Tá sé ráite ag Stiúrthóir Sheirbhís Teifeach na nÍosánach sa tSiria, nár chóir do Rialtas na hÉireann a bheith “ag láínteacht leis an eite dheis” agus iad ag plé le hiarratais ar thearmann ó Shiriaigh sa tír seo.
Chuir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee an próiseas iarrtha tearmainn do mhuintir na Siria ar fionraí an tseachtain seo i bhfianaise thurnamh réimeas Bashar al-Assad ag an deireadh seachtaine.
Ach cháin Stiúrthóir Sheirbhís Teifeach na nÍosánach sa tSiria, Tony O’Riordan, go láidir an cinneadh sin agus dúirt nár chóir do Rialtas na hÉireann a bheith ina ghiolla ag aon dream maidir le cás na dteifeach.
“Tá idir 2,000 agus 3,000 Siriach in Éirinn faoi láthair agus beidh go leor acu ag iarraidh filleadh ar a dtír dhúchais nuair a bheidh sé sábháilte agus an saol a bhí acu a atógáil ann. Ba cheart go mbeadh muidne ag obair lena chinntiú go mbeidh siad ullamh lena aghaidh sin.
“Tá sé cruálach a bheith ag láínteacht ar an eite dheis agus ag rá go gcuirfidh muid a n-iarratais ar thearmann ar fionraí. Níl sé ceart stop a chur leis an bpróiseas iarrtha tearmainn, ba chóir traenáil agus cabhair a thabhairt dóibh agus an seans a thabhairt dóibh filleadh ar a dtír féin nuair a bheidh sé sábháilte,” a dúirt O’Riordan le Tuairisc.
Dúirt sé go mbraitheann a bhfuil i ndán don tSiria “go mór” ar an meon atá ag HTS, an grúpa reibiliúnach a chuir deireadh le réimeas 50 bliain mhuintir Assad, agus ar an iarracht a dhéanann tíortha na hEorpa agus na Stáit Aontaithe an tsíocháin a chur chun cinn.
“Tá an jab atá roimh mhuintir na Siria an-mhór anois. Caithfear an tír a atógáil agus cultúr daonlathach a chur in áit, agus caithfidh muidne san Eoraip iarracht a dhéanamh cosc a chur ar Iosrael agus na rudaí atá siadsan a dhéanamh na laethanta seo. Cuireann sé fearg orm agus fearg ar an iomad duine – an méid buamaí atá caite agus an méid foirgneamh atá siadsan ag leagan sa tSiria na laethanta seo, tá sé dochreidte,” a dúirt sé.
Chaith an tAthair Tony O’Riordan trí bliana sa tSiria ina ról mar stiúrthóir ar an tSeirbhís Teifeach in Aleppo agus d’fhill sé ar Éirinn i mí an Mheithimh. Dúirt sé le Tuairisc go bhfuil “comharthaí maithe” sa chathair sin anois agus go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an HTS “ag obair le gach duine”.
“Tá comharthaí maithe in Aleppo, tá beagnach seachtain caite anois ó thosaigh an dream nua atá i bhfeighil. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad ag obair le gach duine agus go bhfuil siad ag dul i dtreo maith. Is comhartha maith é sin.
“Caithfidh tíortha an domhain a bheith oscailte leis an HTS agus an riosca a thógáil tacú leis an iarracht an tír a atógáil. Ba cheart tacaíochtaí airgid a chur ar fáil ach ceangal an-soiléir a chur ar an tacaíocht sin. Mura rithfidh tíortha na hEorpa agus na Stáit Aontaithe isteach ar dtús, tiocfaidh tíortha eile isteach ina n-áit,” a dúirt sé.
Agus é ag trácht ar na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm ar réimeas al-Assad, dúirt sé gur cheart a bhformhór a choinneáil in áit mar gur “dírithe ar Assad féin agus a chairde” a bhí siad, ach go gcaithfí a chinntiú nach mbeidh cosc ar earraí a bhaineann le cúrsaí leighis nó bia mar gheall ar na smachtbhannaí.
“I gcás fhormhór na smachtbhannaí, is ar dhaoine cosúil le Assad agus a chairde a bhí siad dírithe. Cé go raibh díolúintí ann d’earraí cabhrach daonnúla bhí imní ar chomhlachtaí a dhíolann na hearraí sin go mbeadh pionós i gceist. Bíonn torthaí nach mbítear ag súil leo ar smachtbhannaí – bhí deacrachtaí ann páirteanna a fháil do mheaisíní CAT-Scan mar d’fhéadfaí na páirteanna céanna a úsáid in airm.
“Deireadh na comhlachtaí nár theastaigh uathu dul sa seans agus mar sin d’fhágtaí an earnáil sláinte gan trealamh. B’amhlaidh an scéal i gcás go leor earraí. Ba cheart go ndéanfaí soiléir nach mbeidh tionchar ag smachtbhannaí ar chomhlachtaí atá ag obair le dea-thoil,” a dúirt sé.
Tá Seirbhís Teifeach na nÍosánach sa tSiria thall in Aleppo i gcónaí agus i gcathracha eile ag cabhrú le muintir na háite. Dúirt O’Riordan go gcaithfidh a chomhghleacaithe a bheith “cúramach” fós agus go bhfuil contúirtí go leor in Aleppo agus Damascus fós.
“Tá siad fós thall agus ag obair go mór mór in Aleppo agus in Damascus. Caithfidh siad a bheith cúramach – tá piléir fós á scaoileadh in Damascus agus buamaí fós ag titim. Tá formhór na ndaoine neirbhíseach a bheith taobh amuigh de na bailte seachas nuair is gá.
“Bhíos ag caint le daoine sa dá chathair agus tá na bainc ar oscailt, tá siopaí ar oscailt, ach tá bia agus ábhar leighis ag teastáil ó go leor leor daoine. Na trí rud is gá a sholáthar sa tSiria anois ná bia, leigheas, agus oideachas,” a dúirt sé.
Conchúr
Tá an suíomh gréasáin seo claonta amach is amach é. Brúnn suíomh ar bith a deir “eite dheis” nó “an eite fhíordheis” bolscaireacht.
An Sasanach
Mo léan, is cosúil go nglacann le rialtas an stáit le gur tír mhaith, mhúinte, Eorpach í Éire, is dá bharr go bhfuilid breá sásta a bheith páirteach sa tionscnamh athá ag teacht i dtreis ar fud an Aontais le blianta anuas, .i. daingniú na hEorpa in aghaidh chiníocha eile an domhain. Nuair a thagann an eite fhíordheis amach, mar sin, ag saighdeadh fhuath agus chiníochais in aghaidh na ndaoine a tháinig chugainn sa tóir ar thearmann, géilleann an rialtas dóibh go réidh. Nách éasca go dtugaid a gcúl don stair ar leith athá ag an dtír seo