Níl sna focail féin ach cuid den scéal…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: an dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir próis ná focail a aimsiú a chuirfeadh síos ar ghluaiseacht a léireodh rud nach féidir a chur i bhfocail

Níl sna focail féin ach cuid den scéal…

Tá sé de bhuntáiste ag an bhficsean clóite thar an scríbhneoireacht don scáileán, agus go deimhin don stáitse, gur féidir smaointe na gcarachtar a chur in iúl go nádúrtha, gan na haisteoirí a chur ag caint leo féin. Ar an lámh eile, tá sé de bhuntáiste ag an scáileán agus ag an stáitse gur féidir gluaiseachtaí a chur in iúl orthu go furasta. Ní hé nach féidir iad a chur in iúl ar an leathanach clóite, ach dom féin, mar scríbhneoir a scríobhann leabhair seachas scannáin nó drámaí, bíonn gluaiseachtaí na gcarachtar ar cheann de na dúshláin is mó a bhíonn romham agus mé i mbun pinn.

Ar thrí chúis.

Sa chéad áit, toisc go léiríonn gluaiseachtaí rudaí nach féidir a chur i bhfocail. Ach ní féidir iad a fhágáil amach: más fíor don síceolaí clúiteach Albert Mehrabian, gluaiseachtaí iad 55% den chumarsáid dhaonna, is ionann tuin na cainte agus 38 faoin gcéad, agus níl sna focail féin ach seacht faoin gcéad. Má tá tábhacht chomh mór sin leis an gcumarsáid neamhbhriathartha san fhíorshaol, ní mór go mbeadh amhlaidh ar an leathanach clóite freisin. An dúshlán a bhíonn roimh an scríbhneoir próis ná na focail a aimsiú a chuirfeadh síos ar an ngluaiseacht a léireodh an rud nach féidir a chur i bhfocail.

An dara dúshlán a bhíonn romham agus mé ag plé le gluaiseachtaí mo chuid carachtar ná srian a choinneáil orm féin. Don leathanach clóite a bhím ag scríobh, ach scríbhneoir ‘físiúil’ is ea mé: feicim an t-aicsean i mo chuid scríbhneoireachta romham mar a bheadh scannán i m’aigne, agus ba mhaith liom go bhfeicfeadh an léitheoir an ‘scannán’ céanna. Tá a fhios ag chuile dhuine nach féidir scannán a léiriú gan treoracha stáitse, ach is minic a thugaim faoi deara agus mé i mbun eagarthóireachta go bhfuilim tar éis dul thar fóir agus go mbíonn cuma script scannáin ar a bhfuil scríofa agam, seachas cuma úrscéil nó gearrscéil.

Le cúrsaí teanga a bhaineann an tríú deacracht a bhíonn agam agus cur síos á dhéanamh agam ar ghluaiseachtaí mo chuid carachtar, go háirithe nuair a bhím ag scríobh i dteanga nach labhraím ó dhúchas – i nGaeilge, mar shampla, ach tarlaíonn sé dom freisin agus mé ag scríobh sna teangacha eile a d’fhoghlaim mé tar éis dom na déaga a bhaint amach. Ar chúis éigin – b’aoibhinn liom tuairim saineolaí a chloisteáil faoi seo – ní chuirtear mórán béime ar an gcur síos ar ghluaiseachtaí i múineadh teangacha, nó tá rud éigin réamhshocraithe in aigne an duine a fhágann cuma mhínádúrtha ar an gcur síos ar ghluaiseachtaí i dteanga ar bith ach an teanga atá aige ón mbroinn – agus dá bharr sin, bíonn leisce air úsáid a bhaint astu.

Sampla beag: ‘ina luí in aghaidh an bhalla’ a bhíonn duine a bheadh ag baint taca as balla i nGaeilge. Is féidir liom an leagan cainte sin a fhoghlaim, cinnte, ach i gcoinne mo thola agus le masmas aisteach i mo ghoile a bhainfinn úsáid as. I mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, ní féidir le rud ar bith ach an rud a bheadh cothrománach a bheith ina luí, agus ar an ábhar sin mothaíonn sé – domsa – go bhfuil an domhan ar fad tar éis tiontú ar a thaobh nuair a deir duine éigin go bhfuil duine eile ina luí in aghaidh an bhalla.

Ar a laghad, ní bheadh an deacracht dheireanach sin ag duine a roghnódh scríobh sa teanga atá aige ón mbroinn.

Fág freagra ar 'Níl sna focail féin ach cuid den scéal…'