Níl Gaeilge ach ag an tríú cuid de Ghardaí na Gaeltachta de réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua.
Coimisinéir na nGardaí Drew Harris a chuir na figiúirí ar fáil don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i litir a bhfuil cóip di curtha faoi bhráid Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais.
Léiríonn na figiúirí, atá bunaithe ar áireamh a rinneadh i Meán Fómhair na bliana seo, go bhfuil Gaeilge ag 35 den 101 Garda atá lonnaithe i 21 stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht. Tá trí cinn de stáisiúin sa Ghaeltacht nach bhfuil aon duine lonnaithe iontu faoi láthair, Ailt an Chorráin (Dún na nGall), An Srath Salach (Gaillimh) agus An Rinn (Port Láirge).
Tá cuireadh le tabhairt ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta do Drew Harris teacht os a gcomhair san athbhliain chun polasaí an Gharda Síochána i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé.
Dúirt Cathaoirleach an choiste sin, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go gcaithfí na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoin easpa Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm láithreach agus go gcaithfí tús a chur láithreach chomh maith le mórfheachtas earcaíochta chun Gaeilgeoirí a mhealladh isteach sa bhfórsa.
“Tá siad ar an eolas faoin bhfadhb seo sa Ghaeltacht ó 2011 ach céard atá déanta acu ó shin? Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán ar chor ar bith déanta acu. Beimid ag plé leigheas an scéil leis an gCoimisinéir sa bhliain nua. Is léir nach mbíonn an Ghaeilge mar thosaíocht agus caithfear é sin a athrú,” arsa Aengus Ó Snodaigh.
I gcontae Chorcaí amháin atá Gaeilge ag gach ag Garda atá lonnaithe sa Ghaeltacht, ach níl i gceist ach triúr ar fad i nGaeltacht Mhúscraí. Tá Gaeilge ag tromlach mór de Ghardaí na Gaeltachta i nGaillimh (80%) ach tá na céatadáin níos ísle sna contaetha eile – Ciarraí (46%), Dún na nGall (27%) agus Maigh Eo (9%).
Níl Gaeilge ag gach Garda ach i 12 den 21 stáisiún Gaeltachta atá i gceist sna figiúirí. I gConamara agus Árainn atá ocht gcinn acu sin.
Ceathrar Gardaí gan Ghaeilge atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe, beirt ar an Mám agus beirt eile i Leacht Sheoirse a fhreastalaíonn ar cheantar Bhaile Chláir.
Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána 2005 Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá sin indéanta. Tharla conspóid faoina laghad Gardaí le Gaeilge a bhí ar dualgas sa Ghaeltacht sa bhliain 2011 nuair a rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair.
Léirigh imscrúdú ag an am gur Béarla amháin a bhí ag ochtar as an naonúr Gardaí a bhí lonnaithe ansin. Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú mar nach Gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe ansin. Mhol sé d’údaráis na nGardaí dul i ngleic leis an gcás i nGaoth Dobhair agus scrúdú a dhéanamh freisin ar líon na nGardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe i ngach ceantar Gaeltachta. Comhaontaíodh ag an am córas nua ina gcuirfí 10% de na háiteanna i gcomórtais earcaíochta as sin amach ar fáil d’earcaigh a raibh Gaeilge líofa acu.
Tá míniú tugtha ina litir chuig an gCoimisinéir Teanga agus chuig an gComhchoiste Oireachtais ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris ar na deacrachtaí atá fós ag an eagraíocht a chinntiú gur Gardaí le Gaeilge amháin a lonnaítear sa Ghaeltacht agus na céimeanna atá beartaithe aige le dul i ngleic leis an bhfadhb sin.
Idir an dá linn, 20 duine atá ar Phainéal Inniúlachta Gaeilge na nGardaí faoi láthair. Tá na Gardaí sin, a bhfuil cuid acu fós faoi oiliúint, le haistriú chun na Gaeltachta “in am trátha”.
Ní féidir Garda a bhfuil iarratas aistrithe déanta acu a aistriú nó go mbíonn duine ar fáil le cur ina áit.
Deir an Coimisinéir go bhfuil “roinnt éagothroime” maidir leis an áit gur mian le comhaltaí dul agus na háiteanna ina bhfuil folúntais ann.
Deir na Gardaí go mbeadh sé dodhéanta “iarratasóir a aistriú, in aghaidh a dtola, ó abair, Gaillimh go b’fhéidir Dún na nGall nó Ciarraí, mar shampla”.
Gardaí lonnaithe i stáisiúin sa Ghaeltacht – Meán Fómhair 2020
Contae | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Ghaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
Gaillimh | 16 | 4 | 20 | 80% |
Dún na nGall | 7 | 19 | 26 | 27% |
Ciarraí | 6 | 13 | 19 | 46% |
Maigh Eo | 3 | 30 | 33 | 9% |
Corcaigh | 3 | 0 | 3 | 100% |
IOMLÁN | 35 | 66 | 101 | 33% |
Níl aon stáisiún Gardaí sa Ghaeltacht i gcontae na Mí agus níl aon Gharda lonnaithe i stáisiún na Rinne i bPort Láirge faoi láthair.
Tá dáileadh na nGardaí atá líofa i nGaeilge roinnte míchothrom go maith laistigh de na contaetha éagsúla faoi láthair.
