ba iad botúin Stephen Cluxton den chuid is mó ba chúis leis an gcomhscór sé lá ó shin ach, go háirithe le Diarmuid Connolly ar fáil, ba cheart go mbeadh a gceachtanna foghlamtha ag BÁC inniu

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Ná bac le Aidan O’Shea, Bernard Brogan ná Stephen Cluxton; is ar an réiteoir Eddie Kinsella is mó a mbeidh daoine ag faire air san athimirt ar chluiche leathcheannais na hÉireann idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath inniu.

Leis an nimh uile a bhí sa choimhlint an Domhnach seo caite, beifear ag coinneáil súil ghéar ar fhear na feadóige, go háirithe sa chéad cúpla nóiméad.

Ag breathnú air, tá dhá threo a d’fhéadfadh an cluiche seo dul.

D’fhéadfadh go mbeidh imreoirí ag iarraidh díoltas a bhaint amach don mhéid a tharla sa chluiche a chríochnaigh ar comhscór. D’fhág Cillian O’Connor Rory O’Carroll le deich gcinn de ghreamanna os cionn a shúile agus dúirt Aidan O’Shea i ndiaidh an chluiche gur thug Philly McMahon buille lena a cheann dó.

Ar an lámh eile, d’fhéadfadh an réiteoir focal a bheith aige leis an dá fhoireann roimh ré agus a rá leo nach bhfuil sé chun glacadh le aon rógaireacht agus ansin cúpla cárta a thaispeáint go luath sa chluiche mura dtugtar cluas éisteachta dó. Seans maith do ndíreoidh na himreoirí ar an imirt ina dhiaidh sin.

Ba é an buille ba mhó a bualadh ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, seachas, ar ndóigh gur chlis siad sa deireadh agus iad seacht bpointe chun tosaigh,  an cárta dearg a taispeánadh do Dhiarmuid Connolly. Ach a bhuíochas le cinneadh ait na n-údarás aréir, anois beidh teacht ag Jim Gavin ar dhuine de na peileadóirí is fearr a chonaiceamar sa chraobh le breis agus trí bliana anuas, murab é an ceann is fearr é.

Áitítear i gcónaí go bhfuil slám mór imreoirí d’ardchaighdeán ag Baile Átha Cliath atá ag fanacht ar a seans agus déanfar an t-áiteamh sin a thastáil inniu. An tseachtain seo caite, tháinig Kevin McManamon isteach ag leath ama agus Alan Brogan beagáinín ina dhiaidh, agus fuair siad 1-4 eatarthu beirt.

imreoirí a roghnaíonn Gavin, agus go hiondúil ní féidir brath ar an bhfoireann a fhógraíonn sé roimh ré, is buntáiste mór dó gur cinneadh cead a thabhairt do Connolly dul sa ghleo.

Maidir le Maigh Eo, cé gur imir siad sách maith i bpaistí áirithe sé ó shin, tuigfidh siad go maith go raibh an t-ádh dearg orthu gur ligeadh ar ais sa choimhlint iad. Mura mbeadh Stephen Cluxton chomh holc sin sa chúpla nóiméad deireanach, bheadh Maigh Eo díbeartha ón gcraobh agus iad ag breathnú siar ar an méid deiseanna scórála a chuir siad amú an athuair.

I measc an tseisir tosach a thosaigh an lá deireanach, ní bhfuair ach duine acu, Diarmuid O’Connor, scór ón imirt. Arís, bhí na Connachtaigh ag brath go huile agus go hiomlán ar Chillian O’Connor chun scóranna a fháil.

Tar éis dó scrios a dhéanamh i gcluichí eile i rith an tsamhraidh, chríochaigh Aidan O’Shea an cluiche gan scór ar bith aige. Ba é an chúis is mó leis sin, áfach, ná caighdeán na bpasanna a cuireadh ina threo, rud a chiallaigh gur fágadh faoi mhíbhuntáiste é go leor den am.

D’ainmnigh foireann bainistíochta Mhaigh Eo an fhoireann chéanna a thosaigh an cluiche an Domhnach seo caite ach, fearacht cheann Jim Gavin, ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh cúpla athrú ann faoin am a chaithfear isteach an liathróid. Is iad David Drake agus Donal Vaughan, ar baineadh gortaithe dóibh an lá deireanach, is mó a bheadh i mbaol.

gur cheart go mbeadh tosaithe Mhaigh Eo níos fearr inniu ná mar a bhí siad an deireadh seachtaine seo caite, ba é an t-aon fáth ar éirigh leo comhscór a fháil ná gur chlis ar fad ar Bhaile Átha Cliath. Is deacair a shamhlú do dtarlóidh an rud céanna arís. Mar sin, ba cheart go mbeadh an buntáiste ag fir Bhaile Átha Cliath.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Níor cheart go gclisfeadh ar fhir Bhaile Átha Cliath arís'