Níl lá nach gcuireann sé iontas orm cé chomh toilteanach is a bhíonn daoine labhairt leat

Ach cluas le héisteacht a chur ort féin, tá go leor le foghlaim ó na daoine a tháinig chun cónaí in Éirinn

Níl lá nach gcuireann sé iontas orm cé chomh toilteanach is a bhíonn daoine labhairt leat

Bhí fear an éisc páirceáilte go deas néata i gcarrchlós shéipéal Charraig Airt. Idir é féin agus leoraí fhear na nglasraí bhí sórt margadh oscailte acu uair sa tseachtain sa spota sin. Nuair a bhí mo dheirfiúr réidh, fuair mé féin deis labhartha leis agus cheannaigh mé roinnt éisc le tabhairt abhaile. Chomh maith le trí cinn de mhuiríní le n-ithe an tráthnóna céanna.

Tagann Jack uair sa tseachtain ó iarthar Dhún na nGall agus tugann cuairt ar go leor de na bailte thart in iarthuaisceart an chontae. Chuir sé na múrtha fáilte romham nuair a labhair mé Gaedhlig leis. Ansin, chuaigh sé trína stoc éisc ar fad agus thug na hainmneacha i nGaeilge dom. Bhí builíní deasa arán donn aige freisin a bhácáil a dheirfiúr ina teach féin.

Bhí scuaine bheag ag leoraí na nglasraí agus thosaigh mé ag caint le cailín óg a bhí romham in éindí lena hathair. ‘Yulia’ a hainm, d’inis sí dom. ‘Julia’ a mhínigh a hathair dom. ‘Ó tá tú ceart,’ a dúirt mé féin, ‘beidh mé in ann ‘Yulia’ a rá.’

Ní rabhamar i bhfad sa scuaine gur leaindeáil scata maith eile. Úcránaigh a bhí iontu ar fad agus ba léir go rabhadar breá sásta leis an saol a bhí acu i dtuaisceart Dhún na nGall. Seans maith nach raibh a fhios acu 15 mí ó shin, cá raibh Éire – gan trácht ar Ros Goill.

Thug mé faoi deara sa bpáipéar an lá cheana go mbeidh comhdháil mhór á heagrú i Londain go gairid in ómós don eagarthóir clúiteach Harry Evans. B’eisean a bhí i gceannas ar an Sunday Times nuair a nocht siad an scannal maidir leis an druga tailidimíd. Beidh a bhaintreach Tina Brown lárnach sa gcomhdháil – is iriseoir clúiteach i féin ar ndóigh. Agus nuair a fiafraíodh di cén ceacht is mó a bheadh ag Evans d’iriseoir an lae inniu, dúirt sí – ‘gabh amach agus labhair le daoine.’

Nach minic é sin ráite agam thar na blianta, a dúirt mé liom féin. Agus níl lá nach gcuireann sé iontas orm, cé chomh toilteanach is a bhíonn daoine labhairt go hoscailte le daoine eile.

Agus mé ar ais i mBaile Átha Cliath agus an t-iasc sa reoiteoir (níor mhair na muiríní thar oíche, faraor, ach bhíodar go hálainn), bhuail mé suas go Stigh Lorgan agus isteach go caifé O’Briens ansin.

Bhí miongháire ar bhéal an chailín deas a bhí ag an gcuntar. ‘Agus cén t-ainm atá ort féin?’ a d’fhiafraigh mé nuair a bhí mo chaife déanta aici.

‘Yulia,’ a duirt sí – ‘ sin J…’

‘Tá a fhios agam,’ arsa mise. ‘Tabharfaidh mé Yulia ort, an as an Úcráin thú?’ Ba ea agus bhí sí breá sásta labhairt liom. Ní raibh an caifé an-ghnóthach ag a hocht ar maidin.

Ach bhí sí féin ann in am agus an turas as Mullach Íde déanta aici ar ‘bhusanna’ mar a dúirt sí féin. Sin ó thaobh amháin den chontae go dtí an taobh eile, daoibhse nach bhfuil an tíreolas beacht agaibh.

‘Chaith mé tamall sa Daingean agus tá mé i Mullach Íde ó shin – ach tá mo thréimhse le mo chlann ‘óstaigh’ istigh go gairid agus beidh orm bogadh,’ arsa sí.

