Níl sé i gceist seirbhísí nuachta RTÉ a chónascadh a thuilleadh — Mac Con Iomaire

Tá an tuairimíocht ann le fada go bhfuil sé i gceist ag RTÉ cónascadh i bhfad níos mó a dhéanamh ar sheirbhís nuachta Gaeilge na heagraíochta mar chuid den atheagar a rinneadh ar na seirbhísí sin le blianta beaga anuas

Níl sé i gceist seirbhísí nuachta RTÉ a chónascadh a thuilleadh — Mac Con Iomaire

Níl sé i gceist ag RTÉ tógáil ar an gcónascadh atá déanta cheana féin idir seirbhísí nuachta Gaeilge an chraoltóra náisiúnta, dar le Grúpcheannasaí Gaeilge na heagraíochta, Rónán Mac Con Iomaire.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais aréir, thug Mac Con Iomaire le fios go bhfuil comhoibriú ar bun idir Nuacht RTÉ, atá lonnaithe i mBaile na hAbhann i gConamara, agus seirbhísí nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta, atá lonnaithe cúpla míle siar an bóthar i gCasla, le tamall de bhlianta anuas ach nach bhfuil sé i gceist ag an eagraíocht an cónascadh sin a fhorbairt tuilleadh.

Bhí idirbheartaíocht i dtaca le hatheagar na seirbhíse nuachta Gaeilge ar siúl le roinnt blianta anuas. Ar na hathruithe a tháinig ar an soláthar nuachta Gaeilge in RTÉ de thoradh na hidirbheartaíochta sin, socraíodh go léifí an nuacht Gaeilge as ceannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla ar gach seirbhís raidió na chuid RTÉ agus go mbeadh comhoibriú idir na seirbhísí Gaeilge le hábhar a sholáthar ar líne.

Tá an tuairimíocht ann le fada go bhfuil sé i gceist ag RTÉ cónascadh i bhfad níos mó a dhéanamh ar sheirbhís nuachta Gaeilge na heagraíochta. Bhí aighneas taobh istigh den eagraíocht faoi sin agus ba iad oibrithe Raidió na Gaeltacht ba mhó a chuir a gcosa i dtaca maidir leis an atheagar nuachta nuair a fógraíodh i Lúnasa 2012 é. D’eisigh foireann RTÉ RnaG ráiteas ina ndúradh gur “masla” agus “ísliú céime” a bhí i gceist don stáisiún.

Agus é ar cuairt ag ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara i Feabhra 2013, dúirt iarCheannasaí Nuachta RTÉ, Kevin Bakhurst, go raibh an t-atheagar “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus go raibh gach duine “sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh”.

Dúirt Mac Con Iomaire ag cruinniú an lae inné go bhfuil an próiseas atheagair nuachta “ag feidhmiú go maith” agus gur ar leas na Gaeilge a bhí na hathruithe a rinneadh.

Dúirt sé go bhfuil curtha le stádas na bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn á gcraoladh ar stáisiúin uile raidió RTÉ ó thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta á gcraoladh ar bhuille na huaire agus go bhfuil feabhas mór tagtha ar na seirbhísí digiteacha Gaeilge a chuireann RTÉ ar fáil mar gheall ar úsáid níos éifeachtaí a bheith á baint as na hacmhainní atá ag an gcraoltóir náisiúnta.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist seirbhísí nuachta RTÉ a chónascadh a thuilleadh — Mac Con Iomaire'