Níl oiread is an cur i gcéill féin ar siúl go bhfuiltear ag iarraidh Stormont a athbhunú

Bhí an caidreamh idir an DUP agus Sinn Féin go dona i ndiaidh theip na gcainteanna an t-am seo anuraidh ach tá sé níos measa anois

Níl oiread is an cur i gcéill féin ar siúl go bhfuiltear ag iarraidh Stormont a athbhunú

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Bliain agus an t-am seo chuir ceannaire an DUP, Arlene Foster, stop go tobann le cainteanna réitigh idir a páirtí agus Sinn Féin. Baineadh siar as an dá rialtas ar lá fhéile Vailintín nuair a d’eisigh Foster fógra go raibh an DUP ag tarraingt amach as idirbheartaíocht. Baineadh stangadh as Sinn Féin freisin; mhaígh siadsan go raibh dréachtmhargadh aontaithe acu leis an DUP.

Bhí na rialtais chomh cinnte sin go raibh comhréiteach déanta ag an dá pháirtí le chéile chun filleadh ar an bhFeidhmeannas gur thug Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus an Taoiseach, Leo Varadkar, cuairt ar Stormont. Cuairt in aisce ab ea í.

Scéal thairis é anois ach ní raibh cosmhuintir an DUP ná cuid de na feisirí Parlaiminte toilteanach glacadh leis an margadh/dréacht-mhargadh/na moltaí, bíodh do rogha ainm agat air. D’imigh siad le cuthach i ngeall ar ráflaí go raibh Acht Gaeilge san áireamh agus theip ar Arlene Foster an socrú a dhíol leo. Nuair a sceitheadh an dréachtsocrú ní mó ná sásta a bhí lucht leanúna Shinn Féin a mheas go raibh sladmhargadh faighte ag an DUP fiú murar aithin siad é.

Bhí Theresa May agus Leo Varadkar anseo arís an tseachtain seo caite, ise Dé Máirt is Dé Céadaoin agus eisean ar an Aoine. Bhuail siad araon leis na cúig pháirtí is mó in Stormont. B’fhéidir nach tae agus suí caidrimh a bhí i gceist ach ní raibh éinne ag cur i gcéill go rabhthas ag iarraidh próiseas athnuachana a thionscnamh.

Ní nach ionadh is ar a cuid fadhbanna leis an mBreatimeacht a dhírigh Príomh-Aire na Breataine ina hóráid phoiblí. Dhá bhliain ó thit Stormont ní dhearna sí ach sracthagairt don bhfolús. Mar aguisín lena geallúint go gcinnteodh sí Breatimeacht nach ndéanfadh dochar do Thuaisceart Éireann, tharraing sí aird ar feadh nóiméid ar dhílarú cumhachta. Tá súil agam, ar sí, nuair a bheidh sin déanta go mbeimid in ann céimeanna a ghlacadh i dtreo athnuachan na déabhlóide ionas go mbeidh polaiteoirí abhus in ann filleadh ar an obair agus ar cheisteanna a bhfuil práinn leo don bpobal. Abairt atá ag cur thar maoil le coinníollacha. Ní inniu ná amárach, mar sin.

Níor deineadh aon phlé substaintiúil ar fhuascailt na sáinne nuair a bhuail an Príomh-Aire May leis na páirtithe in Stormont. Agus ba é an scéal céanna é nuair a bhuail an Taoiseach leis na cúig pháirtí ina gceann agus ina gceann ag áras i ndeisceart Bhéal Feirste. Bhí na páirtithe aontachtacha, an DUP agus an UUP, ag tathant air a bheith tuisceanach faoin eagla atá orthu roimh an gcúlstad. Bhí Sinn Féin, an SDLP agus Alliance á ghríosú chun cloí leis an gcúlstad.

Chluinfeá na cait ag gáire ar fud an tuaiscirt nuair a dúirt an Státrúnaí Karen Bradley le déanaí go raibh athnuachan Stormont i measc a tosaíochtaí. Ar a laghad níor dhúirt sí an uair seo gurbh é sin a príomhthosaíocht. Is é fírinne an scéil nach tosaíocht ag éinne é tar éis dhá bhliain pairilise.

Glactar leis go forleathan nárbh fhiú iarracht a dhéanamh an tsáinn a fhuascailt go dtí go mbeadh an Breatimeacht fuascailte. Bhí an caidreamh idir an dá phríomhpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, go dona i ndiaidh theip na gcainteanna an t-am seo anuraidh ach tá sé níos measa anois. Ghéaraigh an Breatimeacht ar an imreas eatarthu.

Chothaigh diongbháilteacht an DUP i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach d’ainneoin mianta an phobail abhus bearna mhór idir iad agus Sinn Féin, SDLP, Alliance agus Comhaontas Glas. Thairis sin tá míshuaimhneas cothaithe ag an mBreatimeacht i measc sciar mór den phobal agus treisiú dá réir ar an gcaint i dtaobh reifreann faoi cheist na teorann. Tá roinnt náisiúnaithe ag maíomh go gcaithfear Stormont a chaitheamh i dtraipisí agus tabhairt faoin ullmhúchán d’Éire nua/aontaithe/fheidearálach mar chuid den AE gan mhoill. Fiú dá bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de sin agus is mór an ‘dá’ é. Cé na socruithe a dhéanfaí faoi chóras rialacháin idir an dá linn? Má scriostar Stormont cad a chuirfear ina áit?

Údar imní agus díomá ag páirtithe aontachtacha iad tuairiscí go raibh airí rialtais i Londain ag caint an tseachtain seo caite faoi reifreann ar Éirinn nua a bheith dosheachanta dá mbeadh Breatimeacht crua ann. Deir ionadaithe ón DUP gur ar Leo Varadkar a bheadh an milleán as teorainn chrua ach is iomaí duine abhus a déarfadh gurbh iad an DUP a bheadh ciontach.

Le bheith réalaíoch caithfidh gach dream a admháil gur ghá do dhuine nó institiúid éigin freagracht a ghlacadh as rialtas abhus. Gan riail dhíláraithe ná riail dhíreach ó Westminster tá go leor san fhaopach. Ní féidir leanacht ar an gcúrsa sin i bhfad eile. Tá an dá rialtas gafa leis an mBreatimeacht agus teannas sa chaidreamh eatarthu dá bharr. Ní bheadh aon mhuinín as cathaoirleacht na Breataine ar chainteanna nua mar gheall ar an nasc atá idir na Caomhaigh agus an DUP sa mhargadh soláthair agus muiníne eatarthu.

Is furasta a thuiscint cé na fáthanna a bhfuil tarrtháil Stormont curtha ar an méar fhada ach ní fónamh ar shaoránaigh é.

Fág freagra ar 'Níl oiread is an cur i gcéill féin ar siúl go bhfuiltear ag iarraidh Stormont a athbhunú'