Níl sé ‘mhíchuí’ go mbeadh ‘Cúnant’ d’Arm na Breataine agus cearta Gaeilge sa reachtaíocht chéanna – DUP

Dúirt an DUP nach bhféadfaí a rá gur ‘tairiscint mhíchuí’ nó ‘seoladh an philibín óna nead’ a bhí in aon cheann de na moltaí a rinne an páirtí aontachtach le trí seachtaine anuas, ‘Acht Cultúir’ san áireamh

Níl sé ‘mhíchuí’ go mbeadh ‘Cúnant’ d’Arm na Breataine agus cearta Gaeilge sa reachtaíocht chéanna – DUP

Tá ráite ag an DUP nár thairiscint ‘mhíchuí’ nó ‘seoladh an philibín óna nead’ a bhí ina moladh go dtabharfaí ‘Acht Cultúir’ isteach, a chuimseodh Cúnant do shaighdiúirí Arm na Breataine, in áit ‘Acht Gaeilge’.

Dúirt urlabhraí de chuid an pháirtí leis an nuachtán The Irish News nár ‘tairiscint mhíchuí’ a bhí in aon cheann de na moltaí a rinne an páirtí aontachtach le linn na gcainteanna iarthoghcháin ó thuaidh.

Cháin uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, an moladh go dtabharfaí Acht Cultúir isteach a chuimseodh an Ghaeilge, an Ultais agus Cúnant do shaighdiúirí Arm na Breataine.

Mhaígh Adams gur “tairiscint gan bhrí” agus reachtaíocht “mhantach” a bhí i moladh an DUP i leith na Gaeilge agus nach mbeadh “údarás reachtúil, straitéis, cumhacht, ná maoiniú” ar bith ag an teanga faoin ‘Acht Cultúir’ a mhol an páirtí aontachtach.

Cháin sé go háirithe an moladh go mbeadh cearta phobal na Gaeilge áirithe le Cúnant do shaighdiúirí na Breataine, a thabharfadh cearta agus pribhléidí breise do bhaill agus d’iarbhaill arm na Breataine sa Tuaisceart.

Ach dúirt an DUP inniu go raibh na moltaí a chuir an páirtí sin chun cinn ar comhchéim leis na moltaí a chuir páirtithe eile chun cinn.

“None of the issues the DUP brought forward during the talks process could be described as a red herring. The issues we brought to the table were proportionate to those being proposed by other parties. It is unfortunate the talks broke down when they did,” a dúirt urlabhraí ón bpáirtí leis an Irish News.

Dúirt Gerry Kelly ó Shinn Féin, ar toghadh é chun Stormont ag tús na míosa, gur léiriú é an iarracht a rinne an DUP Cúnant Arm na Breataine a chur in Acht Gaeilge nach i ndáiríre a bhí an páirtí aontachtach agus iad i mbun na gcainteanna.

“An rud a theastaíonn anois ná Acht Gaeilge a thabhairt isteach faoi mar a aontaíodh i gComhaontú Chill Rímhinn,” a dúirt Kelly.

Cháin Gerry Adams moladh an DUP go géar sa Dáil Dé Céadaoin.

“Cén bhaint faoin spéir atá ag an nGaeilge le saighdiúirí Arm na Breataine? Cén bhaint faoin spéir atá ag cúnant saighdiúirí Arm na Breataine le reachtaíocht faoi chearta teanga? Bhí sé míchuí amach is amach.

“Níl aon deacracht ag Sinn Féin tacú leis an Ultais — is gné lárnach dár gcultúr í agus is mar sin a bhí le 400 bliain — ach an rud a theastaíonn ná Acht aonair Gaeilge,” a dúirt Adams.

Thug Adams le fios chomh maith gur dheimhnigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, do Shinn Féin le linn na gcainteanna iarthoghcháin, go raibh tacaíocht Rialtas na hÉireann ag an éileamh ar Acht aonair Gaeilge. Dúirt Adams go bhfuil dualgas “níos mó ná mar a bhí riamh” ar Rialtas na hÉireann gníomhú de réir na freagrachta atá orthu i dtaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Dúirt Uachtarán Shinn Féin gur “botún” a bheadh ann a cheapadh gurbh í ceist an Achta Gaeilge amháin ba chúis le teip na gcainteanna an tseachtain seo, cé go raibh baint ag an gceist sin leis an scéal.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘mhíchuí’ go mbeadh ‘Cúnant’ d’Arm na Breataine agus cearta Gaeilge sa reachtaíocht chéanna – DUP'