Ní raibh sí ag clamhsán, ná baol air. Bhí sí breá sásta go raibh post deas sa chaifé aici. Tá a mac 13 bliain ag freastal ar an Scoil ‘Oideachas le Chéile’ i Mullach Íde agus is breá leis é.

Is léir gurbh fhearr léi fanacht sa cheantar sin más féidir léi lóistín a fháil. Toisc go bhfuil post aici beidh ar a cumas íoc as anois, a dúirt sí dom, ach níl sé éasca áit a fháil ar phraghas réasúnach.

Agus cén chaoi a dtaitníonn an saol sa tír seo lena mac?

‘Tá an saol deas ciúin anseo agus neart rudaí le déanamh aige,’ dúirt sí. ‘Nuair a bhíonn sé ar an bhfón lena chairde san Úcráin, insíonn siad dó go mbíonn siad síoraí ag troid lena chéile agus níl an saol go maith acu ansin.’ Chuir mé suim sa méid sin. ‘Cén fáth a mbíonn siad ag troid?’ a d’fhiafraigh mé di.

‘Toisc nach bhfuil tada le déanamh acu,’ dúirt sí. ‘Agus ansin tosaíonn an argóint faoi cé hé an duine is láidre, nó cé hé an duine atá i ‘gceannas’ agus bíonn siad ag troid an t-am ar fad.’

Shíl mé gur drochscéal amach is amach é sin – níor chuir sí aon mhilleán ar an gcogadh ach caithfidh sé go bhfuil an-tionchar aige ar mheon leads óga agus an chaoi a gcaitheann siad le daoine eile.

D’fhág mé í agus i ag beannú roimh chustaiméirí eile, miongháire uirthi agus focal fáilte aici do chách.

Ba as an Laitvia don chéad bhean óg eile a casadh orm – sa chaifé in Ospidéal Naomh Uinsionn. ‘Santa’ an t-ainm atá uirthi. Ach tosaíonn Éireannaigh ag gáire nuair a chloiseann siad an t-ainm sin. Ní bheadh muidne an-tuisceanach dá dtosódh eachtrannaigh ag gáire faoinár n-ainmneacha Gaelacha. (Is cuimhin liom blianta ó shin, gur cuireadh iachall orm fanacht i mo sheasamh in aerfort Ghlaschú go dtí go n-aistreodh mé m’ainm don phóilín ansin.)

Agus trasnaíonn Santa an chathair chuile lá freisin – tá cónaí uirthi i Sord i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tá sí in árasán lena buachaill agus cara eile leo. Tá an cíos ard, thart ar €1,800 sa mhí idir an triúr acu- ach tá siad in ann a gcuid billí a íoc.

Tá sí thar a bheith sásta le gné amháin dá saol san árasán. Ar an séú hurlár atá siad.

‘Ní thuigim cén chaoi a bhfuil daoine in ann maireachtáil thíos ar an tsráid,’ a dúirt sí. Chuir sin sórt mearbhaill orm. Nárbh fhearr léi a bheith ina cónaí i dteach sráide? ‘Ó níor mhaith liom é sin ar chor ar bith,’ dúirt sí. ‘Agus chuile dhuine in ann tú a fheiceáil ag dul isteach is amach. Bheadh fios do ghnó acu uilig!’

Agus í ag glanadh an bhoird i gceaintín an ospidéil, ba léir go raibh sí an-sásta lena saol anseo. D’oibrigh sí i gceannáras Ryanair roimhe sin agus ba ann a chuir sí barr feabhais ar a cuid Béarla.

Agus mé ag fágáil slán aici, bhí mé ag rá liom féin – tar éis bliain nó dhó san Úcráin, nó sa Laitvia, cén chaoi a mbeadh mo chuid Úcráinise nó Laitvise? An mbeinn in ann post a fháil agus teanga a fhoghlaim in imeacht bliana nó dhó? An mbeadh sé ar mo chumas déileáil le cúrsaí árasáin agus taisteal agus gach a mbaineann le socrú síos i dtír iasachta?

Tá súil agam nach dtiocfaidh sé sa saol go mbeidh orm é sin a fháil amach.

Fág freagra ar 'Níl lá nach gcuireann sé iontas orm cé chomh toilteanach is a bhíonn daoine labhairt leat'