Níl Dracula ann dáiríre, ach céard é ‘dáiríre’?

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ba é port na bpúcaí a bhí á chasadh ag na leanaí an mhaidin eile agus ár gcolúnaí ar a dícheall ag iarraidh a gceisteanna a fhreagairt

LeeDracula‘Cé hé Dracula?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an lá cheana. Bhí muid suite ag an mbord ag ithe bricfeasta. Thóg mé blogam maith as an gcaife agus chuimhnigh mé orm féin. Bhain sí geit asam ach ní raibh mé ag iarraidh an cleas céanna a imirt uirthi féin.

‘Is sórt vaimpír atá ann,’ a dúirt mé. ‘Ó!’ a dúirt sí, is chuaigh ar ais chuig a babhla weetabix agus lán ghlaice calógaí arbhair agus criospaí ríse measctha tríd. The usual.  

Lean muid orainn ag ithe agus sórt ciúnais ann mar a bhíonn corruair sula dtosaíonn raic an lae. Bhreathnaigh sí aníos ón mbabhla arís th’éis scaithimh. ‘Céard é vaimpír?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin. Is dócha go raibh mé beagán doiléir le mo chéad fhreagra.

Bhí tuilleadh caife ag teastáil. D’éirigh mé le dhul anonn ag an gciteal is bhuail mo chloigeann faoi cheann den seacht gcéad sciathán leathair plaisteach atá greamaithe ar fud na cistine.

‘Sórt taibhse atá ann,’ a dúirt mé agus mé ag cuimilt mo bhaithis. ‘…a bhíonn ag ól fola,’ a dúirt mé faoi m’anáil ar eagla go gcuirfinn an iomarca faitís orthu.

‘Ó!’ a dúirt sí.

‘Rarrr!’ a bhéic an babaí go tobann, is chaith sé a bhabhla leite anuas ar an urlár go feargach is thosaigh ag iarraidh éalú ón gcathaoir ard. Ní raibh mé cinnte céard a spreag an racht seo, ach thug mé faoi deara go raibh solas an lae díreach tosaithe ag déanamh a bhealaigh isteach sa gcistineach.

Rith sé liom go mb’fhéidir nach caint in aer uilig a bhí sna ceisteanna seo faoi vaimpírí. Rinne mé sracfhéachaint anonn ar an mbabhla glasraí. Chonaic go raibh leathchloigeann gairleoige ann is bhí an chrois Bhríde os cionn an dorais, dá dtiocfadh orm.  

‘Ach, céard é taibhse?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin go mífhoighdeach. ‘Púca,’ a dúirt mé ó bharr mo chinn, is d’fhág mé an sainmhíniú aige sin ós rud é nach raibh foclóir Uí Dhónaill leagtha amach in éineacht leis an marmaláid agus an tósta againn.

‘Ach, ar aon chaoi, níl iontu uilig ach scéalta a chumann daoine le faitíos a chur orthu féin,’ a dúirt mé, ag súil gurb í an fhírinne í. ‘Níl siad ann dháiríre.’

‘Ó!’ a dúirt sí. An é go raibh siad ag magadh fúm nó ag iarraidh mearbhall a chur orm leis na ceisteannaí seo ar fad.

‘Ach céard é dháiríre?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin, is d’airigh mé séideán fuar as áit eicínt.

Fág freagra ar 'Níl Dracula ann dáiríre, ach céard é ‘dáiríre’?'