‘Níl dóthain déanta ag TG4 chun tacú le scríbhneoirí agus litríocht na Gaeilge’ – Esslemont

Deir Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont nach gcoinneofar cainteoirí dúchais agus nach spreagfar foghlaimeoirí, le “cultúr” atá “fréamhaithe” in aistriúchán ón mBéarla

‘Níl dóthain déanta ag TG4 chun tacú le scríbhneoirí agus litríocht na Gaeilge’ – Esslemont

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont nach bhfuil dóthain déanta ag TG4 chun tacú le scríbhneoirí agus litríocht na Gaeilge.

In alt leis san eagrán is déanaí den iris Comhar, deir Esslemont gur chóir don stáisiún Gaeilge béim níos mó a bheith aige ar scríbhneoireacht na Gaeilge mar fhoinse do na cláir.

“Ba cheart go mbeadh scríbhneoireacht na Gaeilge mar thobar inspioráide do chláracha TG4 agus is léir domsa gur cheart do TG4 níos mó tacaíochta a thabhairt do litríocht na Gaeilge, úrscéalta agus saothair fhada phróis go háirithe, chun go ndéanfadh sí cosán i dtreo na teilifíse,” a deir Esslemont.

Luann sé dhá scannán faisnéise “ceannródaíoch” mar shampla den rath a d’fhéadfadh a bheith ar cheangal níos dlúithe idir TG4 agus scríbhneoirí na Gaeilge: Murdair Mhám Trasna atá bunaithe ar an leabhar Éagóir le Séan Ó Cuirreáin agus Rocky Ros Muc, atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Rónán Mac Con Iomaire.

Deir Esslemont gur aistriúchán ar scripteanna Béarla a bhí i gcuid mhór de na drámaí Gaeilge “is cáiliúla a chraol TG4” roimhe seo, “bealach oibre” a d’oir don “lucht féachana náisiúnta” ach a n-eascraíonn ceisteanna eile as.

“Ach ag pointe éigin tá baol ann go mbeadh TG4 ag éirí cosúil le ceann de na bailte, a deirtear, a thóg an Prionsa Potemkin dá leannán an Banimpire Catherine agus í ag taisteal sna tíortha a bhí gafa ag an Rúis – bailte bréige le façade álainn chun duairceas  thírdhreach na tíre a chur i bhfolach,” a scríobhann Esslemont ar ‘Eagrán Mór na Scannán’ den iris Comhar.

Deir Ardstiúrthóir TG4 chomh maith nach chun leas na teanga é go mbeifí ag brath rómhór ar an aistriúchán.

“Má tá muid ag iarraidh, mar phobal mionteanga, cur le líon na gcainteoirí Gaeilge mar gnáth-theanga, ní choinneoidh muid cainteoirí dúchais, nó ní spreagfaidh muid foghlaimeoirí, le cultúr atá fréamhaithe in aistriúchán ón mórtheanga atá againn uile.”

Fág freagra ar '‘Níl dóthain déanta ag TG4 chun tacú le scríbhneoirí agus litríocht na Gaeilge’ – Esslemont'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Nach maith a thuigeann fear na hAlban an scéal.

  • Breathnóir

    Tá an ceart aige. Ach cad é ba chúis leis an rospleáchas seo ar aistriúchán ar TG4 le fiche bliain anuas? Easpa scríbhneoirí cruthaitheacha ag saothrú i nGaeilge, nó easpa muiníne na léiritheoirí agus na gcomhlachtaí teilifíse i bhfiúntas a gcuid saothair? Níl a fhios agam féin, níl mé ach ag cur na ceiste.

  • Iarla

    Déarfainn nach bhfuil mórán den litríocht is déanaí léite ag na léiritheoirí (ná ag mórán daoine eile ar mór leo an teanga, dar leo féin). Tá drámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus cuntais bheatha go leor ann a dhéanfadh sraith breá scannán go ceann na mblianta, agus a thabharfadh spreagadh do na scríbhneoir coinneáil orthu. Níl mórán léitheoirí ann, ach d’fhéadfadh leagain teilifíse cuidiú go mór leis an léitheoireacht a spreagadh agus a léiriú don saol mór go bhfuil a leithéid ann agus litríocht fhiúntach i nGaeilge.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní gá go mbeadh aistritheoirí díomhaoin ar fad. Nach bhféadfaí séasúr de scannáin mhóra idirnáisiunta a chraoladh uair in aghaidh na bliana agus fotheidil Ghaeilge leo, scannáin nach scannáin Bhéarla iad, rud a neartódh léamh na Gaeilge sa chéad áit agus a chuirfeadh lenár n-eolas ar mhórscannáin an domhain ina theannta sin.