Chuaigh sí tharam i Marks agus Spencers agus í ag caint amach os ard ar an bhfón póca. Bhí sí beagnach i bhfolach ag seastán na bhfo-éadaí ach chuala mé go soiléir í.
‘Níl mé díreach in aice mo ríomhaire faoi láthair ach chomh luath agus a bheas mé in ann, beidh mé ar ais chugat le freagra,’ arsa sí.
Lá eile sa gcaifé beag Tigh Dunnes, chuala mé fear i dt-léine agus bríste gearr ag caint faoi ‘spreadsheets’ agus figiúirí i nglór chomh húdarásach le duine ar bith a bheadh suite san oifig.
Seachtain nó dhó ó shin, agus mé ag spaisteoireacht i mBaile an tSléibhe, Ros Goill, casadh bean orm ar chosán garbh, gar don cheann tíre ansin. ‘Tá mé tar éis an mhaidin a chaitheamh i Londain agus tá mé tugtha,’ a dúirt sí liom. Ar dtús cheap mé go raibh sí tar éis teacht ó Aerfort Charraig Fhinn ach ní raibh. Ina teach féin ar ghlaoch ‘Zoom’ a bhí sí agus í ag breathnú amach ar Chorrán Binne.
De réir cosúlachta agus de réir na dtuairiscí ar fad sna páipéir, tá ag éirí i bhfad níos fearr leis an gcianobair ‘ón mbaile’ ná mar a ceapadh nuair a thosaigh an dianghlasáil.
Ar na buntáistí tá: sábháil ama ar thaisteal, sábháil airgid ar chostais taistil agus maireachtála, laghdú ar bhrú intinne agus níos mó ama ag daoine dá gclann.
Ceapadh ar dtús gur rud gearrthéarmach a bheadh ann an fhad is a mhairfeadh an phaindéim ach cá bhfios anois cén uair a thiocfas deireadh leis an tslí mhaireachtála nua seo?
Tá rud amháin cinnte ar chuma ar bith. Tá an-suim á léiriú ag daoine áiteacha cónaithe a chuardach amuigh faoin tuath. Thug mé suntas don phostáil a chuir neacht liom, Etaín Boyce, atá ina dlíodóir, suas ar Facebook an lá cheana. ‘An-ardú tagtha i bhfiosrúcháin maidir le ceannach tithe i nDún na nGall,’ a phostáil sí.
Chuireas téacs chuici ag fiosrú an raibh aon bhaint aige le daoine a bheith ag iarraidh aistriú ó na cathracha agus na bailte móra.
‘Cinnte,’ d’fhreagair sí. ‘Tá méadú mór tagtha ar líon na bhfiosrúchán ó dhaoine sna cathracha agus sa mBreatain – daoine gairmiúla atá in ann oibriú ón mbaile. Tá ráchairt ar thithe, ar árasáin, ar seantithe le hathchóiriú – go háirithe in áiteacha cosúil leis na Dúnaibh agus Dún Fionnachaidh.’
Dúirt sí liom go dteastaíonn rudaí áirithe ó na ‘hinimirceoiri’ nua seo – radharcanna farraige, cosáin do rothair, tithe gar don trá, bialanna maithe agus siopaí deasa caifé. Tá suim ar leith acu sa gCarraig Airt toisc go bhfuil ceann de na ‘moil dhigiteacha’ nua á dtógáil ann, a dúirt Etaín, a bhfuil a hoifig aici sa gCarraig Airt.
Cheana féin tá sé le sonrú nach mian le daoine a saol oibre ar fad a chaitheamh san áit a gcodlaíonn siad, nó ina mbíonn siad ag ithe béilí – sa teach cónaithe. B’fhéidir go mbeidh daoine ag obair ‘ón mbaile’ ach, gur in áit amhail mol digiteach a bheas siad, seachas sa teach cónaithe.
Ina dhiaidh sin féin, ní féidir a shéanadh nach féidir gach uile jab a dhéanamh ón mbaile. Tá baint agam féin i gcónaí le tionscal na teilifíse agus bím ag plé le comhlacht neamhspleách a dhéanann cláracha do TG4 agus do chraoltóirí eile.
Cé gur ceapadh i dtús na paindéime go gcaithfeadh gach rud dúnadh síos, de réir a chéile, tosaíodh ag déanamh cláracha arís ach faoi shrianta géara, daingne. Fanann daoine i bhfad amach óna chéile agus tugtar aird ar leith ar rialacha maidir le glanadh trealaimh agus feistis, agus bítear ag scannánaíocht amuigh faoin aer chomh fada agus is féidir. Is ar ‘Zoom’ a bhíonn na cruinnithe foirne agus is fada ó casadh ar a chéile an fhoireann ar fad.
