Níl spórt is mó atá i mbaol de bharr Covid-19 ná an rásaíocht chapall

Idir phórúchán agus rásaíocht tá os cionn 29,000 post sa tír seo ag brath ar thionscal na gcapall a ghineann €1.84 billiún sa mbliain ina iomláine

Níl spórt is mó atá i mbaol de bharr Covid-19 ná an rásaíocht chapall

Féile Cheltenham. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

De na heagraíochtaí spóirt ar fad atá sa tír seo a bhfuil an Covid-19 ag fágáil a rian orthu níl ceann is mó atá i mbaol dá bharr ná an rásaíocht chapall.

Níl ann ach cosamar coicíse ó bhíothas ag ceiliúradh 15 as na 28 rás a ritheadh ag Féile Cheltenham na bliana seo a bheith buaite ag eacha atá faoi thraenáil in Éirinn, ach is maith atá a fhios acu siúd a bhfuil baint dá laghad acu leis an tionscal nach i bhfad ó shin chor ar bith a d’fhág an cúlú eacnamaíochta deireanach ar a nglúine iad.
Tá siad chomh mór céanna i gcontúirt inniu.

Sa mbliain 2007 bhí 12,119 capall tugtha do thraenálaithe na tíre seo ag os cionn 3,500 úinéir. Ní raibh capall riamh roimhe ag tuairim 20% acu sin. Deich mbliana dár gcionn bhí líon na gcapall laghdaithe 30% agus laghdú 50% tagtha ar líon na n-úinéirí – scrios déanta ar na sindeacáití a mbíonn ceann acu eatarthu ag suas le scór duine nó os a chionn. Murach leithéidí J.P. McManus, Rich Ricci agus Gigginstown bheadh scrios iomlán déanta.

Ag an am céanna laghdú fánach go leor a tháinig ar an líon a bhí ag obair sna stáblaí – sna cinn bheaga féin ní mór duine éicint a bheith ar fáil lena dtabhairt amach ag sodar gach maidin agus tráthnóna, lena mbeathú agus leis an sclábhaíocht eile atá riachtanach a dhéanamh. An lá faoi dheireadh a rinne Paul Nolan cur síos san Irish Times ar sheic a fuair sé ó dhuine as táillí a bhí ag dul dó deich mbliana ó shin – tá corrdhuine cneasta sa timpeall i gcónaí.

Chuir an cúlú traenálaithe beaga go leor de dhroim seoil, ach níor éalaigh roinnt den dream mór le rá ón gcontúirt ach an oiread. Ní raibh aon rogha ag an traenálaí Colin Murphy, ar bhuaigh a chapall ‘Brave Inca’ an Champion Hurdle in 2006, ach an stábla a dhúnadh agus obair oifige a thabhairt air féin. Ní raibh fanta i stábla Nolan ach trí nó ceathair de chapaill agus ní raibh de rogha ag Patrick Prendergast, a raibh a mhuintir ar an dream ba cháiliúla i dtaobh traenáil don talamh réidh, ach a dhul i bpáirt lena chomharsa ar Churrach Chill Dara, John Oxx.

In am na cinniúna, ní chuirfidh an dea-cháil féin greim i do bhéal.

Bhí siad siúd a mbíodh an t-airgead acu (nó ar ceapadh é a bheith acu) i ladhar an chasúir. Bhí tógálaí amháin a raibh 150 capall dá chuid scaipthe ag traenálaithe ar fud na tíre seo in 2008. Dhá bhliain dár gcionn bhí fiacha £265 milliún air i Sasana agus é i NAMA in Éirinn.
Is beag suim a bhí ag na leachtaitheoirí, ag na bancanna ná ag NAMA i gcapaill!

Is beag trua ach an oiread a bheadh agat do lucht an éirí in airde ná dóibh siúd a bhí ag caitheamh airgid nach raibh acu, ach idir phórúchán agus rásaíocht tá os cionn 29,000 post sa tír seo ag brath ar thionscal na gcapall a ghineann €1.84 billiún sa mbliain ina iomláine.

Ní lucht todóg ná Dom Pérignon iad siúd, ach feirmeoirí a chothaíonn cúpla láir ag súil agus go dtiocfaidh an lá a saolófar buaiteoir don Gold Cup dóibh, cailíní agus buachaillí óga a éiríonn roimh bhreacadh an lae geimhreadh agus samhradh ar bheagán pá agus a bhfuil an t-ádh leo dinnéar na Nollag a ithe faoi chompord. Saothraíonn cuid eile acu a mbeatha taobh thiar d’fhuinneoga an TOTE nó ag taisteal na tíre ag cur capaill isteach i stallaí tosaithe nó ag tógáil na gclaíocha a leagann siad.

Mar atá ráite agam níl sé ach cosamar coicíse ón am arbh é bratach na hÉireann an ceann ab airde a bhí ar foluain ag Féile Rásaíochta Cheltenham 2020 – an mhórócáid spóirt dheireanach a fheicfidh muid go ceann píosa, déarfainn.

Níor cheart go mbeadh cead a cinn tugtha don fhéile, ach ní díol iontais gur tharla sin i saol go mba thábhachtaí sláinte an ainmhí ná sláinte an duine acu siúd a bhfuil an chumhacht acu beartas a bheith déanta acu faoi. Ní raibh aon drogall orthu an fhéile a chur ar athlá in 2001 nuair a bhí an galar crúibe agus béil timpeall.

Níl bealach is fearr le léiriú a thabhairt ar an athrú atá tagtha ar thionscal capall na tíre seo agus ar an duibheagán atá ar leic na tairsí ná comparáid a dhéanamh idir ceiliúradh na coicíse seo caite agus ar thit amach ag Féile Cheltenham 2006 nuair a bhuaigh capaill Éireannacha 10 rás – an líon ba mhó go dtí sin.

15 rás a bhuaigh siad i mbliana, ach tabhair faoi deara go mba as stáblaí móra na dtraenálaithe cáiliúla Willie Mullins (7) agus Gordon Elliott (7) a tháinig siad ar fad, cé is moite den chapall ‘It Came to Pass’ a bhuaigh an Foxhunter Chase do Eugene O’Sullivan as Dúiche Ealla i gCorcaigh.

Bhí na 10 gcapall a bhuaigh in 2006 faoi chúram deichniúr traenálaithe éagsúla – Colm Murphy, Tony Martin, Philip Rothwell, John Joseph Murphy, Noel Meade, Eddie O’ Grady, Joe Crowley, M.J. O’ Brien, Raymond Hurley agus Mouse Morris.

Fág freagra ar 'Níl spórt is mó atá i mbaol de bharr Covid-19 ná an rásaíocht chapall'