Níl in aon rud ach seal…

Agus cuid nach beag d’imreoirí Chill Chainnigh ag cur na gcamán uathu i mbliana, b’fhéidir go mbeadh seans ag foirne eile a ndúshlán a thabhairt do na Cait. Idir an dá linn, is iontach an dul chun cinn atá á dhéanamh ag iománaithe óga an Chláir.

paul-flanagan-lifts-the-trophy-782013-390x285

Ag deireadh 2013 bhí mórán cainte faoin séasúr iontach iomána a bhí againn. Ag tosach mhí Lúnasa anuraidh, bhí sé cinnte go mbeadh seampíní nua againn agus nach mbeadh aimn Cill Chainnigh ar Chorn Mhic Cárthaigh.

Ag an tráth seo i mbliana, bhí na trí chontae le 91 craobh eatarthu ar ais sna leathchraobhacha agus nuair a bhí deireadh déanta, ba iad na Cait a bhí ar barr arís.

Bhí sé soiléir ó thosach na bliana go raibh Cill Chainnigh lán dáiríre faoi gach cluiche a bhí á imirt acu. Roimh dheireadh Feabhra, ba leo Corn an Bhreanaigh. Ag tosach mhí Bealtaine, chuireadar Corn na Sraithe le liosta na ngradam acu.

Ar an gcéad Domhnach d’Iúil, bhí bua cuimsitheach acu ar Bhaile Átha Cliath i gcraobhchluiche Chúige Laighean. Rud thar a bheith suimiúil faoi na cluichí go léir agus, ‘sea, tá mé ag caint faoi gach uile cluiche, is ea nár thosnaigh an cúigear déag céanna in aon chluiche.

Lean an pátrún sin go deireadh an tseasúir. Is dóigh liom féin go bhfuil sé sin beagnach dochreidte.

Níl aon dabht ná gur choimeád Brian Cody agus a chomhghleacaithe gach aon imreoir ar a mbairricíní don bhliain.Tá an-mholadh tuillte ag na himreoirí agus ag Brian Cody.

Ach bhí buaiteoirí eile ann freisin nár thóg aon chorn leo abhaile.

Tá éacht déanta ag Liam Dunne. Tá bród muscailte aige in athuair in iománaithe Loch Garman.

Cad é mar atmaisféar a bhí thíos i bPáirc Loch Garman nuair a bhuail siad Port Láirge sna cluichí cáilithe i lár mhí Iúil gan caint faoin mbua iontach a bhí acu san athimirt i gcoinne an Chláir an tseachtain roimhe.

Ná dearmadaimis gur imir an fhoireann faoi 21 Craobhchluiche na hÉireann. Ní foláir go bhfuil lucht leanta iomána an chontae sásta le dul chun cinn na bliana.

Foireann eile nár thug abhaile an phríomhdhuais ná iománaithe mionúr Luimnigh. Thaispeánadar i 2013 go raibh mianach iontu.

I mbliana bhíodar thar barr go dtí an chéad Domhnach de Mheán Fhómhair i gceanncheathrú Cill Chainnigh.

N’fheadar an easpa taithí nó néaróga a chuir isteach orthu ach mhoilligh siad an stíl luasmhar ealaíonta a bhí á himirt acu sna cluichí eile go dtí an lá is tábhachtaí sa bhféilire iomána idirchontae.

Pé cúis a bhí leis an teip, tharla sé, ach sa chontae sin níl aon dabht ach go bhfeiceann leantóiri na hiomána, atá ag feitheamh go foighneach ó 1973, go bhfuil solas úr nua ag briseadh tríd.

Mar a chanann an t-amhránaí Leonard Cohen ina amhrán ‘Anthem’, ‘Tá scoilt i ngach aon rud; is mar sin a ligtear isteach an solas.’

Mar sin, anois agus cuid nach beag d’imreoirí Chill Chainnigh ag cur na gcamán uathu, b’fhéidir go mbeadh ‘scoilt’ éigin ann a ligfidh ‘solas’ isteach do chontae eile go luath.

Ní féidir liom críochnú gan moladh a thabhairt d’fhoireann a thug an duais mhór leo agus ní don chéad bhliain ach don tríú bliain i ndiaidh a chéile – agus don cheathrú huair.

Tá sé déanta acu taobh istigh de leathdhosaen bliain, leis. ‘Sea, tá éacht déanta ag iománaithe faoi fiche haon i gcontae an Chláir.

Bí ag faire amach dóibh i 2015 mar is cinnte go bhfuil an mianach iontu.

Nollaig Shona agus Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.