Níl cúis ar bith nach féidir leis na Bulls bua eile as baile a fháil

Dhá fhoireann ón Afraic Theas, na Stormers agus na Bulls, a imreoidh gcluiche ceannais an URC in Cape Town anocht

Níl cúis ar bith nach féidir leis na Bulls bua eile as baile a fháil

Is trua nár éirigh le haon fhoireann ón limistéar seo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an URC a imreofar i gCape Town anocht. Is ag dhá fhoireann ón Afraic Theas, na Stormers agus na Bulls atá an onóir sin.

Cúpla seachtain ó shin, bhí mé ag scríobh faoin droch-staid inar raibh an cluiche san Iodáil agus sa mBreatain Bheag mar nach raibh foirne ó na tíortha sin in ann áit sna babhtaí ceathrú ceannais a shlánú. Ag an bpointe sin den chomórtas bhí trí fhoireann ón tír seo san iomaíocht agus bhí ceann acu sin, Cúige Laighean, mar rogha na coitiantachta le greim a fháil ar an gcraobh don chúigiú huair as a chéile. Bhí an splanc sin fós lasta roimh imirt na mbabhtaí leath-cheannais seachtain ó shin mar go raibh Cúigí Laighean agus Uladh san iomaíocht i gcoinne na mBulls agus na Stormers .

Ach ní mar a shíltear a bítear, agus in ainneoin sár-iarracht sa mbaile ó na Laighnigh bhí bearna de phointe amháin idir na foirne ag deireadh an chluiche sin, toradh a bhain stangadh as domhan an rugbaí. Níor amhlaidh go raibh Bulls níos aclaí, níos eagraithe ná na níos sciliúla ná Cúige Laighean, mar nach raibh,  bhí siad níos mó agus i bhfad níos fisiciúla na fir Átha Cliath, díreach mar a bhí La Rochelle coicís ó shin. Mar bharr ar an mí-ádh agus in ainneoin an taispeántais mhíorúiltaigh ó na hUltaigh san Afraic Theas, ghoid na Stormers an cluiche sin le dhá phointe san ochtú tríú nóiméad, toradh a d’fhág a lucht leanúna croí-bhriste agus lucht bainistíochta rugbaí sa limistéar seo ag ceistiú a bhfuil i ndán don chomórtas agus don chinneadh a glacadh maidir le foirne an hAfraice Theas a bheith ag imirt san URC.

Mar a tharla san RDS oíche Dé hAoine seo caite nuair a chuir na Bulls an ruaig ar Chúige Laighean, bhí na Stormers níos mó agus i bhfad níos fisiciúla, rud a thug buntáiste dóibh ag deireadh an lae.

Sa bhfadtéarma is cinnte gur údar mór imní an easpa méide agus toirte sin i measc thosaithe  na tíre seo, ní hamháin san URC ach i gCorn na gCuradh ina mbeidh trí fhoireann ón Afraic Theas ag imirt an chéad séasúr eile. Sa ngearrthéarma beidh muid ag súil go mbeidh foirne na Fraince in ann na Boks a cheansú.

Maidir le craobhchluiche an lae inniu, is iad na Stormers rogha na coitiantachta.  Ní hamháin go bhfuil buntáiste an bhaile acu ach ní raibh orthu turas fada ó Átha Cliath a dhéanamh mar a rinne na Bulls. Is iad a bhuaigh an comórtas inmheánach idir foirne na hAfraice Theas a d’imir san URC freisin.

Tá drogall ormsa toradh a thuar.  Táim fós ag ceistiú imirt Chúige Laighean sa gcluiche leathcheannais, toradh a thabharfas misneach do na Bulls. Níl cúis ar bith nach féidir leo bua eile as baile a aimsiú.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach féidir leis na Bulls bua eile as baile a fháil'