Deir Médecins Sans Frontières nach leor in aon chor an ruainne cúnaimh atá Iosrael tosaithe a ligean isteach go Gaza agus nach bhfuil ann “ach dallamullóg lena chur i gcéill go bhfuil an léigear thart”.
“Comhartha atá i gcinneadh seo údaráis Iosrael gannchuid fhánach cúnamh fóirithinte a scaoileadh isteach go Gaza, tar éis míonna fada dá léigear docht daingean, nach mian le hIosrael go gcuirfí ina leith gur chuir siad muintir Ghaza chun báis leis an ocras ach ag an am céanna go gcoinneoidh siad drochbhail ar an bpobal ansin agus gan iad ach beo ar éigean ceal dóthain fóirithinte,” a dúirt Pascale Coissard, comhordaitheoir éigeandála MSF in Khan Younis.
“Ní leor in aon chor an 100 lastas sa lá atá á gceadú faoi láthair ag Iosrael agus drochbhail cheart chríochnaithe ar cúrsaí in Gaza,” a dúradh i ráiteas MSF.
Deir grúpaí fóirithinte nach bhfuil aon chabhair dhaonnúil tugtha fós chomh fada le Palaistínigh atá ar an nganntan, dhá lá ó thosaigh Iosrael ag ligean cúpla dosaen trucail isteach go Gaza.
Níl aon chuma air go bhfuil maolú dá laghad ag teacht ar chogadh Iosrael in Gaza, agus d’ainneoin fearg an domhain a bheith ag neartú ag géarú atá ionsaí Iosrael.
Sna nótaí a scaipeadh i measc dreamanna fóirithinte, dúradh nár fhág aon leoraí cúnamh daonnúil Kerem Shalom, an bealach trasnaithe i ndeisceart Ghaza atá á rialú ag Iosrael.
Deirtear sna nótaí gur bhog 65 trucail ó thaobh Iosrael den bhealach go dtí taobh na Palaistíne ach nár shroich siad Gaza.
I ráiteas ó Aireacht Sláinte Gaza, maítear gur dhírigh Iosrael a n-ionsaí d’aon turas ar ghineadóirí cumhachta ionas nach mbeadh na hospidéil in Gaza in ann a gcuid oibre a dhéanamh.
Maraíodh ar a laghad 45 duine in Gaza aréir sna hionsaithe a rinne arm Iosrael agus bhí páistín seachtaine agus roinnt ban ina measc, a dúirt oifigigh ospidéil.
Dúirt Kaja Kallas, ceannasaí polasaí eachtrach an Aontais Eorpaigh, go raibh an bloc ag déanamh athbhreithniú ar chomhaontú trádála an Aontais le hIosrael de bharr iompar na tíre sin sa gcogadh in Gaza.
Deir Iosrael go bhfuil siad sásta éirí as an gcogadh chomh luath agus a bheidh na gialla ar fad a ghabh Hamas ar ais sa mbaile agus Hamas cloíte nó díbeartha as an tír agus a gcuid arm bainte díobh.
Deir Hamas go bhfuil siadsan sásta na gialla a scaoileadh saor chomh luath agus a imíonn Iosrael go hiomlán as na críocha sin agus a éiríonn sé as an gcogadh.
Thosaigh an cogadh seo in Gaza nuair a rinne trodairí faoi cheannas Hamas ruathar ar dheisceart Iosrael. Maraíodh os cionn 1,200 duine san ionsaí, gabhadh 251 duine eile agus ba shibhialtaigh a bhformhór.
De réir Aireacht Sláinte Gaza, tá os cionn 53,000 Palaistíneach maraithe in ionsaithe díoltais Iosrael ó shin agus mná agus páistí a bhformhór mór. Tá stráicí móra de Gaza scriosta agus foirgnimh ina smionagar.
Fág freagra ar '‘Níl Iosrael ach ag cur i gcéill go bhfuil an léigear thart’'