Níl Trump bailithe leis ná baol air…

Tá an cogadh cathartha i measc na bPoblachtánach i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag neartú rud a chuirfidh aon tacaíocht do bheartais fóirithinte i mbaol

Níl Trump bailithe leis ná baol air…

Má shíl aon duine go raibh muid réidh le Donald Trump agus an tionchar a bhí aige ar pholaitíocht na Stát Aontaithe bhí dul amú orthu. 

Dúirt tráchtairí go leor nuair a cuireadh deireadh leis an dara triail táinsimh an deireadh seachtaine seo caite go raibh deireadh ráite. Theip ar na Daonlathaigh móramh de dhá thrian a fháil chun Trump a chiontú agus b’in é. Go deimhin, den chéad uair tosaíodh ag díriú i gceart ar uachtaránacht Joe Biden agus na beartais a theastaíonn uaidh a chur i gcrích.

Meabhraíodh dúinn go bhfuil taithí beagnach dhá scór bliain ag Joe Biden sa Seanad agus go dtuigeann sé an bealach is éifeachtaí leis an gcóras a úsáid le nithe a chur i gcrích. Tá gá leis an taithí sin i gcás an phacáiste fóirithinte a theastaíonn ón Uachtarán a thabhairt isteach le roinnt ar na daoine is boichte sna Stáit Aontaithe. Mar chuid den phacáiste, ar fiú ¢1.9 trilliún é, teastaíonn ó Dhaonlathaigh áirithe go ndéanfaí íosráta pá na tíre a mhéadú go dtí $15 san uair. Seo polasaí atá ag Joe Biden, ach ní chreideann sé gur féidir é a bhaint amach sa reachtaíocht áirithe seo. 

Dúirt Bernie Sanders an tseachtain seo go gcaithfear brú ar aghaidh leis an ngeallúint ag an bpointe seo. Tuigeann Biden go maith go bhféadfadh seo deacracht a chothú dó agus gan é ach mí in oifig.

Idir an dá linn tá an cogadh cathartha i measc na bPoblachtánach ag neartú rud a chuirfidh aon tacaíocht do bheartais fóirithinte i mbaol. 

Agus níl Trump curtha ina thost ná baol air. D’eisigh sé ráiteas san oíche Dé Máirt ina ndearna sé ionsaí fíochmhar ar Mitch McConnell. Pusachán duairc gan gháire a thug sé ar cheannaire an pháirtí sa Seanad agus d’iarr sé ar an bpáirtí droim láimhe a thabhairt leis. Ghlacfá leis gur amhail páiste a bhí míshásta lenar dhúirt McConnell faoi tar éis an táinsimh a bhí Trump ach amháin gur lean sé ar aghaidh le bagairt a chuirfidh sceon in go leor Poblachtánach. 

Ba léir ón óráid a thug McConnell ag an deireadh seachtaine go dteastaíonn uaidh bearna a chruthú idir an páirtí agus an t-iar-uachtarán. Ach is léir go dteastaíonn ón iar-uachtarán leas a bhaint as aon tionchar atá aige ar an bpáirtí.

Tá sé i gceist ag Trump, a deir sé, tacú le hiarrthóirí a chreideann ann féin agus ina chuid polasaithe. Tá súil aige tacú le hiarrthóirí a chreideann sa mana ‘Make America Great Again’. Cé mhéad acu sin a bheidh san iomaíocht sna toghcháin lár téarma an bhliain seo chugainn? Is fáinne fí í an pholaitíocht sna Stát Aontaithe agus daoine ag sodar ó fheachtas amháin go feachtas eile. Is beag deis a bhíonn ann idir dhá fheachtas le dul chun cinn a dhéanamh nó athruithe a chur i bhfeidhm. Go deimhin, is féidir a rá nach túisce comhaireamh amháin thart ná tosaíonn an feachtas don chéad toghchán eile.

Tá roinnt mhaith Poblachtánach ann a mbeidh orthu rogha a dhéanamh fanacht dílis do cheannaireacht an pháirtí in Washington nó don fhear atá ag iarraidh seilbh a choinneáil ar an bpáirtí. Cé mhéad acu a bheidh ag faire ar a lucht tacaíochta áitiúil féin agus a ndearcadh i leith Trump agus cé mhéad acu a thabharfaidh tús áite do leas an pháirtí go náisiúnta? Níl de chinnteacht ag an tráth seo ach go bhfuil Donald J Trump fós lárnach sa pháirtí agus cá bhfios nach mbeidh a thionchar orthu cinniúnach arís lá níos faide anonn. 

Rud amháin atá cinnte – níl sé imithe áit ar bith.

Fág freagra ar 'Níl Trump bailithe leis ná baol air…'

  • Poraic o'hEipicín

    Trump Abú.
    Tá Trump ar son na Beatha.
    Beannacht Dé Leis.
    Go n-éirí Leis an céad uair eile.
    In Ainm Dé.