Níl scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste  ‘iontaofa ná bailí’

Deir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go bhfuil ‘fadhbanna móra’ ag baint le Gaeilge na hArdteiste agus go mbíonn sé ró-éasca a thuar cad a bheidh á scrúdú

Níl scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste  ‘iontaofa ná bailí’

Níl scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste  “iontaofa ná bailí” toisc go mbíonn a bhfreagraí foghlamtha de ghlanmheabhair ag daltaí.

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a dúirt an méid sin i dTeach Laighean inné, mar a raibh cás Ghaeilge na hArdteiste á phlé ag cruinniú de chomhchoiste Oideachais an Oireachtais.

Dúirt Pádraig Ó Beaglaoich ó COGG go bhfuil “fadhbanna móra” ag baint le Gaeilge na hArdteiste agus go mbíonn sé ró-éasca a thuar cad a bheidh á scrúdú.

“Is fíor é seo maidir leis an scrúdú cainte, ach go háirithe. Níl an scrúdú iontaofa ná bailí de bharr go mbíonn suas le dhá bhliain ag iarratasóirí tromlach d’ábhar an scrúdaithe a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

“Anuas air sin, bronntar 40% de na marcanna iomlána ar scrúdú cainte réamhullmhaithe nach leanann thar 15 nóiméad agus tá sé seo ag cur torthaí na hArdteistiméireachta don Ghaeilge as a riocht.”

Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, ag an gcruinniú céanna, nach raibh na scrúdú céanna oiriúnach do dhaltaí Gaeltachta.

Tá íobairt agus iarrachtaí móra déanta ag na tuismitheoirí seo le Gaeilge a thabhairt dá gclann agus a gcroíthe cráite ag córas easnamhach atá ag sú na teanga astu.

“Tá scéalta cloiste againn ó thuismitheoirí a bhrisfeadh do chroí. Duine óg – cainteoir cumasach – ag foghlaim script de ghlanmheabhair don scrúdú cainte le focail choimhthíocha nuachumtha sa chaighdeán oifigiúil ná raibh riamh sa chaint – mar gurb shin atá le déanamh sa scrúdú sin le go dtuigfear tú.

“Duine óg cumasach eile – cainteoir lena seasfá sa sneachta ag éisteacht – a raibh fíordheacrachtaí acu i gcúrsa tríú leibhéal sa Ghaeilge mar gheall ar an bhfreastal easnamhach ar chainteoirí dúchais sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Cén bhail atáimid a chur ar ár ndaoine óga? Agus ar ár dteanga,” arsa Sorcha Ní Chéilleachair.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, go raibh cúrsa Gaeilge na hArdteiste mar atá “róbhunúsach” do dhaltaí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Ghaeilge.

“Teastaíonn go dtógfaí ar an líofacht a bhaineann siad amach,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.

Is léir go bhfuil scrúdú Gaeilge na hArdteiste ag éirí ‘níos éasca’ le roinnt blianta anuas.

In 2021, d’éirigh le 61% den 25,596 duine a chláraigh do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge san Ardteist ceann de na trí ghrád is airde a fháil, is é sin marc os cionn 70%.

Fuair 54% na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla agus 53% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar ab éasca le torthaí maithe a fháil ann.

Deir COGG gur chóir athstruchtúrú a dhéanamh ar an scrúdú cainte ionas nach mbeifear ábalta a thuar cad a bheidh sa chomhrá roimh ré agus molann siad gur chóir an scrúdú cainte agus scríofa a bhunú ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach.

Fág freagra ar 'Níl scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste  ‘iontaofa ná bailí’'

  • Antóin

    “Níl scrúdú cainte Gaeilge na hArdteiste “iontaofa ná bailí” toisc go mbíonn a bhfreagraí foghlamtha de ghlanmheabhair ag daltaí” a deirtear.

    Ní haon eisceacht í an Ghaeilge. Foghlaimíonn daltaí aistí Béarla, Gaeilge, Staire, Tíreolaíochta srl de ghlanmheabhair chuile bhliain. Gan sin ní bheadh sé de mhisneach ag cuid mhór acu aon scrudú a dhéanamh.

    Maidir leis an scrudú cainte agus an dá bhliain ullmhúcháin a bhíonn ag daltaí is mar an gcéanna é do gach teanga eile. Foghlaimíonn daltaí freagraí réamhullmhaithe don scrúdú Fraincise, Spáinnise srl. Go bhfóire Dia ar na múinteoirí bochta ag míniú do na daltaí nach mbeifear ábalta a thuar cad a bheidh sa chomhrá roimh ré.

    Glacaim áfach nach cóir do chainteoirí cumasacha Gaeilge a bheith ag foghlaim script de ghlanmheabhair ach bheinn ag súil go mbeadh ‘focail choimhthíocha nuachumtha sa chaighdeán oifigiúil’ ar eolas acu má tá siad chun labhairt faoi ábhair nuachta na linne seo.

    D’fhéadfaí athrú beag amháin a dhéanamh sa scrúdú cainte Gaeilge áfach. Nuair a tugadh isteach an tsraith pictiúr ar dtús bhíothas ag súil go spreagfaí daltaí le saorchomhrá a dhéanamh faoi na pictiúir. Ní mar sin a tharla. Chuaigh na foilsitheoirí leabhar i gceann oibre agus níorbh fhada go raibh fiche ‘scéal/aiste’ ar fáil i bhfoirm leabhair. Ní raibh le déanamh ansin dar leis na daltaí agus leis na múinteoirí ach an fiche “scéal /aiste” a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Bhí deireadh láithreach le saorchomhrá agus le héagsúlacht agus le samhlaíocht. D’fhéadfaí é sin a athrú ach pictiúir úrnua nach bhfacthas cheana a thabhairt do na daltaí lá an scrúdaithe.

  • Pearse Ahern

    Aontaím go hiomlán le hAntóin maidir leis an tSraith Pictiúr. Sa scrúdú TEG ní fheictear iad roimh an agallamh agus mar sin tá an tasc i bhfad in Éirinn níos idirghíomhaí. Mar aon leis sin léigh mé go tiubh faoi chóras darb ainm an OPI (oral proficiency interview) atá á usáid ag teagascóirí na Gaeilge in Ollscoil Pittsburgh. Is córas iontach é agus mholfainn do gach duine le suim sa Ghaeilge cuardach ar an OPI a dhéanamh ar líne.