Níl leas ceart á bhaint as buntáistí an dátheangachais i scoileanna na Breataine Bige – staidéar nua

Dúirt 89% de na múinteoirí a ghlac páirt i staidéar nua sa Bhreatain Bheag gur buntáiste é go bhfoghlaimíonn daltaí na Breataine Bige an Béarla agus an Bhreatnais araon sa mbunscoil, ach nach bhfuil an Bhreatnais á múineadh i gceart i roinnt mhaith scoileanna

seomra ranga
Níl leas ceart á bhaint as ‘buntáistí suntasacha an dátheangachais’ i scoileanna na Breataine Bige maidir le foghlaim an tríú agus an cheathrú teanga sa tír sin, de réir tuarascála nuafhoilsithe.

Dúirt 89% de na múinteoirí a ghlac páirt sa Tuarascáil ar Nua-Theangacha Iasachta i Meánscoileanna sa Bhreatain Bheag go bhfuil buntáiste maidir le foghlaim an tríú agus an cheathrú teanga ag daltaí na Breataine Bige toisc go mbíonn an Béarla agus an Bhreatnais araon sa mbunscoil acu. Thug na múinteoirí le fios freisin, áfach, nach buntáiste chomh mór sin é toisc nach bhfuil caighdeán na múinteoireachta sách ard agus bhfuil go leor daltaí a ag streachailt le teangacha iasachta ar meánscoil dá réir.

Frítheadh gur beag deis a bhí ag múinteoirí Béarla, Breatnaise agus teangacha eile comhoibriú le chéile ar scoil ar bhonn rialta. Maítear nach bhfeictear aon nasc idir na trí réimse foghlama agus dá bharr sin nach féidir le daltaí scileanna foghlama teanga a aistriú ó theanga amháin go teanga eile.

Anuas air sin, tá drochthionchar ag na hathruithe a rinneadh ar pholasaí oideachais na Breataine Bige ar chúrsaí. Tháinig laghdú 42% ar uaireanta múinte teanga iasachta le trí bliana anuas, agus thit líon na ndaoine a thugann faoin bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis ag A-Level níos mó ná 50%.

Ní áirítear teangacha iasachta ina ‘gcroí-ábhar’ níos mó agus leagtar béim ar an mata, léamh an Bhéarla agus na hábhair eolaíochta.

Maítear sa staidéar go bhfuil na teangacha sin á n-imeallú i scoileanna dara leibhéal mar gheall ar chúinsí airgid, ama agus córais nua mheasúnachta. Deirtear nach measann lucht bainistíochta na scoileanna na teangacha iasachta a bheith lárnach do spriocanna foghlama sa léamh agus san uimhearthacht.

Maítear freisin go bhfuil dochar á dhéanamh ag tuismitheoirí agus daltaí nach gcuireann luach ar theangacha iasachta d’íomhá na dteangacha sin mar ábhar ceart scoile. Moltar gur ceart deireadh a chur leis an meon sin a bhíonn ar fáil chomh maith sna meáin agus ag lucht polasaí.

Tagraítear sa tuarascáil d’athbhreithniú a rinne an tOllamh Graham Donaldson ó Ollscoil Ghlaschú le deireanas. Mhaígh an tOllamh go bhfuil sé ríshoiléir go gcabhraíonn scileanna forbartha Breatnaise agus Béarla le foghlaim an tríú agus an cheathrú teanga agus go gcabhróidh an bunús maith sa dá theanga atá ag an bpobal leis an mBreatain Bheag “barr a cumais mar thír mhuiníneach agus iomaíoch” a bhaint amach.

Ní bhainfear an barr sin amach, áfach, mura gcuirfear beartas láidir ar fhoghlaim teanga iasachta i bhfeidhm le dul i ngleic le líon íseal na ndaltaí a thugann faoi fhoghlaim na dteangacha sin.