Bean a chonaic mo chara ag siúl ar mhaithe le meáchan a chailleadh. “Cén chiall di sin a bheith ag siúl is gan inti ach an t-éadach ’gus na cnámha?” a dúirt sé.
Níl baol ar bith nach raibh bunús lena chuid cainte mar ní raibh scioltar uirthi. Bhí sí chomh caite le cú, le scadán, le leath deiridh cait.
B’fhearr di mar sin ar ndóigh ná a bheith caite ag tinneas eicínt. Dá mbeadh, déarfaí go raibh sí tnáite, spíonta. Tá sí á cnaí, a déarfadh duine eile. Tá sí á goid as. Tá sí ag éalú as. Tá sí imithe ar an uisce bruite.
B’fhéidir go deimhin go gceapfaí go raibh sí ag comhrá leis an mbás. Chuala mé leagan maith Béarla faoi fhear a bhí sa gcruth sin: “He’s dead but to wash him,” a dúirt duine dá chuid comharsana.
Fág freagra ar 'Níl inti ach an t-éadach agus na cnámha'