Dún na nGall
Stáisiún | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Ghaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
An Fál Carrach | 1 | 8 | 9 | 11% |
An Bun Beag | 5 | 4 | 9 | 56% |
An Clochán Liath | 1 | 6 | 7 | 14% |
An Charraig | 0 | 1 | 1 | 0% |
Iomlán | 7 | 19 | 26 | 27% |
Maigh Eo
Stáisiún | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Ghaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
Béal an Mhuirthead | 2 | 26 | 28 | 7% |
Gleann na Muaidhe | 1 | 0 | 1 | 100% |
Gob an Choire | 0 | 4 | 4 | 0% |
Iomlán | 3 | 30 | 33 | 9% |
Gaillimh
Stáisiún | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Ghaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
Leacht Sheoirse | 0 | 2 | 2 | 0% |
An Cheathrú Rua | 6 | 0 | 6 | 100% |
Cill Rónáin | 3 | 0 | 3 | 100% |
Indreabhán | 1 | 0 | 1 | 100% |
Maigh Cuilinn | 1 | 0 | 1 | 100% |
Leitir Móir | 1 | 0 | 1 | 100% |
Ros Muc | 1 | 0 | 1 | 100% |
An Spidéal | 2 | 0 | 2 | 100% |
Carna | 1 | 0 | 1 | 100% |
An Mám | 0 | 2 | 2 | 0% |
Iomlán | 16 | 4 | 20 | 80% |
Ciarraí
Stáisiún | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Gaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
An Daingean | 5 | 7 | 12 | 42% |
Baile an Fheirtéaraigh | 1 | 0 | 1 | 100% |
Iomlán | 6 | 7 | 13 | 46% |
Corcaigh
Stáisiún | Gardaí le Gaeilge | Gardaí gan Ghaeilge | Iomlán | Céatadán |
---|---|---|---|---|
Baile Bhuirne | 1 | 0 | 1 | 100% |
Béal Átha an Ghaothraigh | 2 | 0 | 2 | 100% |
Iomlán | 3 | 0 | 3 | 100% |
Gabriel Rosenstock
Jóc.
S. Mac Muirí
Millteanach ar fad. Thuig mé go raibh sé go dona ach níor shamhlaíos riamh a dhonacht is atá Tír Chonaill 7 Maigh Eo. Thiomáin garda tuairim is 80 míle le ráiteas a scríobh síos uaim. “It’s a lovely language” ars’ eisean “but I wouldn’t be able to write it”. Thugas dó i mBéarla é 7 labhraíos i nGaeilg sa gcúirt. Bhí ar ateangaire tuairim is 100 míle a thiomáint (faoi dhó) lá na cúirte le friotháil ar na huathchainteoirí Béarla. Tá an tír ó rath ag na cainteoirí aonteangadh soin agus ní hionadh ar bith an crapadh 7 an teitheadh a rinne an teanga as na críocha Gaeltachta i Ros Comáin, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh, gaeltacht ollmhór Achréidh na Gaillimhe srl.
Caithfear deireadh a chur leis an drochobair sa nGaeltacht. D’eisigh duine amháin de lucht pleanála teangadh i dTír Chonaill an-ráiteas thart fá 2018 ag iarraidh ar an stát 26co. theacht chun tosaigh óna dtaobh súd féin chionn is go raibh muintir na Gaeltachta, faoin am soin 2018/19, cromtha chun oibre.
Is mithid do 3 dhream eile lámh a ghlacadh san obair athréimnithe ina réimsí féin:
1. An stát eadar Rialtas 7 maorlathas;
2. Muintir na Galltachta;
3. Daoine thar lear.
Ní fhéadfadh muintir na Gaeltachta astu féin snámh in aghaidh chóras an Bhéarla seo i bhfad eile, bíodh beartais teangadh ann nó as. Is é seo báire na fola. Caithfear dul chun cinn a bheith feiceálach ag uimh. 1 is 2 go luath an ghlúin seo. Tarraingítear gach garda aonteangadh amach as an nGaeltacht láithreach mar thús.
Donncha Ó hÉallaithe
Dhá rud a ritheann liom:
(i) ba bhreá a fháil amach an go raibh níos mó baill den RIC le Gaeilge líofa fostaithe ag an Bhreatain 100 bliain ó shin ná mar atá anois i measc na nGardaí faoi láthair agus
(ii) cuid de na stáisiúin Ghaeltachta, ní bheadh aon ghá le Garda le Gaeilge iontu, mar nach bhfuil an Ghaeilge in usáid sna pobail ar a bhfuil siad ag freastal.
Antóin
Sampla eile den mhugadh magadh atá ar siúl sa tír seo agus den dóigh a maslaítear na Gaeil agus a ndéantar díspeagadh ar an Ghaeilge. Bí geall go mbeifear ag earcú Gardaí a a bhfuil teanga eile acu seachas Béarla roimh i bhfad le freastal ar mhionlaigh eile sa tír seo.
Féachaimis ar stáisiún amháin atá i gcroílár na Gaeltachta mar atá An Bun Beag. Ciallaíonn na figiúirí sin gurb é an Béarla teanga oibre an stáisiúin. Ní fheadar cad a tharlódh ag seicphointe sa cheantar Gaeltachta sin? Dá ndiúltófá labhairt as Béarla le Garda nach bhfuil aige ach Béarla, conas a chaithfí leat? Mar shaoránach atá ag baint leas as a chearta teanga nó mar dhuine nach bhful sásta géilleadh d’údaráis Gardaí?