Níl blas iontaoibhe fanta ag daoine i mbille oidhreachta na dTrioblóidí

Tá deifir mhíchuibhiúil ar rialtas na Breataine i leith oidhreacht na dTrioblóidí

Níl blas iontaoibhe fanta ag daoine i mbille oidhreachta na dTrioblóidí

Príomh-Choimisinéir ceaptha agus post do choimisinéir eile fógartha chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí. Fuadar chun oibre ar rialtas na Breataine is cosúil. Ach céard is brí leis nuair nach bhfuil bonn reachtúil faoi?

D’fhógair Státrúnaí Thuaisceart Éireann Déardaoin go raibh an t-iarThiarna Phríomh-Bhreitheamh Declan Morgan ceaptha mar cheannasaí ar an gCoimisiún neamhspleách Athmhuintearais agus Faisnéise. Dhá lá roimhe sin fógraíodh post do choimisinéir a bhaileodh eolas don bhforas sin.

Cairt curtha roimh an gcapall déarfá. Níl Bille Thrioblóidí Thuaisceart Éireann (Oidhreacht agus Athmhuintearas), nó an Bille Oidhreachta mar a thugtar air rite fós. Tugadh céim an choiste chun críche i dTeach na dTiarnaí Déardaoin. Lena linn cuireadh in iúl go nglacfadh Declan Morgan ceannas ar an obair agus dhearbhaigh Heaton-Harris an ceapachán ina dhiaidh sin.

Bhí meas ar Declan Morgan mar Thiarna Príomh-Bhreitheamh agus bhí a fhios gur mheas sé gur cheart déileáil níos fearr le cás na n-íobartach. In 2016 mar Phríomh-Bhreitheamh chuaigh sé i gcomhairle le híobartaigh a bhí ag fanacht blianta le hionchoisní faoi bhás a muintire in eachtraí le linn na dTrioblóidi, ina measc muintir Bhaile Ui Mhurchú. Bhunaigh sé aonad speisialta chun ionchoisní a éisteacht ar suas le 100 cás.

Tá cosc ar ionchoisní ar chásanna stairiúla den chineál sin i measc na bhforálacha sa Bhille Oidhreachta conspóideach a thabharfadh faoiseamh ó chúiseamh d’iarshaighdiúirí agus do pharaimíleataigh. Sé plean an rialtais ‘líne a tharraingt faoi’ fhiosruithe, cúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta a d’eascair as na Trioblóidí. Sárú ar chearta daonna is ea é, masla d’íobartaigh agus sciath chosanta do chiontóirí. In áit riar na córa bunófar Coimisiún chun faisnéis a bhailiú – is air sin a bheidh ceannas ag an iarThiarna Príomh-Bhreitheamh.

Ní bheidh ról ag Sir Declan i leasú an Bhille Oidhreachta agus má cheap an Státrúnaí go gciúnódh a cheapachán lucht cáinte an phlean, bhí dul amú air. Bhí idir íobartaigh, na páirtithe polaitíochta ar fad thuaidh agus theas agus eagraíochtaí cearta daonna dubh dóite in aghaidh an bhille agus a aidhm chun ‘líne a tharraingt’ faoi na Trioblóidí ón tús. Treisíodh ar an bhfreasúra nuair a léirigh Heaton Harris go raibh sé ag gluaiseacht chun tosaigh faoi lán seoil beag beann ar an gcáineadh.

Ní hamháin go bhfuil sé neamhghnách a bheith ag ceapadh feidhmeannaigh d’fhoras sula ritear reachtaíocht chun an foras sin a bhunú ach bhí geallúint tugtha ag Heaton-Harris go mbeadh dianphlé sna seachtainí beaga seo romhainn faoi leasuithe ar an mbille conspóideach roimh chéim na tuairisce. Is aisteach an bealach é chun muinín a chothú i bplean a dtugtar náire shaolta air. Is léir go bhfuil rialtas na Breataine diongbháilte go n-achtófar an bille seo roimh bhriseadh an tsamhraidh. Más gnóthaí inmheánacha na gCaomhach – féirín a chaitheamh chuig eite Boris Johnson agus lucht tacaíochta na n-iarshaighdiúirí nó cúis éigin eile atá leis – tá deifir as cuimse ar rialtas na Breataine, beag beann ar éilimh ón Tuaisceart.

Ba bheag muinín a bhí ag íobartaigh as geallúintí an Státrúnaí Heaton-Harris go ndéanfaí leasuithe suntasacha ar an mBille a d’athródh an scéal ó bhonn (‘gamechanger’ a dúirt sé) ach níl blas iontaoibhe fanta i bhfianaise imeachtaí na laethanta beaga seo caite. “Is é an t-aon ‘athrú ó bhonn’ a d’fhéadfadh rialtas na Breataine a dhéanamh ar an mbille é a chur ar ceal scun scan,” a dúirt Amnesty, an port céanna a bhí ag go leor eile.

Is deacair a shamhlú conas a d’fhéadfadh aon toradh fiúntach a bheith ar scéim a cheilfidh an ceart, nó fiú deis chun a dhul sa tóir ar an gceart, ar dhaoine.

Beidh dlíodóirí gnóthach go ceann blianta ag tabhairt dúshlán an phlean ach íobartaigh ag dul in aois gan faoiseamh agus glúnta eile ag sú isteach pian agus mímhuinín sa bhunaíocht.

Ní haon chlabhsúr ar oidhreacht na dtrioblóidí é sin.

Fág freagra ar 'Níl blas iontaoibhe fanta ag daoine i mbille oidhreachta na dTrioblóidí'