Níl mo mháthair ar leaba a báis ach phleanáil muid a sochraid inné…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: colún faoin ghalar Alzheimer. Rinne máthair ár gcolúnaí, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, a huacht bheo le gairid

Níl mo mháthair ar leaba a báis ach phleanáil muid a sochraid inné…

Phleanáil muid sochraid mo mháthar inné. 

Níl sí ar leaba a báis, ná baol air – ach tá galar Alzheimer uirthi.

Uacht bheo a bhí á déanamh againn, cáipéis dlí a thugann deis don duine a mhianta a léiriú do thréimhse dá shaol nach mbeadh sé ar a chumas (de bharr ghalar Alzheimer, mar shampla) a mhianta a léiriú go pearsanta nuair a thiocfaidh ceisteanna tábhachtacha aníos. Ceisteanna faoi chúrsaí leighis, cúram seanaoise, cúrsaí airgid, deonú orgán, socruithe sochraide – an cineál sin rudaí.

Toisc go bhfuil cónaí ar mo mham san Ísiltír, áit a bhfuil an eotanáis dheonach ar fáil ón mbliain 2002 i leith, tháinig an cheist sin aníos freisin. 

Ní duine í mo mháthair a ghéilleann go héasca; b’fhearr léi cur suas le pian go ciúin ná a admháil go bhfuil pian uirthi ar chor ar bith agus a bheith ag gearán. Ach níl fonn uirthi a bheith ag fulaingt go fadtréimhseach gan seans ar bhiseach ach an oiread agus ní raibh ionadh orm go ndúirt sí, nuair a tháinig ceist na heotanáise aníos, ‘gurbh fhearr léi dul ar neamh sa teach seo’ ná a bheith ag fanacht ar lá a báis i dteach altranais.

Tharlódh, áfach, go bhfuil ceist na heotanáise thar a bheith casta i gcás ghalar Alzheimer. Is é an chaoi go n-éilíonn an reachtaíocht ar dhochtúirí mian eotanáise an othair a fhíorú go gairid roimh lá an bháis phleanáilte, rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil sé ar chumas an othair é féin a chur in iúl ag an staid sin dá shaol – agus ní ghlactar le huacht bheo mar fhianaise sa chás sin: is féidir le duine a intinn a athrú. Eotanáis a iarraidh – agus a chur i gcrích – nuair a bhíonn ar chumas an othair é féin a chur in iúl go fóill an t-aon réiteach go minic nuair a bhíonn galar Alzheimer i gceist. 

Bailiú leat go ró-luath, i bhfocail eile.

‘Tá sé ró-luath lena haghaidh sin,’ a dúirt mo mháthair nuair a mhínigh mé féin agus mo dheartháir óg an méid sin di. Thit ualach dár gcroí. Lean muid ar aghaidh leis na socruithe sochraide agus araile, an greann dubh ag tabhairt faoisimh dúinn scaití ón gcúram tromchúiseach, ach tábhachtach, a bhí idir lámha againn.

– Is féidir le léitheoirí in Éirinn teacht ar cháipéis bhunaidh d’uacht bheo (maidir le cúrsaí leighis) anseo

Fág freagra ar 'Níl mo mháthair ar leaba a báis ach phleanáil muid a sochraid inné…'

  • Micheál

    Tá comhbhá agam leat-go háirithe mar tá tú i do chónaí i bhfad i gcéin.