Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Truaillítear 7,000 lítear uisce chun péire amháin jíons a tháirgeadh

Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas

Níor cheannaigh an Saoithín Aeráide aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas agus níor cheannaigh sé péire jíons ó bhí 2016 ann.

Ní hé an buiséad suarach in earnáil na hiriseoireachta clóite Gaeilge amháin is cúis leis sin, ach cúinsí timpeallachta freisin.

An raibh a fhios agat go dtruaillítear an méid céanna uisce agus a úsáideann an cholainn dhaonna in imeacht deich mbliana – 7,000 lítear – chun péire amháin jíons a tháirgeadh? Tá a fhios anois.

Is é an chaoi go bhfuil sé an-deacair an dath gorm úd a chur ar chadás (an t-éadach as a ndéantar jíons) ach amháin má úsáidtear an t-uafás uisce sa phróiseas. Ar an drochuair, ní féidir na ceimiceáin sa dath a mbaintear úsáid as a ghlanadh amach go héasca as an uisce lena nitear na jíons arís is arís eile.

Lena chois sin, úsáidtear go leor nimhe ar na plandálacha cadáis chun feithidí agus lotnaidí a mharú.

Is measa arís an dochar a dhéantar don timpeallacht i gcás na jíons a tháirgtear san Áise, mar a dtáirgtear 32 faoin gcéad d’éadaí an domhain. Gan trácht ar na drochchoinníollacha oibre sna monarchana dúshaothair, is lú an tsúil a choinnítear ar rialacha timpeallachta i dtíortha ar nós na hIndia agus na Banglaidéise. Anuas air sin arís, is mó an t-aschur CO2 a chothóidh éadaí a chaithfear a thabhairt leath bealaigh timpeall na cruinne ar long nó eitleán lastais ná éadaí a tháirgtear níos gaire do bhaile.

Tá sé oibrithe amach ag lucht taighde san Ísiltír  gur cheart go mbeadh costas 33 euro sa bhreis ar phéire jíons chun an dochar sóisialta agus timpeallachta a chúiteamh dóibh siúd a bhíonn thíos le drochchoinníollacha oibre, aibhneacha truaillithe agus ganntanas uisce.

Tá moladh níos fearr fós ag an Saoithín Aeráide: éadaí a cheannacht a tháirgtear chomh gar do bhaile agus is féidir agus iad a chaitheamh go dtí nach féidir caoi a chur orthu a thuilleadh. Níor cheap an Saoithín riamh go ndéarfadh sé a leithéid, ach ní mór dó snáthaid fuála agus snáth gorm a cheannacht in áit éigin.

Nod tís mar fhocal scoir: nigh do chuid éadaí in uisce fuar, le púdar níocháin nach ndéanann dochar don timpeallacht, agus triomaigh amuigh ar an líne iad seachas sa triomadóir!

Fág freagra ar 'Níor cheannaigh mé aon éadaí nua le breis agus leathbhliain anuas'