Níl Ciarraí ná Tír Eoghain ag déanamh deimhin dá ndóchas

Tá an t-amhras i gcónaí ann maidir le cumas cosanta Chiarraí, ach ní gníomh aonair í an chosaint ach gníomh foirne

Níl Ciarraí ná Tír Eoghain ag déanamh deimhin dá ndóchas

Seán O'Shea, Ciarraí, agus Kieran McGeary, Tír Eoghain. ©INPHO/Ryan Byrne

Is minic i gcaitheamh na bliana é ráite faoi fhoireann seo Chiarraí ná fuil de neart aigne ná coirp iontu cosaint cheart a dhéanamh ar a mbáide agus gur an tráth seo den mbliain, sa luathfhómhar, a bheadh san le feiscint go paiteanta.

Bhí an léas déanach solais ag tréigean Pháirc Tailteann na hUaimhe Dé Sathairn seo caite agus an doircheacht ag teacht sa bhaile nuair a bhuaileas isteach i dtigh óil, áit a raibh saoithe na caide ag cogaint na cíorach agus ag scagadh a raibh feicthe níos luaithe acu. 

‘Cluiche gan mhaith’ a dúirt fear amháin. ‘Imirt éadrom shuáilceach, gan bris, gan bua ná buille comhraic,’ a dúirt duine eile. Níl agam ach mar a chuala uathu i gcontae na Mí é ach chuala arís an tseachtain seo aige baile i gCorca Dhuibhne é.

Bhuaileas le fear gnó i mbaile an Daingin inné, fear atá luaite go láidir le maoiniú na caide sa chontae, agus ní chuirfeadh sé aon ní ach lagmhisneach ort a bheith ag éisteacht leis. “As na ceithre foirne atá fágtha,” a dúirt sé, “sinne an dream is laige agus is lú iontaoibh”. “Bheifeá á rá san,” arsa mise leis, “agus gan ach sinn féin agus na Dubs fanta inár seasamh tar éis an deireadh seachtaine,” agus is dóigh liom gur mar sin a bheidh leis.     

Má bhí spreagadh, ag teastáil ó aon fhoireann a chuaigh go Páirc an Chrócaigh riamh ón gcontae, tá sé le clos ag imreoirí Chiarraí an tseachtain seo ach an chluas a bheith ar bior chun éisteachta acu. 

Braitheann scata go bhfuilid ró-óg, róghlas agus róshaonta chun aon ní cóir a dhéanamh i mbliana. An bhliain seo chughainn b’fhéidir, a deir na húdair, ach aon ní a bhainfear amach an deireadh seachtaine seo, is ag cur le triall an tsamhraidh a bheidís.

Tá sé ráite riamh, agus tuigeann muintir Mhaigh Eo é seo níos fearr ná aoinne, gur mairg don té a dhéanfadh deimhin dá dhóchas. 

Cuirfidh lucht leanúna Chiarraí chun bóthair inniu is amárach agus gan puinn eile ina gcroí ach dóchas. Ní hionann agus blianta eile agus iad ag tabhairt fé chontae Uí Néill a threascairt, tá umhlaíocht le braistint athuair agus meoin an íochtaráin go tréan ina gcuid cainte. 

Ní haon ualach dóibh an umhlaíocht agus aithnítear, chomh maith, nach i gcónaí a bheidh foirne Chiarraí ina n-íochtaráin. Tá san amhlaidh toisc go bhfuil cúig bliana ó chuir Sam Maguire fé sa Ríocht. Tá sé amhlaidh chomh maith toisc nár thréig Sam a áras Cois Life sa tréimhse chéanna ná ní lú ná go bhfuil aon fhianaise go dtí seo i mbliana ann go dtréigfidh. 

Ní féidir breith a thabhairt ar an dara cluiche leathcheannais amárach gan tagairt a dhéanamh don aimsir bhriste. Ainneoin é bheith ráite fúthu nach dtaitníonn an chaid fhliuch le tosaithe Chiarraí go háirithe agus le foirne Chiarraí i gcoitinne, tabhair fé ndeara gur bhuaigh Ciarraí an cluiche deireanach craoibhe idir iad féin agus Tír Eoghain i gcluiche a imríodh sa bháisteach in 2015. 

Ní mór an gaol a bheidh ag an dá chluiche lena chéile ach más fliuch nó tirim é, agus beag beann ar chur chuige na bhfoirne, beidh an tábhacht chéanna leis an gcaid sciorrtha agus le ciceanna saora. 

