Bhí an oiread cainte sna meáin mhóra i dtaobh Chomhdháil Pháirtí an Lucht Oibre go ndéanfá dearmad go bhfuil an páirtí sin in ísle brí: tacaíocht 3% a bhí acu sa phobalbhreith is deireanaí agus 4.4% ar an meán a bhí acu sna 29 pobalbhreith a foilsíodh sna meáin mhóra i mbliana.
Is cosúil, ámh, go gcreideann RTÉ agus an Irish Times gur féidir rogha eile seachas Sinn Féin a thabhairt do na vótóirí trí Alan Kelly a chur chun cinn.
Cad eile a bhí taobh thiar den ardmholadh do Kelly in eagarfhocal an Irish Times, a luaigh “crógacht” an pháirtí nuair a bhí siad i mbun rialtais an uair dheiridh?
Cén chrógacht a bhain le loiceadh orthu siúd a thug tacaíocht duit nuair a gheall tú cur chuige difriúil dóibh ó chur chuige Frankfurt i leith na géarchéime baincéireachta?
Cén chrógacht a bhain le hualach na cánach a bhí ag teastáil le muid a thabhairt as na ngéarchéim a chur ar na daoine is boichte sa stát?
Is é an tréigean sin ar ndóigh an fáth go bhfuil a laghad tacaíochta ag Páirtí an Lucht Oibre anois. Ní chreideann na vótóirí iad nuair a labhraíonn siad faoi chúrsaí tithíochta, cearta oibrithe, nó polasaithe eile a bhaineann leis an eite chlé. Ní chreideann, mar tá a fhios acu nach féidir iontaoibh a bheith acu as rud ar bith a deir siad.
Go deimhin, in aitheasc an cheannaire, chosain Kelly ról an pháirtí sa rialtas. Ní féidir gan cáin a ardú, a mhaígh sé go trodach, agus é ag tagairt don cháin ar thithe cónaithe (ar thug sé cáin ar mhaoin uithi) cé nár luaigh sé na táillí uisce a raibh an oiread sin baint aige féin leo.
In ionad leithscéal a ghabháil leis an bpobal thug sé le fios go cinnte go ndéanfaidh sé féin agus an páirtí an rud céanna dá mbeadh siad i mbun rialtais arís in éineacht le Fine Gael nó le Fianna Fáil.
Chaith sé goineog tharcaisneach i dtreo Shinn Féin, ag ceistiú treoir mhorálta an pháirtí – masla má bhí a leithéid ann riamh. Agus d’fhógair sé gur Daonlathach Sóisialta ar dtús é agus Poblachtach ina dhiaidh.
Níor mhínigh sé, ar ndóigh, céard ba bhrí leis an bpoblachtachas dósan, is níor bhac sé le míniú cén chaoi a réiteodh a chuid cainte le dearcadh James Connolly.
Ach is fiú cuimhneamh nach mbeadh stát nó Dáil dár gcuid féin againn murach náisiúnachas na hÉireann.
Is cuid den mhiotas nua-liobrálach anois é a bheith caitheamh anuas ar an náisiúnachas, ach ní raibh aon rian den chiníochas ag baint riamh le náisiúnachas Tone, Emmet, David/James Fintan Lalor, Connolly, Pearse nó daoine eile mar iad. Ghlac náisiúnachas na tíre seo le chuile dhuine a rugadh anseo is a mhair anseo.
Agus ba léir óna chuid cainte gur láidre go mór an déistin a airíonn sé i gcoinne Shinn Féin ná easaontas ar bith idir é féin agus Fine Gael nó Fianna Fáil. Níor thagair sé do threoir mhorálta na bpáirtithe sin ar chor ar bith, ach dhearbhaigh sé nach mbeadh sé faiteach roimh dhul isteach i mbun rialtais.
Níl Sinn Féin curtha as an áireamh ar fad aige, agus b’fhéidir go mbeadh cibé líon suarach suíochán a gheobhaidh an páirtí riachtanach le móramh a thabhairt sa Dáil do rialtas faoi cheannas Shinn Féin.
