Níl san 70 scoláire iarchéime nua i nDoire ach sceach i mbéal bearna ach is céim dhearfach í

Trí bliana is fiche tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta níl díbhinn síochána ar bith faighte ag Doire

Níl san 70 scoláire iarchéime nua i nDoire ach sceach i mbéal bearna ach is céim dhearfach í

B’fhada muintir Dhoire ag fanacht leis. Maidin Dé Luain osclaíodh Scoil Leighis Ollscoil Uladh i gColáiste Mhic Aoidh i nDoire. 70 mac léinn a chláraigh le traenáil mar dhochtúirí agus máinlianna ar chúrsa iarchéime a mhairfidh ceithre bliana.

Tús beag é seo mar fhreagra ar dhá éileamh. Ó thaobh an oideachais is comhartha é go bhfuil aird éigin á tabhairt ar an bhfeachtas chun  ollscolaíocht a fhorbairt sa chathair, fiú más go drogallach é. Ó thaobh an leighis is iarracht é dul i ngleic le bearnaí sa tseirbhís sláinte agus tá ciall leis ó tá an scoil altranais i Magee.

Tá ganntanas dochtúirí teaghlaigh agus speisialtóirí in ospidéil ag goilliúint ar an tseirbhís ina hiomláine ach tá an scéal fíorphráinneach taobh thiar den Bhanna. Tá baint mhór ag easpa foirne leis an ngéarchéim a bhí follasach sna hospidéil le blianta agus liostaí feithimh ag imeacht ó smacht go seasta.

Tá ospidéal galánta nua in Inis Ceithleann ó 2012 ach níl cuid de na seirbhísí ag feidhmiú ansin go fóill d’uireasa foirne. Is cinnte go mbeadh sé níos furasta comhairleoirí iomráiteacha a mhealladh chun oibre in Inis Ceithleann agus gur chabhair freisin é d’Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire méadú a bheith ar líon na mac léinn a bheadh ag foghlaim iontu. Go dtí seo ba í Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste an t-aon institiúid ardléinn ina raibh scoil leighis; 270 mac léinn a cheadaítear ansin agus is léir nach leor é.

De réir athbhreithniú a rinne an Roinn Sláinte cúpla bliain ó shin, sula raibh trácht ar an bpaindéim bhí 100 mac léinn leighis sa bhreis in aghaidh na bliana de dhíth chun freastal ar riachtanais sláinte Thuaisceart Éireann. Ina theannta sin áiríodh go mbeadh gá le 1,000 comhairleoir sa bhreis faoin mbliain 2033.

Níl san 70 scoláire iarchéime nua i nDoire ach sceach i mbéal bearna ach is céim dhearfach í an scoil a bheith oscailte dhá bhliain i ndiaidh an spriocdháta a bhí leagtha síos don tionscnamh. Easaontas faoi mhaoiniú faoi ndear an mhoill sin, a deirtear, ach ní féidir easpa tacaíochta a chur as an áireamh. Anois féin níl buiséad aontaithe don chéad bhliain eile, ní áirím socruithe a bheith déanta chun 100 mac léinn a chlárú. Thairis sin tugadh geallúintí i réiteach athnuachana Stormont bliain go leith ó shin go gcuirfí dlús le mórfhorbairt ollscolaíochta i nDoire agus 10,000 mac léinn mar sprioc do Choláiste Mhic Aoidh.

Bhí níos mó ná dream amháin ag tarraingt na gcos. Tá i bhfad níos mó airde ag Ollscoil Uladh ar a campas nua, gléineach, an-chostasach i mBéal Feirste ná mar atá ar an gColáiste i nDoire. Cé gur cáilíocht de chuid Ollscoil Uladh a bheidh ag na dochtúirí ar an gcúrsa iarchéime ní raibh an ollscoil toilteanach an costas a sheasamh agus b’éigean do Stormont é a íoc.

Tá stair an chaidrimh idir an dá institiúid corrach gan dabht. Tá sé beagnach trí scór bliain ó chinn an rialtas Aontachtach in Stormont gur i mbaile (aontachtach) Chúil Raithin agus nach san dara cathair (náisiúnach), Doire, a bhunófaí Ollscoil Nua Uladh. Ba as an mbuille sin do Dhoire agus do Choláiste Mhic Aoidh a d’eascair feachtasaíocht ar son na gceart ag John Hume agus a chomhaoisigh.

Ní ar an Ollscoil atá freagracht as an gcinneadh faoina suíomh ach fágann sé go bhfuil roinnt, idir pholaiteoirí agus lucht acadúil nach mian leo aon bhlas de chuid na hOllscoile a ligean le Doire. Is cuid d’Ollscoil Uladh é Coláiste Mhic Aoidh ó 1970 ach maíonn lucht feachtais go ndearna lucht ceannais na hOllscoile neamhshuim den láthair ariamh agus go raibh siad chomh gortach le maoiniú is a d’fhéadfaidís a bheith.

Tá roinnt aontachtaithe cosantach faoin suíomh i gCúil Raithin freisin d’ainneoin an Ollscoil a bheith an-tógtha le campas Bhéal Feirste. San earrach i mbliana léirigh Aire Eacnamaíochta Stormont, Diane Dodds, DUP, imní go bhfágfaí Cúil Raithin ar an ngannchuid de bharr tacaíochta do Choláiste Mhic Aoidh.

Tá amhras mór ar lucht feachtais i nDoire faoi rún Ollscoil Uladh agus go leor den bharúil gur cheart ollscoil nua an iarthuaiscirt a bhunú sa chathair; tá caint thuaidh agus theas faoi institiúid a bheadh tíolactha do John Hume. Má theipeann ar Ollscoil Uladh agus Stormont cur leis an obair forbartha ar cuireadh tús léi Dé Luain treiseofar ar an bhfeachtas sin. Tá ollscoil rathúil sa chathair mar bhunriachtanas ag na páirtithe polaitiúla agus sa City Deal, plean infheistíochta agus forbartha. Trí bliana is fiche tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta níl díbhinn síochána ar bith faighte ag Doire. Is mithid – agus ba chóir an ollscoil a bheith ina chuid di.

Fág freagra ar 'Níl san 70 scoláire iarchéime nua i nDoire ach sceach i mbéal bearna ach is céim dhearfach í'