Níl Dave Kearney ná éinne eile ag iarraidh glaoch fóin a fháil ó Joe Schmidt

Tabharfar an-seans do Dave Kearney Dé Sathairn dul i bhfeidhm ar Joe Schmidt agus áit a ghnóthú sa phainéal don Chorn Domhanda. Labhair sé le Tuairisc.ie

Imreoir na hÉireann, Dave Kearney. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Imreoir na hÉireann, Dave Kearney. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

In ainneoin go bhfuil an Bhreatain Bheag ag tabhairt a n-aghaidh ar an Aviva an tseachtain seo, is mó an tsuim a chuirfear sa bhfógairt faoi na himreoirí a roghnóidh Joe Schmidt don Chorn Domhanda. An deireadh seachtaine seo, tabharfar deis do Dave Kearney ar an gcliathán agus é san iomaíocht le Simon Zebo, Luke Fitzgerald, Tommy Bowe, Andrew Trimble, Fergus McFadden agus Keith Earls le haghaidh ceann de cheithre áit dos na cliathánaigh sa phainéal don Chorn Domhanda.

“Gan amhras [beidh daoine neirbhíseach]. Bhí go leor cleithmhagadh is cur suas ag na leaideanna mar gheall air ina measc féin; iad ag coimeád a bhfóin múchta agus ag dul go Carton House an lá dar gcionn. Ach measaim go mbeidh ceathaí ar gach éinne. Níl fhios agam conas a bheidh an scéal nó cad a tharlóidh, ach ní bheimid ag iarraidh aon ghlaoch a fháil ó Joe.”

Is léir nach mbeidh aon imreoir ag iarraidh glaoch a fháil ó Schmidt agus drochscéal aige dóibh ach, d’fhear Chúige Laighean, a raibh fadhbanna móra aige le gortuithe ag deireadh na bliana seo caite, beidh an-seans aige Dé Sathairn dul i bhfeidhm ar Schmidt agus áit a bhaint amach dó féin don turas go Sasana.

“Is deis iontach dom é. Ní bhíonn a oiread deiseanna agam agus ba mhaith liom de bharr na hiomaíochta sna trí áit ar cúl. Nuair a tugadh isteach (i gcoinne na hAlban) mé, thuig mé gur féidir leis na fir ionaid tionchar a bheith acu ar thoradh an chluiche.”

Beidh George North ar a aghaidh amach an deireadh seachtaine seo, an chéad cluiche a thosóidh North le seacht mí, tar éis dó comhtholgadh a fhulaingt roimhe seo.

Dúshlán mór a bheas ann. Dean dearmad ar an raiméis a tharla i Stad na Mílaoise roinnt seachtainí é shin. Cluiche ceart crua a bheas ann an uair seo agus ní bheidh Warren Gatland ag iarraidh drochthaispeántas roimh chluichí móra an Chorn Domhanda i gcoinne na hAstráile agus Shasana. B’fhéidir nach mbeidh Kearney féin ag an gcomórtas mura ndéanfaidh sé an beart Dé Sathairn.

“Caithfidh mé na rudaí beaga a dhéanamh i gceart agus cluiche maith a bheith agam. An rud is measa is féidir leat a dhéanamh ná cúrsaí a dheifriú agus a bhrú d’fhonn iarracht a dhéanamh a bheith lárnach sa chluiche. Caithfear fanacht go dtarlóidh rudaí agus má oibríonn duine crua go leor, beidh leis”, a dúirt Kearney.

Foireann na hÉireann: Rob Kearney; Dave Kearney, Luke Fitzgerald, Robbie Henshaw, Keith Earls; Jonathan Sexton, Conor Murray; Jack McGrath, Richardt Strauss, Nathan White; Iain Henderson, Paul O’Connell, Peter O’Mahony, Jordi Murphy, Jamie Heaslip.

Foireann na Breataine Bige: Leigh Halfpenny; Alex Cuthbert, Scott Williams, Jamie Roberts, George North; Dan Biggar, Rhys Webb; Gethin Jenkins, Ken Owens, Tomas Francis; Bradley Davies, Alun Wyn Jones; Dan Lydiate, Justin Tipuric, Taulupe Faletau.

Fág freagra ar 'Níl Dave Kearney ná éinne eile ag iarraidh glaoch fóin a fháil ó Joe Schmidt'