Níl gach aon fhocal Gaeilge agat? Sin an fáth go bhfuil leithéid Chóil Learaí Uí Fhinneadha againn…

LÉIRMHEAS: Tá ciall agus ceol sa teanga i scéalta Chóil Learaí Uí Fhinneadha, ceol ar fiú cluas le héisteacht a thabhairt dó ag tráth a bhfuil an lámh in uachtar ag glúin na teicneolaíochta agus na bhfotheideal

An Ghlan-fhírinne

‘Ficsean’ agus ‘gearrscéalta’ an cur síos a dhéantar sa nóta foilsitheoireachta leis an leabhar seo, An Ghlanfhírinne le Cóil Learaí Ó Finneadha (Cló Iar-Chonnacht, €10). Luaim an méid sin mar gur fíor é – agus nach fíor é. Ní gearrscéalta iad mar a thuigtear sa lá atá inniu. Is gearrscéalta iad mar a scríobhadh lucht seanchais iad lá den saol. Is gearrscéalta iad i dtraidisiún an Chonallaigh, Seán Bán Mac Meanman, abair. Is gearrscéalaithe iad mar a scríobhadh lucht na Gaeilge iad sular chuala siad iomrá ar Camus agus Satre. Níl a dhath ar bith contráilte leis sin. Mar sin féin, níl a fhios agam, dá mbeadh rialacha na gearrscéalaíochta ar eolas agam, an dtabharfadh duine ar bith ‘gearrscéal’ ar an phíosa deireanach sa chnuasach, “Athruithe Móra an tSaoil”, ach scéal atá ann, paidir fiú.

Agus ficsean? Bhuel, ‘sea, ficsean atá ann. Ficsean atá ann, déarfainn, ar an dóigh chéanna gur ficsean atá in An Fear Dána le Alan Titley. Tá an t-úrscéal bunaithe ar dhuine a mhair ach go labhrann sé linn le focail nár scríobh sé ariamh. Fírinne agus ficsean in aon iarraidh amháin.

Anois, tá a fhios agat go ligeann léirmheastóirí orthu féin go bhfuil fios gach feasa acu, go bhfuil gach aon uile rud ar eolas acu, nach bhfuil a fhios? Caithfidh an léirmheastóir seo a admháil nach bhfuil. Níl mé eolach ar an chuid sin de Chonamara ina bhfuil an saothar seo lonnaithe. Seans go mbeidh duine inteacht as an Lochán Beag in ann a rá leat gurb ann do chuid de na carachtair seo agus seans nach ann dóibh ar chor ar bith. (Litreacha chuig an Eagarthóir.) Cá bhfios don Ultach aineolach seo?

Níos measa arís, is cuma liom cé acu ar mhair siad nó nár mhair. Is leor don léitheoir seo go maireann siad os mo chomhair ar an leathanach anois. Tá ábhar léitheoireachta anseo nach bhfeicfeá rómhinic; tá samhlaíocht ann, cumas teanga dochreidte maith agus scil scéalaíochta a chuirfeadh éad ar chuid mhór scríbhneoirí eile.

Ná cuireadh teideal na scéalta eagla ort. Tá a fhios agam gur Gael sofaisticiúil thú; tá tú á léamh seo ar líne agus bí geall go bhfuil tú ar son na gcúiseanna is faiseanta ar fad. B’fhéidir go gcuirfeadh scéal dar teideal An Ceannaí Mór, Eachtra Chnocán na Sclítí, an Misiún Mór – scanradh ort. B’fhéidir go measfá go raibh an t-údar ag iarraidh tú a tharraingt siar go dtí na ‘drochlaethanta’, tabhairt ort an tAifreann a éisteacht, tae a ól in áit latté, arán a ithe in áit panini.

Ná bíodh eagla ort. Níl an t-údar ach ag iarraidh Éire eile a thaispeáint duit. Tá an t-údar ar nós an cheo sna scéalta traidisiúnta sin, ceo a thagann anuas an cnoc agus a chuireann an laoch ar mhalairt slí, an ceo a ghineann eachtra agus iontas. Tagann an laoch slán; tagann an léitheoir slán.
Daoine is croí leis na scéalta seo, daoine a aithneoidh tú, daoine iontacha. Daoine atá ionraic agus mí-ionraic; daoine atá lag agus santach agus saolta, daoine a bhfuil ciall cheannaithe acu; daoine atá gafa ag imeachtaí an tsaoil. Amharc ar na daoine sa leabhar seo agus iad ag iarraidh a slí a dhéanamh sa saol corrach seo, iad ag iarraidh cuideachta, iad ag gáire, iad ag gearán. Nach bhfeiceann tú thú féin sa scáthán sin? Nach n-aithníonn tú do mhuintir féin i gcuideachta Mháire agus Mhicilín agus eile? Chuirfeadh sé iontas orm mura n-aithneodh. An duine daonna atá ann. Tú féin atá ann.

Agus tá teanga anseo nach gcreidfeá. Sea, sea agus sea faoi thrí, tá a fhios agam gur beag aird a bhíonn ag daoine ar Ghaeilge na Gaeltachta ar na saolta seo. Tá a fhios agam go bhfuil an lámh in uachtar ag glúin na teicneolaíochta agus na bhfotheideal, gur beag ábhar mórtais atá anois ann as Gaeilge dhúchasach a labhairt ná a scríobh.

Cinnte, ní leor Gaeilge ‘dheas’ le haird an léitheora a choinneáil. Ach, a dhuine, cad é is fiú leabhar – leabhar! – mura bhfuil an t-údar in ann an teanga a lúbadh mar is mian leis í? Cá bhfuil an draíocht in aon phíosa scríbhneoireachta nach bhfuil i dtiúin leis an teanga? Tá ciall agus ceol sa teanga ag Ó Finneadha. Déanann sé cur síos cumasach tíriúil ar smaointe achrannacha ocracha gáirisiúla an duine – síceolaíocht duitse! – agus tá sleachta áille ar an dúlra aige atá ar comhchéim le Dúil.

Tá rud inteacht le rá aige agus tá dóigh ealaíonta aige lena rá: “Crapann fuacht gan trua gan taise is cuma gur anoir aduaidh nó aniar aduaidh a thagann sé ach déanfaidh sé crupadh agus crapadh agus déanfaidh sé máistreacht ar an bhfilleadh agus ar an bhfeacadh. Gheobhaidh sé urlámhas ar an abhainn agus ar an sruthlán, cuirfidh sé cosc agus lán stad le cuisle an tsrutháin agus is é an fíoruisce agus an fíoruisce amháin a thugann a dhúshlán gan beann an deabhail air.”

B’fhéidir go mbeadh cúpla focal anseo agus ansiúd nach mbeadh ar eolas agat. Ná bíodh eagla ort. Tóg Ó Dónaill anuas den tseilf agus gheobhaidh tú ansin iad. Níl gach aon fhocal i nGaeilge ar eolas agat? Níl ag duine ar bith, a chomrádaí. Sin an fáth go bhfuil scríbhneoirí againn – le focail nua a chur os ár gcomhair ar dhóigh úr:

“Bhí an spéir ina moirt anois agus déarfá go raibh tórmach an tsneachta gar a bheith déanta, iamh in úmh na riabhaí, braon i mbarr na sine agus an chíoch shneachtach i mbarr riocht pléasctha.”

Fág freagra ar 'Níl gach aon fhocal Gaeilge agat? Sin an fáth go bhfuil leithéid Chóil Learaí Uí Fhinneadha againn…'