‘Níl sé thart fós’ – síneadh curtha leis an bhfoláireamh ‘Stádas Dearg’ go dtí maidin amárach

Tá síneadh curtha ag Met Éireann leis an stádas contúirte is airde dá bhfuil ann do chontae Átha Cliath, Chill Dara, Loch Garman, Chill Mhantáin agus na Mí

‘Níl sé thart fós’ – síneadh curtha leis an bhfoláireamh ‘Stádas Dearg’ go dtí maidin amárach

Tá síneadh curtha ag Met Éireann leis an bhfoláireamh sneachta agus seaca ‘Stádas Dearg’, an stádas contúirte is airde dá bhfuil ann, do chontae Átha Cliath, Chill Dara, Loch Garman, Chill Mhantáin agus na Mí agus mairfidh an foláireamh anois go dtí 9am maidin amárach.

Tá síneadh curtha go dtí 9am maidin amárach chomh maith  leis an bhfoláireamh ‘Stádas Oráiste’ do Chúige Mumhan, agus do chontae na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Laoise, an Longfoirt, na hIarmhí, an Chabháin agus Mhuineacháin.

Tá an tríú stádas is airde Stádas Buí i gceist i gcontae Dhún na nGall, Liatroma, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh.

Cé go bhfuil deireadh curtha ó mhaidin ag Met Éireann leis an rabhadh maidir le síobadh sneachta agus go bhfuil deireadh curtha chomh maith leis an rabhadh a tugadh do dhaoine fanacht sa bhaile tá sneachta ag titim go trom fós agus gaoth láidir ag séideadh i gcónaí in áiteanna.

Tá contúirt ag baint leis na bóithre ar fud na tíre go fóill agus comhairlítear do dhaoine a bheith fíorchúramach i gcónaí agus gan a bheith ag tiomáint mura bhfuil gá leis.

Dúirt Seán Hogan cathaoirleach an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála: “Níl sé thart fós. Tá an foláireamh dearg fós ann”.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar maidin go raibh sé “ceart go leor” dul amach ach gan a bheith ag tiomáint mura raibh gá leis.

“Tá an rabhadh contúirte fós i gceist. Tá sé ceart go leor dul amach, ach ná bí ag taisteal mura bhfuil sé riachtanach. Leanfaidh an sneachta ag titim arís inniu.

“Beidh an deireadh seachtaine caite faoin am go mbeidh gach rud ina cheart arís,” a dúirt an Taoiseach.

Bhí 34,000 tigh gan aon chumhacht tráthnóna i ndiaidh do Stoirm Emma agus an Torathar Anoir a lorg á fhágáil ar fud na tíre aréir.

Cé go bhfuil lá coscartha an tsneachta nach mór linn, dúirt an Taoiseach gur gá do dhaoine a bheith fíorchúramach go fóill agus dúirt sé go raibh “dúshláin mhóra” fós ann.

Fág freagra ar '‘Níl sé thart fós’ – síneadh curtha leis an bhfoláireamh ‘Stádas Dearg’ go dtí maidin amárach'