Níl cúrsaí ‘sách maith fós’ chun na srianta Covid-19 a scaoileadh – Varadkar

Deir an Taoiseach chomh maith go bhféadfadh go n-iarrfaí ar dhaoine a n-aghaidh a chlúdach in áiteanna ina bhfuil na treoirlínte maidir leis an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm

Níl cúrsaí ‘sách maith fós’ chun na srianta Covid-19 a scaoileadh – Varadkar

Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh an líon othar a bhí á gcur isteach in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua ná an méid daoine a bhí ag fáil bháis de bharr Covid-19 “sách maith fós” le tús a chur le maolú na srianta dianghlasála.

“Ní dóigh go mbeinn as cor a rá nach bhfuil na figiúirí sin sách maith fós. B’fhéidir go mbeadh feabhas suntasach ar an scéal faoin Aoine, ach mar atá cúrsaí faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil muid ansin go fóill,” arsa an Taoiseach, Leo Varadkar.

Dúirt Varadkar chomh maith go bhféadfadh go n-iarrfaí ar dhaoine a n-aghaidh a chlúdach in áiteanna ina bhfuil na treoirlínte maidir leis an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm, amhail an córas iompar poiblí nó spásanna poiblí laistigh.

Thug sé le fios go bhféadfadh go mbeadh an chomhairle nua seo á tabhairt faoi dheireadh na seachtaine seo. 

Dúirt Varadkar nach raibh na heolaithe ar aon intinn fós faoi thairbhe na mascanna go fóill, ach gurb é an nós a bhí ann anois ar fud an domhain iarraidh ar dhaoine ceann a chaitheamh.

Dúirt sé go raibh súil aige a bheith in ann plean a chur ar fáil go luath faoin tslí a ndéanfar na srianta a mhaolú.

Tá plean maidir le scaoileadh na dianghlasála geallta ag an Rialtas. Cén plean atá ag tíortha eile?

“Tá súil againn a bheith ábalta an straitéis atá againn leis an dianghlasáil a scaoileadh a roinnt le muintir na tíre laistigh de chúpla lá, nó go cinnte ag an deireadh seachtaine. Beidh comhairle nua á cur orainn ag an bPríomh-Oifigeach Leighis ar an Aoine maidir le cén uair ba cheart dúinn tús a chur leis an bpróiseas chun an eacnamaíocht agus an tír a oscailt arís,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé gur thuig sé go raibh daoine “mífhoighneach bailithe”faoin tráth seo.

Dar leis an Ollamh Sam McConkey, saineolaí ar ghalair thógálacha i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, gur dóigh leis féin go ndéanfadh sé leas do mhuintir na tíre seo dá scaoilfí de bheagán cuid de na srianta.

D’fhéadfaí cead a thabhairt do dhaoine dul amach agus a bheith slán sábháilte ach cloí leis an scoitheadh sóisialta, a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Sam McConkey gur beag riosca a bhí ann agus go raibh sé réasúnta sábháilte ag leanaí agus daoine atá os cionn 70 bliain d’aois dul amach taobh amuigh ag obair nó ag spraoi chomh fada agus a gcoinníonn daoine amach óna chéile agus go gcaitheann siad mascanna.

Trí seachtaine eile sula mbeidh an sprioc tástála bainte amach

Dúirt McConkey nach féidir ráig eile den choróinvíreas a sheachaint agus go gcaithfear a bheith ábalta an galar a aithint taobh istigh de chúpla uair an chloig ionas gur féidir fáil amach cé air a bhfuil sé agus an duine sin agus a theagmhálaithe a leithlisiú ionas nach leanfaidh sé air ag scaipeadh. 

Idir an dá linn, dúirt Ollamh le Víreolaíocht Mhóilíneach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste gur “cur chuige uile-oileáin” an bealach is fearr le scaipeadh Covid-19 sa phobal a cheansú ach a maolófar na srianta.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland, dúirt an tOllamh Ultan Power má bhíonn an cur chuige céanna sa dá dhlínse ar an oileán seo i gcás daoine a thiocfaidh isteach ann nach ligfear isteach an galar in athuair. 

Fág freagra ar 'Níl cúrsaí ‘sách maith fós’ chun na srianta Covid-19 a scaoileadh – Varadkar'