‘Níl cinneadh tógtha go fóill’ faoina bhfuil i ndán do Ravelóid

Ní dhéanfar aon chinneadh mar gheall ar iarracht eile an fhéile cheoil Ravelóid a chur ar bun go dtí go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na cúiseanna nár éirigh le féile na bliana seo

‘Níl cinneadh tógtha go fóill’ faoina bhfuil i ndán do Ravelóid

Ní dhéanfar aon chinneadh mar gheall ar iarracht eile an fhéile cheoil Ravelóid a chur ar bun go dtí go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach déanta ar na cúiseanna nár éirigh le féile na bliana seo.

Cuireadh Ravelóid ar ceal i mBealtaine na bliana seo nuair a chlis ar na hiarrachtaí a bhí ar bun dóthain ticéad breise a dhíol a thabharfadh slán an fhéile ón tsáinn airgid ina raibh sí. Reáchtáladh mionfhéile chathrach i mBaile Átha Cliath, ’Ravelóid sa Chathair’, nuair a theip ar an mórfhéile a bhí le reáchtáil mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain 1916-2016.

Tuigtear do Tuairisc.ie go gcuirfear tús leis an athbhreithniú sin ag cruinniú de stiúrthóirí an chomhlachta Ravelóid Teo atá le bheith ann an tseachtain seo. Pléifear freisin a bhfuil i ndán don chomhlacht féin agus na féidearthachtaí a bhaineann le féile eile a chur ar bun amach anseo.

Idir an dá linn, dheimhnigh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, do Tuairisc.ie nach bhfuil “aon chinneadh tógtha faoi a leithéid d’fhéile a chur ar bun”. Ní dhéanfaí, ach an oiread, aon chinneadh faoin bhféile “sa ghearrthréimhse,” a dúirt Uachtarán an Chonartha.

Bhí caint ann i measc bhaill foirne Chonradh na Gaeilge le roinnt seachtainí anuas go bhféadfaí iarracht eile a dhéanamh féile cheoil deireadh seachtaine a chur ar bun mar chuid de ‘Bliain na Gaeilge’ Chonradh na Gaeilge i 2018.

Nuair a cuireadh ar ceal an fhéile níos túisce i mbliana, dúradh go raibh sé i gceist a leithéid d’ócáid a eagrú arís sna blianta amach romhainn.

Déanfar comóradh le linn ‘Bliain na Gaeilge’ ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge. Phléigh baill foirne an Chonartha le deireanas na féidearthachtaí a bheadh ann mórfhéile cheoil a chur ar siúl mar chuid den bhliain chomórtha sin.

Tiocfaidh stiúrthóirí an chomhlachta Ravelóid Teo le chéile an tseachtain seo le teip an tsamhraidh seo a iniúchadh agus lena bhfuil i ndán don chomhlacht, agus d’aon fhéile eile a chuirfí ar bun, a phlé.

Tá tús á chur faoi láthair ag Conradh na Gaeilge leis an bpleanáil le haghaidh ‘Bliain na Gaeilge 2018’ agus seisiún eolais agus pleanála beartaithe acu don mhí seo chugainn.

Bhí Ravelóid le bheith ar siúl ag Caisleán Ard Giolláin i gContae Átha Cliath an 10-11 Meitheamh agus í á heagrú ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Nós agus Oireachtas na Gaeilge. D’éirigh Oireachtas na Gaeilge as an bpáirt a bhí acu i bpleanáil na féile níos túisce i mbliana.

Fág freagra ar '‘Níl cinneadh tógtha go fóill’ faoina bhfuil i ndán do Ravelóid'

  • Feardorcha

    Buíochas le mac Dé go bhfuil Bliain na Gaeilge ar na bacáin. Ach goilleann sé orm (tá smut den tOCD orm seans) nár smaoinigh éinne go fóill ar Mhí na Gaeilge a chur sa tsiúl. Tá an ghearrthréimhse slán le ‘Lá na Gaeilge’ agus ‘Seachtain na Gaeilge’ agus clúdóidh ‘Bliain na Gaeilge’ cúrsaí fadtéarmacha … ach cad faoin aonad ama idirmheánach úd, an mhí (nó, go sábhála Dia sinn, an ráithe Ghaelach!). Táim dearg le bís.