Ní haon scéal nua é gurb iad Tír Eoghain máistrí na gciceanna saora. Trí chúilín as gach deich i mbliana acu, tháinig ó chic saor. Seisear imreoirí ó Thír Eoghain a bhí mbun na gciceanna sa chraobh i mbliana agus le Peter Harte (1-21), Cathal McShane (0-23), Conor McAliskey agus Niall Morgan (0-3 araon), Kyle Coney agus Darren McCurry (0-1 araon) ina mbun, is léir nach bhfuil aon easpa cruinnaimsitheoirí ós na ciceanna saora orthu

Scéal eile ar fad é, áfach, na ciceanna saora nach n-aimsítear, Dá mbeadh Niall Morgan níos cruinne agus níos ciallmhaire sa dara leath de chluiche leathcheannais na hÉireann ceithre bliana ó shin, ‘siad Tír Eoghain a bheadh dulta in adharca Átha Cliath sa chéad chraobh as ceithre cinn a bhuadar. Scéal thairis, ach scéal a d’fhéadfadh teacht ina gcoinne arís amárach.

Is cuma cén chaint a deintear, cé méid a scrítear agus cé méid a cloistear fé chiceanna amach sa lá atá inniu ann, tá préamh i bhfad níos doimhne leis an scéal – seilbh na caide a bheith agat ar ais nó ar éigean. Is í an tseilbh an máistir ar an uile chluiche sa lá atá inniu ann. Níl sna ciceanna amach, sa ghreamú i lár an gharraí agus i gcruthú na bpócaí spáis ach snas agus toradh ar phréamh na seilbhe. 

Nuair a thagann sé chuig tráth seo na cinniúna idir na ceithre foirne is fearr sa tír, go háirithe leis an aimsir bhriste agus go háirithe áirithe ar fad, in aghaidh Thír Eoghain, caithfear bheith toilteanach dul sa ghleo agus na lámha a shailiú le buachtaint na caide.

Beidh caint as seo go 3:30 tráthnóna amárach ar ról Cholm Cavanagh do Thír Eoghain, ar mar a raghaidh Ciarraí i ngleic le maoir agus le báillí an stua cosanta ag Tír Eoghain agus ar an mbearna sin idir cosaint is frithionsaí a chúngú. Beidh caint, leis, ar chomhraic aonair ar nós an chomhraic a d’fhéadfadh bheith idir Párdaig Hampsey agus Paul Geaney nó idir Ronan McNamee agus David Clifford ar thaobh amháin na páirce agus beidh cainte ar Foley agus Morley ar thaobh na gCiarraíoch agus iad ag iarraidh McShane agus Donnelly a cheansú. 

Is caint thomhaiste, mheáite, chothrom a bheidh i gcuid mhaith di ach i ndeireadh an lae, buafar agus caillfear an cath seo ar chaid sciorrtha agus ar chiceanna saora. Cé aige a bheidh an chaid agus ar feadh cén fhad? Seilbh agus stuaim i mbun seilbhe. 

Níl Ciarraí ná Tír Eoghain ag déanamh deimhin dá ndóchas ach ní féidir neamhaird a dhéanamh den bhfíric go bhfuil buaite dhá bhabhta cheana sa chraobh ar Thír Eoghain agus, bíodh iontaoibh againn astu nó ná bíodh, tá Ciarraí dochloíte sa chraobh go dtí seo. 

Tar éis a gcloíte i gcluiche ceannais na bliana seo caite agus i gcluiche leathcheannais na bliana 2017, táim le beagnach bliain ag rá gurb iad Tír Eoghain is dóchúla a stopfadh sodar na nDubs. Táim chun mo phort a athrú anois, áfach, toisc oiread dul chun cinn gan choinne bheith déanta ag Ciarraí idir shraith agus chraobh i mbliana. 

Tá an t-amhras i gcónaí ann maidir lena gcumas cosanta ach ní gníomh aonair í an chosaint ach gníomh foirne.   

Má tá tosaithe támáilte Chiarraí toilteanach a lámha a shailiú ar mhaithe lena gcomhghleacaithe laistiar díobh an uair seo, is leo a bheidh rith an ráis.

Ar bheith tagtha chomh fada seo, níl aon chúlú. 

Fág freagra ar 'Níl Ciarraí ná Tír Eoghain ag déanamh deimhin dá ndóchas'