D’inis mo mhac, atá ina gheolaí leis an gclár INFOMAR, faoi stiúir Sheirbhís Geolaíochta na
hÉireann agus Foras na Mara, go bhfuil seisean agus eolaithe eile in ann tacaíocht a thabhairt ón mbaile don dream atá ag obair ar na báid, ag mapáil ghrinneall na farraige.
‘Táimid in ann ríomhairí na mbád a stiúradh, faoi mar a bheadh muid féin ansin ag oibriú na ríomhairí. Má bhíonn fadhb theicniúil ag an dream ar bord loinge agus iad 20 ciliméadar amach ó chósta Chorcaí, táimid in ann í a leigheas gan corraí as an teach.’
Ní hé nach rabhadar in ann é a dhéanamh roimh an bpaindéim, ach thug sí sin ugach dóibh an tseirbhís idirlín a fheabhsú trí dhul i muinín córas idirlín satailíte. Go dtí sin bhí na heolaithe ar talamh tirim ag brath ar ghlaonna gutháin ach anois tá siad in ann an ‘data’ a fheiceáil ar a gcuid ríomhairí sa mbaile.
‘Sábhálann sé airgead freisin toisc nach gá anois na báid a thabhairt le cé chun gach fadhb a réiteach. Bhí costas mór ag baint leis sin,’ a dúirt sé.
Agus mé ag smaoineamh ar na céimeanna seo ar fad, agus go háirithe ar m’earnáil chruthaitheach féin, smaoiním ar rud a dúirt comhghleacaí liom lá amháin in RTÉ.
Bhíomar díreach tar éis bogadh isteach i bhfoirgneamh mór nua agus gach rud nua as an bpíosa ann- ríomhairí, deascanna, agus gach cineál trealamh oifige.
‘Tá mé díreach tar éis siúl timpeall an tí,’ a dúirt sí. ‘Agus gach mac máthar, tá siad ina suí os comhair scáileán gorm. Cén sórt oibre a d’fhéadfadh a bheith ar siúl acu ar fad?’ d’fhiafraigh sí.
Bhí sí ag cuimhneamh ar an am nach mbíodh ríomhairí sna hoifigí. B’éigean do na tuairisceoirí agus do na taighdeoirí dul amach ag caint le daoine. B’éigean dóibh cuairt a thabhairt ar leabharlanna, ar ionaid taighde. Dúirt fear amháin a d’oibrigh liom ar an gclár teilifíse Léargas go mbíodh ag ithe sé toirtíní úll ‘ar son na hÉireann’. Bhí sé ar dhuine de na taighdeoirí ab fhearr ar oibrigh mé leis ariamh.
Anois agus muid ar fad sa mbaile, nó fiú amháin ‘imithe ón deasc’ go Marks and Spencers, an bhfuil, nó an mbeidh, rud éigin caillte againn?
Cé mhéid is fiú an teagmháil phearsanta sin, ina gcasann muid le chéile le haghaidh cupán caife sa gceaintín agus cloiseann muid leide a chuireann sa tóir ar scéal muid? Nó castar duine orainn a chuireann ag smaoineamh muid? B’fhéidir go bhfuil rud éigin ag cur as don duine sin ina shaol pearsanta féin agus níor thug éinne faoi deara é gur shuigh muid síos lena chéile. Níl aon ‘aip’ ná cumas breise ag ‘Zoom’ don teagmháil dhaonna.
Agus trí cinn de bheairicí garda díolta an tseachtain seo ar €800,000 – péire acu i gceantair Ghaeltachta, tá aird chuile dhuine ar an aistriú go dtí an tuath. Tá an aimsir go haoibhinn le tamall. Bhreathnódh aon cheann de na ceantair sin – an Líonán agus an Mám, go hálainn san aimsir seo.
Guím gach rath ar na daoine a bheas ag obair ón mbaile sna ceantair thuaithe. B’fhéidir go dtabharfaidh siad spreagadh nua do na ceantair sin. B’fhéidir nach n-aireoidh siad uathu na hamharclanna, na gailearaithe, na bialanna, nuair a thiocfaidh an gnáthshaol ar ais. Cuirfidh siad bonn nua faoi na scoileanna, faoin mbonneagar tuaithe, faoin saol i gcoitinne taobh amuigh de na cathracha.
Ach tá súil agam nach gcaithfidh siad a gcuid ama uilig ag stánadh ar an scáileán gorm. Más suim le héinne é, tá oideas deas agam do thoirtín úll.
Fág freagra ar '‘Níl mé in aice an ríomhaire faoi láthair,’ arsa an bhean ag ag seastán na bhfo-éadaí i Marks and Spencer'