Níl éalú uaidh – beidh lorg na hintleachta saorga ar gach rud a scríobhfaimid amach anseo

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: fiú dá gcuirfí i bhfeidhm lipéad ‘saor ó intleacht shaorga’ do théacsanna, mar atá á mholadh i gciorcail áirithe, beidh lorg indíreach na hintleachta saorga ar aon rud a scríobhfaimid feasta

Níl éalú uaidh – beidh lorg na hintleachta saorga ar gach rud a scríobhfaimid amach anseo

As Intleacht Shaorga a tháinig an íomhá seo

Gan dabht ar bith faoin spéir tá teacht chun cinn ChatGPT agus áiseanna intleachta saorga eile mar é ar mhórscéalta ár linne.

Ní théann seachtain ar bith thar nó bíonn an bogearra ar líne sin, a bhfuil ar a chumas ceisteanna a fhreagairt agus téacsanna a scríobh faoi ábhar ar bith is mian leat agus i dteanga ar bith is mian leat, sna ceannlínte.

Ag deireadh na míosa seo caite, scríobh 1,100 daoine mór le rá ó shaol na heolaíochta agus na teicneolaíochta litir oscailte inar iarr siad ar OpenAI (an comhlacht a d’fhorbair ChatGPT) agus ar chomhlachtaí eile mar é sos a thógáil, go sealadach, ó fhorbairt áiseanna intleachta saorga go dtí go mbeadh rialacha níos doichte curtha i bhfeidhm a chinnteodh nach gcaillfidh an duine smacht ar an intleacht shaorga (AI) amach anseo.

Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir an Iodáil cosc scun scan ar úsáid ChatGPT sa tír sin toisc go mbeadh cearta cóipchirt á sárú ag an áis (a bhaineann úsáid as téacsanna atá ar fáil cheana féin chun téacsanna nua a chruthú.) Cúpla lá ina dhiaidh sin arís d’fhógair an Fhrainc, an Ghearmáin agus Éire féin go bhfuil a machnamh á dhéanamh acusan faoina leithéid de chosc freisin.

An tseachtain seo, dhiúltaigh an t-ealaíontóir ón nGearmáin Boris Eldagsen duais de chuid an Sony World Photography Awards a bhí le bronnadh air toisc gur úsáid sé áis de chuid an chomhlachta OpenAI chun an ‘grianghraf’ buacach i gcatagóir áirithe a chruthú. (Cruthaíonn an áis sin, DALL-E 2, íomhánna as ionchur téacs le cúnamh ón intleacht shaorga.) Deir Eldagsen gur ag iarraidh an comórtas a thástáil agus tús a chur le díospóireacht faoin gceist a bhí sé.

An tseachtain seo freisin, tháinig mé ar mholadh in iris chúrsaí reatha ó mo thír dhúchais, an Ísiltír, go gcuirfí i bhfeidhm lipéad den chineál ‘saor ó intleacht shaorga’ do théacsanna, fearacht lipéad ar nós ‘orgánach’ nó ‘saor ó chomhábhair ghéinmhodhnaithe’ atá in úsáid sa tionscal bia.

Ní buaileam sciath é seo ach ba é sin ceann de na chéad rudaí a rith liom féin nuair a lainseáladh ChatGPT i mí na Samhna na bliana seo caite. Seo an áit a bhfuil ár dtriall, a shíl mé: lógó i dtús leabhair a thugann le fios nár baineadh úsáid as intleacht shaorga chun an leabhar a scríobh, cosúil leis an lógó FSC a thugann le fios gur ar pháipéar ó fhoinsí inathnuaite a clódh an leabhar.

Ach, a shíl mé ar an bpointe boise, cén chaoi a gcuirfí a leithéid de lipéad i bhfeidhm?

An mbeadh ar scríbhneoirí agus ar iriseoirí barántas a shíniú feasta mar chuid dá gconarthaí foilsitheoireachta nó fostaíochta ina ngeallfadh siad nach mbainfidh siad úsáid as intleacht shaorga?

Agus an mbeadh na hacmhainní daonna agus an t-am ag foilsitheoirí chun mionscagadh a dhéanamh ar chuile théacs a mbeadh lipéad den chineál sin air lena chinntiú nár sháraigh aon údar téarmaí a chonartha – nó an mbeifí ag brath, íorónach go leor, ar intleacht shaorga chun an tseiceáil sin a dhéanamh?

Agus cá háit a mbeadh an líne? Mar shampla amháin, ní bhainim féin úsáid as ChatGPT (na Béithe idir sinn agus an drochrud) ach tá (droch)nós agam le fada abairtí agus leaganacha cainte a chur isteach sna hinnill chuardaigh féachaint cén úsáid a baineadh astu cheana, agus ó am go chéile bainim úsáid as torthaí na gcuardach sin i mo chuid scríbhneoireachta féin. Agus céard faoi na samplaí úsáide a mholtar sna foclóirí ar líne Gaeilge? Is iomaí uair a ‘ghoid’ mé ceann acu sin focal ar fhocal.

Agus leis sin táimid tagtha chuig an dúshlán is mó, dar liom, a bheadh roimh an té a dteastódh uaidh lipéad ‘saor ó intleacht shaorga’ a chur i bhfeidhm.

Céard faoi phróiseas taighde an scríbhneora nó an iriseora?

Cheana féin, tá fás mór millteach ar líon na dtéacsanna atá ar fáil ar baineadh úsáid as intleacht shaorga chun iad a ‘scríobh’ – ach más fíor d’eolaithe áirithe tá súnámaí ceart romhainn.

Fiú mura gcóipeálfadh údar a bheadh i mbun taighde téacs a bheadh scríofa ag intleacht shaorga focal ar fhocal, rachaidh an téacs sin isteach ina intinn agus beidh pé téacs a scríobhfaidh sé féin sa deireadh faoin ábhar sin bunaithe, go pointe, ar théacs ar baineadh úsáid as intleacht shaorga lena chruthú.

Le scéal casta a dhéanamh simplí, tá sé ar nós na mbarr géinmhodhnaithe agus an slabhra bia: luath nó mall, is baolach, beidh lorg na hintleachta saorga ar chuile rud a scríobhfaimid feasta. Ní lorg díreach, b’fhéidir – ach ní bheidh éalú, tá faitíos orm, ón lorg indíreach.

Fág freagra ar 'Níl éalú uaidh – beidh lorg na hintleachta saorga ar gach rud a scríobhfaimid amach anseo'

  • Seán ÓM

    Íorónta go deo – chun a leithéad leipéaid a chur i bhfeidhm, caithfar scrúdú a chur ar theacsanna le cinntiú nach bhfuil aon IS in úsáid.

    Agus níl ach áis amháin a bheadh in ann an scriudiu sin a dhéanamh.

    Seanfhocal nua:

    Aithníonn IS IS eile.