Níl saol Gerry Adams ar eolas againn go fóill – seo caibidil amháin eile sa seanchas

Ina leabhar nua, tá Malachi O’Doherty i muinín míreanna cúlchainte agus eile le feoil a chur ar chnámha shaol Gerry Adams.

Níl saol Gerry Adams ar eolas againn go fóill – seo caibidil amháin eile sa seanchas

Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Gerry Adams: an unauthorised life
Le Malachi O’Doherty
Faber & Faber

‘Gerry Adams is one of the most successful politicians in the democratic world,’ a scríobhann Malachi O’Doherty ina leabhar nua, Gerry Adams: an unauthorised life. Ráiteas atá ansin; ní moladh. Tá Adams ina cheannaire páirtí (ní raibh sé riamh san IRA) ó ghlac sé féin agus a eite seilbh ar Shinn Féin ó Ruairí Ó Brádaigh agus a lucht tacaíochta breis agus 30 bliain ó shin, tréimhse dochreidte fada ag ceannaire ar bith polaitíochta.

Tugann leabhar O’Doherty léargas ar chultas sin Adams – agus ní dócha go bhfuil an focal sin ‘cultas’ róláidir agam sa chás seo. Spreagann Adams dílseacht i measc a lucht tacaíochta a chuirfeadh Dev nó Collins i gcuimhne duit; dílseacht gan cheist, dílseacht an fhíréin. Don té nach gcreideann ann – idir náisiúntóirí neamharmtha agus aontachtaithe – a mhalairt de thuairim atá ann. Amharcann siad air mar dhiabhal déanta. Tá siad chomh láidir á cháineadh agus atá a chairde á mholadh.

Rianaíonn O’Doherty scéal Adams siar go dtí a óige i mBéal Feirste; scrúdaíonn sé saol a chlainne agus saol na polaitíochta mar a bhí Adams ag éirí aníos sna 1960í agus 1970í. Cuireann sé síos ar Bhéal Feirste go cumasach, ar na daoine, ar na sráideanna, ar an mheon nó is d’iarthar Bhéal Feirste é O’Doherty, iriseoir ábalta, oiread chéanna le Adams.

Bíodh sin mar atá, ní dóigh liom go raibh tuiscint ar bith ag glúin Adams d’iarthar Bhéal Feirste mar cheantar ar leith. ‘Belfastman’ a thugadh an ghlúin sin orthu féin. Ní raibh an chathair scoilte ina ceithre chuid mar atá anois. Dhéanadh Caitlicigh siopadóireacht ar Bhóthar na Seanchille; níorbh ann do na ballaí ‘síochána’. Théadh daoine chun na bpictiúrlann cibé áit a ba mhian leo; bhíodh póilíní de chuid an RUC ina gcónaí ar Bhóthar na bhFál agus sna ceantair máguaird; shiúladh Fir Bhuí síos Bóthar na bhFál ar an Dóú Lá Déag agus théadh Protastúnaigh ar sheirbhísí eaglasta in iarthar na cathrach fosta.

Ní hionann sin agus a rá nach raibh deacrachtaí, dífhostaíocht agus seicteachas ann. Bhí. Tá O’Doherty le moladh as an tseanchathair sin a thabhairt chun beatha arís, cathair a bhí lán contrárthachtaí. Mhair na “auld decencies” mar a thug iarcheannaire de chuid an SDLP, Séamus Mallon, orthu. Ach níor tháinig na hauld decencies slán ar fad sna 1960í agus sna blianta fuilteacha a lean; níor leor iad le cosc a chur ar ár agus ar anbhás.

Déanann O’Doherty iarracht leis an pháirt sin a bhí ag Adams sa ruathar sin chun ‘réabhlóide’ a léiriú – an chaint mhístuama a bhí ag mórán daoine de gach aon imir; an ghráin a fuair an lámh in uachtar ar an ghrá; an chaint leathchoganta a ruaig an chiall cheannaithe agus na gunnaí, buamaí agus bás a lean an chaint leathchoganta gan chiall.

Is é an rud is mó a bhainfeá as an leabhar seo nach raibh plean ar bith ag Adams le poblacht (shóisialach nó eile) a thabhairt ar an tsaol. Ní raibh sa méid sin ach caint mhí-aibí ag daoine nach raibh an chuid ab fhearr den léann orthu. B’fhusa ag poblachtánaigh de gach aon sórt focail an Phiarsaigh nó Connolly a tharraingt as leabhar ná plean ar bith fiúntach polaitíochta a chur le chéile.

Bhí Adams i lár an aonaigh chomh fada agus a bhí sé leis an chaint de. Bhí sé i láthair ag ócáidí. Labhair sé le daoine ach ní thuigfeá go deo cad é an dóigh ar spreag sé daoine le hé a leanstan, cad é an dóigh gur bhain sé ceannasaíocht na gluaiseachta de sheantrodairí ar nós Uí Bhrádaigh. (Bhí Ó Brádaigh san IRA, dála an scéil). Bhí Adams ar son dreama amháin; bhí sé ina n-éadan; bhí sé idir eatarthu; bhí sé ag caint; bhí sé ag éisteacht; bhí sé ag machnamh faoina chroí. Is é an damhán alla ar an bhalla é Adams; ní Cathal Guevara. (Cad é an seans go mbeidh Gerry Adams ar stampa?).

Tá teideal an leabhair rud beag áiféiseach sa chomhthéacs sin. ‘An unauthorised life’?. Sea, bhuel. Ní raibh seans ar bith ann go labhródh Adams le O’Doherty faoina shaol toisc go bhfuil cur síos rólom déanta ag an údar ar pheacaí na bpoblachtánach thar na blianta. Fágann sin go bhfuil O’Doherty i muinín míreanna cúlchainte agus eile le feoil a chur ar chnámha shaol Adams. Ní beathaisnéis chríochnúil í seo ach portráid an agóidí mar pholaiteoir.

(Déarfainn gur fearr leabhar eile de chuid O’Doherty – The Trouble with Guns – le léargas a thabhairt ar chúrsaí an Tuaiscirt. Leoga, bíodh is gur persona non grata faoi láthair é, tá leabhar Kevin Myers – Watching the Door – ar an leabhar is fearr ar fad faoi fhoréigean an Tuaiscirt.)

Níl saol Adams ar eolas againn go fóill. Seo caibidil amháin eile sa tseanchas; ábhar nach mairfidh b’fhéidir ach a chuireann scéal Adams os comhair an phobail uair amháin eile. B’fhéidir gur sin uilig go léir is féidir a dhéanamh faoi láthair.

Fág freagra ar 'Níl saol Gerry Adams ar eolas againn go fóill – seo caibidil amháin eile sa seanchas'