Ach is léir nach féidir muinín ar bith a chur iontu. Mar a dúirt Louise O’Reilly, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, thug na Poblachtánaigh faoi deara an chaint a rinne Kelly ach is cuimhin leo freisin a ndearna an páirtí sin agus iad i rialtas.
Sin é ar ndóigh an deacracht is mó atá ag Sinn Féin. Bunaithe ar na figiúirí faoi láthair ba chóir go mbeadh siad go mór chun tosaigh ar aon pháirtí eile maidir le líon na suíochán, ach cé leis a ndéanfaidh siad comhrialtas?
Mar a dúirt mé thuas, seans maith nach mbeidh aon dul as acu ach iarracht a dhéanamh clár rialtais a aontú le Kelly is a dhream siúd, nó go deimhin leis an gComhaontas Glas. Ach is léir nach féidir iontaoibh a bheith acu as ceachtar díobh mar pháirtnéirí.
Fágann sé sin Fianna Fáil ar ndóigh. Tá an páirtí sin gafa, ní hamháin leis an rachmas ach leis an saorstátachas le fada an lá cé go bhfuil iarsma den phoblachtánachas sa pháirtí i gcónaí.
Cinnte, ní fhéadfaí socrú ar bith a dhéanamh le Micheál Martin ná le daoine cosúil leis, agus ní léir go fóill cén difear a dhéanfadh ceannaire nua do dhearcadh agus cleachtas an pháirtí.
Sea, níl aon bhealach réidh i dtreo rialtais ag Sinn Féin.
Concubhar
An rud is suntasaí nach luann Eoin nach bhfuil aon suim dáiríre ag Sinn Féin i gcúramaí Rialtais. Níl siad sásta glacadh le freagrachtaí a bhaineann le Rialtas ó thuaidh den teorainn – bionn siad go minic ag feachtasaíocht i gcoinne rialacha a bheartaíonn an Fheidhmeannas, atá siad ceannasach ann, amhail is gur sa Fhreasúra atá siad i bhfírinne. Sampla de seo abea an vóta a thug siad do chinneadh na dTórai gan leanúint leis an gcéim suas £20 in aghaidh na seachtaine do lucht faighte leas shoisíalta. In áit sin votáil siad ar son dearbhán siopadóireachta £100 do shaibhir is daibhir araon. Bí ag caint ar vótaí na ndaoine a cheannach le h-airgead na ndaoine (agus gan toghchán an Tionóil ró fhada uainn i mBealtaine 2022!). Is minic ag iad caoineadh nach orthu an locht ach gurb é Boris dána atá ag cur iachaill orthu amhlaid a dhéanamh.
Tá Eoin dall ar a leithéid de cháineadh ar SF ach ní miste leis bheith ag cáineadh páirtithe eile ar pheacaí atá SF chomh ciontach céanna ina leith.
Pádraig O'hEipicín
Í bhfad uainn an t-olc, Sinn Féin a bheith í gceannais ar an Tír.
Go bhfóire Dia orainn.
Antóin
An ceart ar fad ag an bheirt thuas. Nuair a theastaigh freasúra sa tír seo loic na Stickies Féin. Thug siad lántacaíocht don rialtas a chuir dianghlasáil i bhfeidhm. Ba chuma leo nuair a theip ar ghnólachtaí beaga. Ba chuma leo fá shláinte agus mheabharshláinte daoine. Iad lánsásta daoine a choinneáil faoi glas in óstáin in éadan a dtola – Internment na haoise seo. Agus anois muna bhfuil ár gcuid páipéirí le spáint againn níl cead isteach. Síorchreimeadh ár guid saoirse ar siúl agus gan smid astu. Scata fealltóirí iad ar aon dul leis na fealltóirí i bhFianna Fealltach Fáil agus i bhFine gan Ghael agus sna Giollaí Glasa agus i ngach páirtí eile a thréig muintir na tire seo.