Níl duibheachán sa spéir i Rann an Feirste…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo píosa filíochta as Maigh Eo atá againn ag moladh Rann an Feirste…

Níl duibheachán sa spéir i Rann an Feirste…

1
Is minic dom léamh ar Scéimh Rann na Feirste
An taobh sin de Eacnas ó íochtar
Go bhfuil dealramh ón ngréin le séan ar maidin
Is ní théann sí ar ais go dtí oíche
Níl duibheachán sa spéir ná préachadh ceathanna
Is cuma cén taobh a shéideas an garbhán [stoirm]
Tá foscadh agus féar le fáil ag an eallach ann
Ní bréag nach bhfaca a chuid feorann

2
Ag teacht na mí meán is breá deas an t-amharc
Ar chaobh na feirsead gach taobh di
An searrach is an lao ar na mínte ag macnas ann
Agus uain ag reatha le caoirigh
Tá an coileach sa bhfraoch agus a chírín dearg
An chearc lena thaobh i dtom cíbe agus nead aici
I mí na bhFaoillí bíonn spíonáin aibí ann
Agus úlla ag leagan na gcraobh ann

3
An fear a shiúil Éire le pléisiúr tamall
Le hól agus le haiteas a’ tsaoil
Máistrí an ghéim nárbh fhéidir a mharú
Le féastaí ag mhaithe na tíre
Is iomaí sin ‘seat’ go géar a bhreathnaíos
Farraige, sléibhte agus éadan machaire
Go mba ag comhramh a bhéal idir aer agus talamh
An ‘sway’ ag an bhFeirsead a choíche

4
Tá an charria ann féna cuid beanna
Go síoraí ag faire ar a’ Mám
Tá an eilit agus an lao ina suí ar a’ maidne ann
Sínte ar leapacha fásaigh
Tá an broc is an maol mhaith, naosc agus feadóg,
Crotach, cearc fraoigh, creabhar caoch agus
lachain ann.
Tá na coiníní ag síolrú go líonmhar fairsing
Agus is aoibhinn an eala ag snámh ann

5
Le farasbarr áidh tá áit ar an bhFeirsead
Nach n-ardaíonn neart gaoithe móire
Tá caladh a’ báid is fearr
Ó Ghaillimh go Cuan Chill Ala ar a chósta
Tá curraigh thar sáile gach lá breá reatha ann
Loingeas na Spáinne le mála tobac orthu
Tá Dominic agus Seán ag dul stráiceach á chaitheamh
Agus nach deas an rud baile den tsórt sin

6

Tá saibhir na hÉireann ina dhiaidh go deacrach
‘Sé sin an ‘Top’ leis an bhfírinne
Abhainn Chill tÉana scéimh gach gleann uisce.
I mbéal an lán mhara gach aon oíche
Tá bradán an tséasúir ag éirí chun carraige ann
Breac ina léim ina dhiaidh go macnasach
Níl iasc ar an gcéibh dhá mhéad a ghradaim
Nach féidir a cheapadh le líon ann
7

Tá guí na Naomh go síoraí acu
Agus saol breá fada ag na daoine
Tá macnas ins an oíche ann
Ar caomhacht leo bean a’ tí ag claonadh
ina croí le carthanas
Ar deireadh an tsiamsa bíonn dís le baisteadh ann
Agus fuílleach bainne ag na naíonán.

Chum Séamus Cosgair é seo. Chaith sé tamall i Rinn na Feirsde. B’éigean dó é a fhágáil le bochtanas. Ní raibh teach ná áras aige ansin agus thosaigh sé ag ceannach seithí agus á ndíol arís. An lá seo casadh compánach leis agus dúirt sé: “An é sin an ceard atá agat anois?” leis an gCosgarach. “Is iomaí craiceann a chuireann an óige di,” arsa an Cosgarach ag caitheamh a mhála seithí ar an talamh.

Seán Bairéad as Gleann Chaisil a thug an dán seo do Shíghle Ní Donnchadha a bhí ag teagasc i Scoil an tSiáin Mhóir in Iorras Mhaigh Eo thart ar 1938.

Fág freagra ar 'Níl duibheachán sa spéir i Rann an Feirste…'