‘Níl mé ag caitheamh aon bhróg inniu,’ arsa an Cailín Mór Beag

AG TÓGÁIL CLAINNE: Thug an Cailín Mór Beag comhartha idirnáisiúnta na hagóide agus thuig ár gcolúnaí go mbeadh roinnt mhaith idirbheartaíochta le déanamh

feet‘Níl mé ag caitheamh aon bhróg inniu,’ a dúirt an Cailín Mór Beag agus chuir sí a dhá lámh trasna a chéile isteach faoi na hascaillí agus chuir a smig san aer. Comhartha idirnáisiúnta na hagóide tugtha aici, thuig mé go mbeadh roinnt mhaith idirbheartaíochta le déanamh sula mbeadh aon seans ar chomhréiteach.

Maidin Dé Luain a bhí ann is bhí Lá Spóirt fógartha ag an naíonra. An raibh aon seans ann go bhféadfadh sí dul ann gan aon bhróg, a chuimhnigh mé. Thuig mé i mo chroí istigh nach raibh aon dul as. Fós, bhí drogall orm tabhairt faoi na cainteanna géarchéime a theastódh chun comhaontú a fháil ar cheist chaitheamh na mbróg.

Thosaigh mé ar mo chás a chur i láthair. ‘Caithfidh tú bróga a chaitheamh ag dul ag an scoil.’ Seans nárbh é sin an pointe ba láidre a d’fhéadfadh a bheith déanta agam, ach bhí sé luath ar maidin.

Níor bhain sé tada aisti. ‘Tá sé sin OK, mar níl mé ag gabháil ag an scoil inniu,’ a dúirt sí liom amhail is go raibh seafóid éicint tagtha orm is go raibh socruithe an lae á meabhrú aici dom. Cheap mé go raibh rudaí sách dona nuair nach raibh mar ábhar cainte ach na bróga. Níor thuig mé go raibh sé ina stailc amach is amach.

‘Ní fhéadfaidh mé,’ a dúirt sí go réasúnta. Ba bhreá léi cabhrú liom ach nach raibh aon dul as aici. ‘Tá pian i mo bholg,’ a dúirt sí. Bhí amhras orm faoin ráiteas seo. ‘Nach bhfaca mé thú ag ithe trí weetabix agus leath banana dhá nóiméad ó shin,’ a dúirt mé léi agus an t-am agus an fhoighid ag sciorradh uaim go tréan.

Bhreathnaigh sí isteach sa dá shúil orm. Bhí a fhios ag an mbeirt againn go raibh sé seo fíor. ‘Sea, ach is i mo chos atá an phian,’ a dúirt sí agus treo an chatha athraithe aici. ‘Iompróidh mé chomh fada leis an scoil thú,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh réiteach a fháil ar ais nó ar éigean.

‘Ach níl mé ag iarraidh a ghabháil sna rásaí,’ a dúirt sí. Is ansin a thuig mé an chionsiocair a bhí leis an agóid.

‘Spraoi atá sna rásaí sin, ná bíodh aon imní beo ort fúthu,’ a dúirt mé. ‘Bhuel, níl mé a ghabháil ag rith,’ a dúirt sí go neamhbhalbh.

‘Togha,’ a dúirt mé. Bhí comhréiteach againn. Shín Luaithrín amach a cos don bhróg reatha bándearg is bhí sé díreach ceart aici.

Fág freagra ar '‘Níl mé ag caitheamh aon bhróg inniu,’ arsa an Cailín Mór Beag'

  • Cur Chuige Tras-Earnála

    Tá na seirbhísí eadrána den scoth seo ó Bridget de dhíth i scéal eile ar an suíomh seo inniu, measaim.