Níl Gaeilge líofa ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta, ach socrú déanta cheana aici ‘chun líofacht a bhaint amach’

Tá sé deimhnithe ag an Roinn do Tuairisc.ie nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag Katherine Licken, an té atá ceaptha sa phost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís

Níl Gaeilge líofa ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta, ach socrú déanta cheana aici ‘chun líofacht a bhaint amach’

Tá sé deimhnithe ag an Roinn do Tuairisc.ie nach bhfuil líofacht sa Ghaeilge ag Katherine Licken, an té atá ceaptha sa phost is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státseirbhís.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios go bhfuil ar chumas Licken “comhrá a dhéanamh i nGaeilge” ach nach bhfuil sí “líofa” agus go bhfuil “socruithe” déanta cheana féin aici “le teagasc a fháil”.

“Tá sé i gceist aici líofacht a bhaint amach chomh luath agus is féidir,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn tráthnóna gur “údar díomá” é nach raibh líofacht sa teanga luaite mar riachtanas don phost agus gur léiriú a bhí ann “ar an bhfadhb ghinearálta” maidir leis an nGaeilge sa chóras earcaíochta sa státseirbhís. Ghuigh sé gach rath ar an Ard-Rúnaí nua agus dúirt sé go raibh Conradh na Gaeilge ag súil le bheith ag “comhoibriú léi agus ag súil le cás na Gaeilge, na Gaeltachta agus phobal na teanga a chur os a comhair go luath”.

Mar a tuairiscíodh níos luaithe inniu, is í Katherine Licken atá ceaptha mar chomharba ar Sheosamh Ó hÁghmaill mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ba Rúnaí Cúnta sa Roinn Cumarsáide Licken agus le tamall de bhlianta anuas bhíodh sí ag plé leis an athrú aeráide, le cúrsaí teileachumarsáide agus le cúrsaí leathanbhanda i measc rudaí eile. Roimhe sin bhíodh sí ag plé le cúrsaí fuinnimh.

Is céimí de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í.

Thug sí seal chomh maith ina comhairleoir speisialta ag Frank Fahey nuair a bhí an t-iarTheachta Dála ó Ghaillimh Thiar mar Aire Mara.

San fhógra don fholúntas don phost mar Ard-Rúnaí dúradh nár ghá go mbeadh an duine a cheapfaí líofa sa Ghaeilge ach sa chás nach mbeadh Gaeilge líofa ag an duine sin go gcaithfeadh sé líofacht a bhaint amach “laistigh de thréimhse ama réasúnach”.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le deimhniú cé acu an bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge líofa ag Katherine Licken.

Fág freagra ar 'Níl Gaeilge líofa ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Gaeltachta, ach socrú déanta cheana aici ‘chun líofacht a bhaint amach’'

  • Fearn

    Nach bhfuil aon phost sa Státsheirbhís nach bhfuil curtha in áirithe do Bhéarlóirí aonteangacha?

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Ba chóir an t-alt seo a bheith áirithe le Ar Son na Cúise. Ábhar magaidh ach, faraoir, fíor.