Níl RTÉ sásta dul ar aghaidh le craoladh ‘Nuacht TG4’

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé curtha in iúl ag RTÉ do TG4 nach bhfuil siad sásta dul ar aghaidh le socruithe nua maidir le soláthar nuachta Gaeilge an dá stáisiún

Níl RTÉ sásta dul ar aghaidh le craoladh ‘Nuacht TG4’

Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil RTÉ sásta dul ar aghaidh leis an socrú go gcraolfaí Nuacht TG4 ar RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Bhí cainteanna ar bun idir an dá stáisiún le tamall faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge agus bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Gaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

Ach tá amhras mór faoina bhfuil i ndán don phlean sin ó thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach bhfuiltear sásta anois go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie go raibh “idirbheartaíocht faoin soláthar nuachta” fós ag dul ar aghaidh le RTÉ agus gurb é “mian” TG4 “i gcónaí” ná a chinntiú go ndéanfaí “an infheistíocht is fearr a d’fhéadfaí i mbranda Nuacht TG4”.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ nach bhféadfaí aon rud a rá faoin gcás agus “plé fós ar bun”.

Tuigtear, áfach, go raibh idir alltacht agus díomá ar lucht bainistíochta TG4 faoin scéal agus iad den tuairim go raibh an margadh déanta maidir leis na socruithe nua a bhí le teacht i bhfeidhm i mí Eanáir.

Faoin múnla nua eagarthóireachta a bhí beartaithe do chláir nuachta TG4 agus RTÉ, leagfaí béim ar scéalta nuachta réigiúnacha, Gaeltachta agus Gaeilge seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla ar Six One díreach i ndiaidh an fheasacháin Ghaeilge ar RTÉ agus roimh an bhfeasachán nuachta ar TG4.

Bheadh an léitheoir nuachta céanna i mbun na bhfeasachán ar fad, ar RTÉ News Now, ar RTÉ 1 agus ar Nuacht TG4 ag 7pm.

De réir an phlean, ‘aon bhranda amháin’ a bheadh ag nuacht teilifíse na Gaeilge feasta, agus Nuacht TG4 a bheadh á úsáid ag RTÉ agus TG4.

De réir comhfhreagrais atá feicthe ag Tuairisc.ie, chuir lucht bainistíochta na nuachta in RTÉ baill d’fhoireann Nuacht TG4 ar an eolas le déanaí faoi na socruithe a bhainfeadh leis an athrú sin.

Dúradh sa chomhfhreagras sin gurb é an cur chuige a bheadh ag nuacht na Gaeilge ar RTÉ One agus TG4 feasta ná go mbeadh an ‘Súil Eile’, a samhlaíodh le TG4 ó thús, sa treis.

“Beidh an t-ábhar ar RTÉ One agus ar News Now ag teacht le cur chuige an ‘Súil Eile’, cé go mbeidh sé níos giorra. Fágann sé seo gurb é a bheidh sna scéalta ar na cláir ag 17.00 agus 17.45 ná leaganacha níos giorra den ábhar a bheidh ar Nuacht TG4 ag 19.00.

“I mbeagán focal, is í Súil Eile TG4 a bheidh ag brú rogha ár scéalta, agus is ón rogha sin a roghnófar scéalta do RTÉ One agus RTÉ News Now,” a dúradh sa chomhfhreagras atá feicthe ag Tuairisc.ie.

Dúradh gur dóichí ná a mhalairt go mbeadh mórscéal náisiúnta nó polaitíochta an lae mar chuid de na cláir nuachta chomh maith.

“An t-aon difríocht a bheidh ann idir na leaganacha de na tuairiscí do RTÉ One agus do TG4 ná a bhfad,” a scríobhadh.

Tá amhras mór ann anois, áfach, faoi na socruithe sin ar fad agus constaic nach raibh aon choinne léi le sárú má táthar le tús a chur le ré nua i stair na craoltóireachta Gaeilge mar a bhí beartaithe.

Fág freagra ar 'Níl RTÉ sásta dul ar aghaidh le craoladh ‘Nuacht TG4’'

  • bridòg

    Cè scríobh seo ?

  • AnRógaire

    Níl aon chiall le ‘Nuacht TG4’ a thabhairt ar na feasacháin a chraolfar ar RTÉ. Nach foireann RTÉ a sholáthraíonn Nuacht TG4 pé scéal é?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…leagfaí béim ar scéalta nuachta réigiúnacha, Gaeltachta agus Gaeilge seachas ar na mórscéalta céanna a chraoltar i mBéarla…’

    Sílim go dtarlaíonn seo i dtíortha eile ar fud an domhain. Tá a fhios agam go dtarlaíonn sé sa Ríocht Aontaithe nó bíonn an nuacht áitiúil/réigiúnach craolta i ndiaidh na mórscéalta. Cé gur an stáisiún teilifíse céanna a dhéanann é ní fheicim deacracht ar bith go ndéanfadh TG4 an nuacht Gaeilge agus Gaeltachta a chraoladh ar RTÉ (rud a ba cheart do RTÉ bheith ag déanamh ach nach bhfuil).

    Ach má tharlaíonn ciorruithe amach anseo an í an Ghaeilg agus na cláir Gaeilge a bheas thíos leis?…